Díomá ar na foirne a chaill cluichí ceannais na gcúigí ach ceachtanna le foghlaim a sheasfaidh dóibh

Níl fágtha againn ach ceithre fhoireann i gcraobh iomána na gclubanna agus na camáin caite uathu ag trí dhream eile tar éis dóibh cailliúint an deireadh seachtaine seo caite

Díomá ar na foirne a chaill cluichí ceannais na gcúigí ach ceachtanna le foghlaim a sheasfaidh dóibh

Cormac Doherty ó Shleacht Néill. Pic: INPHO/Bryan Keane

An deireadh seachtaine seo caite, d’fhág trí fhoireann shinsir iomána an stáitse agus anois níl ann ach na ceithre chlub atá fós san iomaíocht don duais is mó in iomáint na gclub. 

An tseachtain seo chugainn beidh mé ag scríobh faoi chluichí leathcheannais na hÉireann a bheidh ar siúl ach inniu, ba mhaith liom scríobh faoi na foirne a chaill seachtain ó shin.  

Tosóidh mé leis an gcluiche a bhí ann ar an Satharn agus seaimpíní Átha Cliath, Na Fianna, ag tabhairt ardtaispeántais i gcoinne Ghaeil Uí Lochlainn. Bhí trua agam d’fhir na hardchathrach mar bhíodar thar a bheith eagraithe agus thugadar lán a mboilg dos na Gaeil, go háirithe sa dara leath. Go dtí gur séideadh an fheadóg dheiridh, bhí sé beagnach dodhéanta a rá cé a bhuafadh an cluiche. D’imir na Fianna an-chluiche. Bhíodar cothrom sé huaire sa dara leath agus nuair a scóráil Seán Currie an chéad chúl a ghéill na Gaeil le ceithre chluiche anuas, bhí an ghaoth i seolta na bhFianna.  

Mar a dúirt mé, bhíodar gob ar ghob go dtí an deireadh agus cinnte bhí an-díomá ar na Fianna ina dhiaidh. Bhíodar chomh maith leis na Gaeil an oíche sin agus do thréimhsí bhíodar níos fearr ach ag an deireadh bhí níos mó scóranna ar chlár na scór ag leaids Chill Chainnigh agus sin an rud is tábhachtaí. Cuireann fear Luimnigh Brian Ryan go mór leo mar a dhéanann iar-laoch Átha Cliath Liam Rushe, a d’aistrigh go dtí an cumann cúpla bliain ó shin, ach an uair seo, bhí beagáinín eile ag teastáil. 

Ar an Domhnach ansin chríochnaigh an séasúr don dá chlub eile. Roimh chluiche ceannais na Mumhan, ní raibh aon duine ag tabhairt mórán seans do Chluain Lára agus iad i gcoinne ceann des na clubanna is fearr sa tír le tamall de bhlianta, Baile Gunnair. Agus sa chluiche féin bhí sé soiléir go luath nach mbeadh Cluain Lára maith go leor chun na Déisigh a shárú.  

Thosaigh John Conlon ag uimhir a deich ach cé gur scóráil sé an chéad chúilín sa dá leath, ní raibh aon tionchar aige ar an chluiche. B’amhlaidh an scéal ag Colm Galvin. Pé seans a thug aon duine do leaids an Chláir, is cinnte go raibh taispeántais ‘mhóra’ ag teastáil ón bheirt sin. Ach, mar a scríobh mé an tseachtain seo caite, is foireann dhochreidte í ceann Bhaile Gunnair agus ní hí Cluain Lára an chéad fhoireann a bhfuil léasadh faighte acu uaithi.  

Cé go raibh díomá orthu ag críoch an tséasúir, bhí bliain thar a bheith sásúil ag Cluain Lára in 2023. Chualamar John Conlon ag labhairt i rith an tséasúir faoin spiorad a chothaíodar i rith na bliana agus an dáimh ar leith a bhí idir na himreoirí. Bhaineadar amach an sprioc a bhí acu don bhliain, is é sin craobh an chontae a bhuachan, agus d’fhoghlaimíodar ceacht an Domhnach seo caite a sheasfaidh dóibh in 2024. 

Ó thuaidh, bhí cluiche i bhfad níos cothroime againn nuair a bhuail Sleacht Néill as Doire agus Ruairí Óg, Bun Abhann Dalla as Aontroim lena chéile. Cé nach raibh ach ceithre chúilín idir na foirne ag an deireadh, bhí leaids Aontroma níos fearr sa chluiche ina iomlán agus an bua tuillte acu. Beidh Ruairí Óg anois i gcoinne Ghaeil Uí Lochlainn i gcluiche leathcheannais na hÉireann Dé Domhnaigh seo chugainn. 

Is féidir le leaids Dhoire na camáin a leagan uathu anois ar feadh tamaillín agus cluiche ceannais Uladh caillte acu don dara bliain as a chéile. 

Is fiú cuimhneamh gur bhuadar cúig cinn de na sé chraobh a bhí ann roimhe sin, agus níl aon amhras ach go mbeidh Sleacht Néill ar ais go láidir an bhliain seo chugainn agus iad ag leanúint orthu leis an obair iontach atá déanta ag an gcumann le roinnt blianta anuas. 

Níl fágtha anois againn ach ceithre fhoireann agus iad ag iarraidh Craobh na hÉireann a bhuachan. Gheobhaidh muid ár gcéad amharc le roinnt seachtainí ar Naomh Tomás na Gaillimhe nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Bhaile Gunnair an deireadh seachtaine seo chugainn agus Ruairí Óg agus Gaeil Uí Lochlainn a bheidh ag casadh ar a chéile sa chluiche eile. 

Fág freagra ar 'Díomá ar na foirne a chaill cluichí ceannais na gcúigí ach ceachtanna le foghlaim a sheasfaidh dóibh'