‘Díomá’ ar ÚnaG faoi chailleadh postanna i SIOEN

Gairméidí Caomhnaithe Dhún na nGall Teo (SIOEN) chun cuid dá tháirgeacht a aistriú chuig comhchomhlacht leis sa Rómáin.

udaras_051-1024x681

Tá “díomá” ar Údarás na Gaeltachta faoin scéal go bhfuil an comhlacht Gairméidí Caomhnaithe Dhún na nGall Teo (SIOEN) chun cuid dá tháirgeacht a aistriú chuig comhchomhlacht leis sa Rómáin.

Fágann cinneadh an chomhlachta go bhfuil líon na bhfostaithe atá acu ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair le laghdú agus chuir SIOEN in iúl d’Údarás na Gaeltachta inniu go bhfuil sé le dul i mbun próiseas comhairliúcháin leis na fostaithe.

Dúradh go raibh an comhlacht, a dhéanann éadach speisialta ar nós éadaí báistí, seaicéid tharrthála agus seaicéid ard-infheictheachta.

Ba thrua le hÚdarás na Gaeltachta cinneadh SIOEN, ach d’fháiltigh siad roimh an fhógra go mbeadh an comhlacht ag fanacht ar an Pháirc Ghnó, cé gur ar scála níos lú a bheidh sé feidhmiú.

“Tá an comhlacht ag feidhmiú i margadh atá fíor iomaíoch agus in iomaíocht le tíortha eile táirgeachta d’ísealchostas. Tá sé tugtha le fios ag bainistíocht Ghairméidí go bhfuil gá an gnó a dhaingniú agus costais iomlán a laghdú,” a dúradh I ráiteas ón Údarás.

Tá 34 duine fostaithe ag an gcomhlacht agus tá Údarás na Gaeltachta ag cur tacaíochta ar fáil do SIOEN ó bunaíodh é i 1981.

Beidh SIPTU páirteach sa próiseas comhairliúcháin atá le tionscnamh leis na fostaithe.