Feabhas ag teastáil má tá Éire chun Sasana a chloí i mBaile Átha Cliath

Ní raibh aon chúis náire sa taispeántas a thug Éire in aghaidh na Fraince i Metz ceithre lá ó shin ach caithfear níos mó deiseanna a chruthú anocht

Feabhas ag teastáil má tá Éire chun Sasana a chloí i mBaile Átha Cliath

Éire v Sasana – Staid Aviva, 7.30in (Beo ar RTÉ2)

Is ag léim ón tine chun na gríosaí atá foireann sacair na hÉireann anocht. Tar éis dóibh cailliúint in aghaidh na Fraince Dé hAoine seo caite, casfaidh na hÉireannaigh anois ar Shasana, a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais Chorn an Domhain anuraidh agus a bhuaigh comórtas EURO 2022 an bhliain roimhe.

Ní raibh aon chúis náire sa taispeántas a thug Éire in Metz ceithre lá ó shin. Chaill foireann Eileen Gleeson 1-0 i gcoinne an tríú foireann is fearr ar domhan, ach caithfidh na hÉireannaigh níos mó muiníne a léiriú más leo dea-thoradh a fháil anocht.

Thuigfeá cén fáth gur fhill Éire ar an imirt chosantach sa bhFrainc ach ba dhona an cor coise a bhain an fhoireann aisti féin nuair a ghéilleadar cúl bog agus gan seacht nóiméad imeartha. Níor scóráil an Fhrainc arís sa chluiche ach ní raibh aon bhaol ann don fhoireann bhaile go dtiocfadh Éire ar ais ar comhscór ach an oiread. Iarracht amháin a tugadh ar chúl na Fraince agus níor aimsíodh an sprioc leis an iarracht sin féin.

Bhí Katie McCabe, agus go mór mór Denise O’Sullivan, ar a gcompord oíche Dé hAoine in Metz agus bheidh Gleeson ag súil go ngríosóidh cluiche in aghaidh Shasana agus slua mór san Aviva iad.

Feicfimid an ndéanfaidh an bainisteoir aon athruithe ón bhfoireann a thosaigh in aghaidh na Fraince. Tá sé deimhnithe go bhfuil Jess Ziu curtha as an áireamh agus teannán na hioscaide gortaithe aici agus tá amhras ann chomh maith an mbeidh Amber Barrett ar fáil tar éis don tosach an pháirc a fhágáil le gortú deich nóiméad tar éis di teacht isteach mar ionadaí.

An scéal mór ó champa Shasana ná go bhfuil captaen na foirne, Leah Williamson, chun an cluiche anocht a thosú, an chéad chluiche aici do Shasana ó bhain drochghortú glúine di anuraidh.

Bhí Williamson ar an mbinse don chluiche in aghaidh na Sualainne Dé hAoine a chríochnaigh ar comhscór, 1-1. Tá Williamson ar dhuine de cheathrar i scuad Shasana a imríonn le Katie McCabe le Arsenal.

Ba dhuine den cheathrar sin, Alessia Russo, a d’aimsigh cúl Shasana in aghaidh na Sualainne ach tá imreoirí láidre acu ar fud na páirce, Lauren Daly, Lauren Hemp agus Keira Walsh ina measc.

Beidh coimhlint shuimiúil ar an gcliathán idir McCabe agus Lucy Bronze, beirt imreoirí ar breá leo dul ar an ionsaí agus caithfidh McCabe an ceann is fearr a fháil sa choimhlint sin má tá údar ceiliúrtha le bheith ag an slua baile anocht.

Fág freagra ar 'Feabhas ag teastáil má tá Éire chun Sasana a chloí i mBaile Átha Cliath'