Díomá ar lucht scannáin nár roghnaíodh scannán Gaeilge le cur chun cinn do na gradaim Oscar

An scannán faisnéise Gaza a roghnaigh IFTA mar iontráil na hÉireann don scannán is fearr i dteanga eile seachas an Béarla d’Oscars na bliana seo chugainn, scannán atá in Araibis den chuid is mó

Díomá ar lucht scannáin nár roghnaíodh scannán Gaeilge le cur chun cinn do na gradaim Oscar

Tá lucht déanta an chéad fhadscannáin Ghaeilge a rinneadh faoin scéim Cine4 míshásta nár roghnaigh IFTA scannán Gaeilge le cur san iomaíocht ar son na hÉireann do ghradaim Oscar na bliana seo chugainn.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt an léiritheoir de chuid Abú Media, Eileen Seoighe a léirigh Finky gur “údar díomá” é don chomhlacht nár roghnaíodh scannán Gaeilge le cur chun cinn do na gradaim Oscar.

“Is údar díomá é nár roghnaíodh scannán Gaeilge i mbliana agus nach bhfuil IFTA ag tacú le scannán atá déanta inár dteanga féin.

“Ní bhaineann sé le hAraibis nó Fraincis nó aon teanga ar leith ach ba chóir go mbeadh ardán á thabhairt do scannán Gaeilge ag na gradaim Oscar, go háirithe agus níos mó scannán Gaeilge á ndéanamh faoin scéim Cine4,” a dúirt Seoighe.

An scannán faisnéise Gaza a roghnaigh IFTA mar iontráil na hÉireann don scannán is fearr i dteanga eile seachas an Béarla d’Oscair na bliana seo chugainn. In Araibis den chuid is mó atá Gaza.

Ní hé seo an chéad uair ar roghnaigh IFTA scannán i dteanga eile seachas an Ghaeilge do na gradaim seo. An scannán As If I Am Not There atá sa tSeirbea-Chróitis den chuid is mó a roghnaíodh in 2014, agus scannán Spáinnise Viva a bhí mar iontráil ar son na hÉireann in 2017.

Anuraidh roghnaíodh Song of Granite, scannán Gaeilge faoi shaol agus saothar an amhránaí Joe Éinniú agus bhí An Bronntanas, agus Kings i measc na scannán Gaeilge eile a roghnaíodh le blianta beaga anuas.

Dúirt Áine Moriarty, príomhfheidhmeannach IFTA gur scannán álainn é Gaza. Mhol sí na scannánóirí as “scéal fíordhaonna agus mothálach” a chur i láthair, agus as “léargas grinn a thabhairt ar shaol mhuintir Gaza”.

Tá ráite ag Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont cheana féin gurb é mian an stáisiúin gradam Oscar a bhuachan agus nach bhfuil aon chúis nach bhféadfaí sin a dhéanamh.

Ag tagairt don scéim ‘Cine 4’ a bhí Esslemont, an comhfhiontar idir TG4, Bord Scannán na hÉireann agus an BAI a bhfuil faoi dhá fhadscannán Gaeilge a sholáthar in aghaidh na bliana.

€1.2 milliún a chuirtear ar fáil d’aon scannán a n-éiríonn leis faoin scéim.

Tá ainm nua ar an rannóg a thugann aitheantas do na fadscannáin atá i dteangacha eile seachas an Béarla. ‘An Scannán is Fearr i dTeanga Eachtrannach’ an t-ainm a bhíodh ar an rannóg sin ach cinneadh ag cruinniú boird na ngradam Oscar níos túisce i mbliana gur an ‘Fadscannán Idirnáisiúnta is Fearr’ a thabharfaí ar an rannóg sin feasta.

Fógrófar na scannáin atá ainmnithe ar fhadliostaí na Oscar roimh dheireadh na bliana agus roghnófar na scannán a bheidh ar na gearrliostaí i mí Eanáir.

Beidh ócáid bhronnta na Oscar ar siúl in Amharclann Dolby, in Hollywood Los Angeles, in California ar an 9 Feabhra 2020.

Fág freagra ar 'Díomá ar lucht scannáin nár roghnaíodh scannán Gaeilge le cur chun cinn do na gradaim Oscar'