Diarmuid Breathnach, Gael a thuill móraitheantas as an tsraith ‘Beathaisnéis’, ar shlí na fírinne

Bhí Diarmuid Breathnach ina chomhúdar ar an mórshaothar ‘Beathaisnéis', saothar a áirítear ar cheann de shárshaothair taighde na Gaeilge

Diarmuid Breathnach, Gael a thuill móraitheantas as an tsraith ‘Beathaisnéis’, ar shlí na fírinne

Tá Diarmuid Breathnach, an t-údar, leabharlannaí agus craoltóir a thuill móraitheantas mar chomhúdar ar an tsraith iomráiteach Beathaisnéis, tar éis bháis.

Thuill a chuid scríbhneoireachta, a chuid craoltóireachta le RTÉ, agus a chuid oibre ar son Chumann Merriman clú agus cáil do Dhiarmuid.

Thar aon saothar eile dá ndearna sé, ba é an t-éacht a rinne sé ag cur na naoi n-imleabhar de Beathaisnéis i dtoll a chéile agus cuntas a scríobh faoi bheatha breis is 1,700 duine a raibh ról tábhachtach acu i saol na Gaeilge ón mbliain 1560 go dtí an lá inniu is mó a thuill aitheantas.

Diarmuid agus Máire Ní Mhurchú, comhghleacaí leis in RTÉ, a scríobh an mórshaothar Beathaisnéis, saothar a áirítear ar cheann de shárshaothair taighde na Gaeilge. Bhí tábhacht ar leith leis an saothar seo, atá anois ar ainm.ie, mar gur mhinic go dtí sin gurbh é inseacht an Bhéarla agus na mBéarlóirí a rinneadh ar stair na tíre agus ar na daoine a bhí lárnach sa stair sin agus chúitigh Beathaisnéis an fhaillí sin.

I gcontae Chill Mhantáin a tógadh Diarmuid agus chuaigh sé ar scoil i mBré agus i mBaile Átha Cliath. Ina chuimhní cinn Titim agus Éirí deir sé féin go raibh an teaghlach beo bocht ar bhás a athar, rud a d’fhág lorg air riamh ina dhiaidh sin.

Faightear léargas spéisiúil ina bheathaisnéis chomh maith ar shaol na Gaeilge sa Pháil ó na 1940idí ar aghaidh agus ar scéal an náisiúnachais chultúrtha a rinne Gaeilgeoir dílis de.

 

Máire Ní Mhurchú agus Diarmuid Breathnach. Pictiúr: Portráidí

I léirmheas ar a chuimhní cinn ar an iris Comhar, dúradh gur leabhar ‘eisceachtúil ó phearsa eisceachtúil’ a bhí ann agus go raibh ‘an daonnacht, an fhiosracht, an éirim chinn agus an chríochnúlacht a bhain leis an tsraith Beathaisnéis le brath chomh maith ar Titim agus Éirí’.

Chuaigh sé leis an leabharlannaíocht, ar dtús i mBré agus i gCill Chainnigh sular ceapadh in RTÉ é chun an chartlann a bhunú. I 1975, a ceapadh ina phríomhleabharlannaí in RTÉ é. I 1987 bheartaigh sé féin agus a chomhghleacaí, Máire Ní Mhurchú, dul i mbun bheathaisnéisí na Gaeilge.

Bhí fúthu dúshlán an Dictionary of Irish Biography a thabhairt maidir le beathaisnéisí na nGael.

Bhí sé ina údar chomh maith ar Almanag Éireannach agus Almanag Éireannach 2 agus foilsíodh ábhar leis in ComharScéala Éireann agus Feasta.

Bhíodh Diarmuid le cloisteáil ar feadh roinnt blianta chomh maith i mbun léirmheasa ar na nuachtáin ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

I 1996 tugadh Gradam Bhord na Gaeilge dó féin agus do Mháire Ní Mhurchú. Bhronn Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, dochtúireachtaí oinigh orthu in 2002 agus bronnadh Gradam an Oireachtais orthu in 2008.

Fág freagra ar 'Diarmuid Breathnach, Gael a thuill móraitheantas as an tsraith ‘Beathaisnéis’, ar shlí na fírinne'

  • Tiarnan de Fréine

    Rinne sé éacht oibre. Suaimhneas síoraí dá anam uasal!

  • Pádraigín Ní Uallacháin

    Fear álainn, cáirdiúl, measúil, fáilteach, a chuir go mór le cultúr na tíre. Uaigneach Éire anocht. Go ndéana Dia a mhaith air.

  • Diarmuid de Faoite

    M’anam gur shaothraigh sé an dochtúireacht oinigh sin! Obair dothchreidte déanta aige ar na beathaisnéis! Is mór an méid atá fágtha aige le hoidhreacht dúinn: lóchrann a shoilsíonn an cosán dúinn trí stair ár sinsear. Ar dheis Dé go raibh.

  • Gabriel Rosenstock

    Beannacht Dé leis. Mairfidh a ainm agus a chlú.

  • Ciarán Ó Coigligh

    Dá gcloífeadh RTÉ leis an gcur chuige físiúil eiseamláireach seirbhíse a chleacht Diarmuid Breathnach, Máire Ní Mhurchú, Barbra Duran agus foireann uilig Leabharlanm RTÉ bheadh craoltóir náisiúnta a mba dhíol mórtais é agus ní h-ea áisíneacht bholscaireachta chlaonta ar son scoth-aicmí polaitíochta oideachais, agus siamsaíochta. Fathach fir fuadaithe uainn ag an mbás. Mairfidh a cháil chúns mhairfeas an Ghaeilge. Bail an Athar go raibh a anam uasal.