Dianscrúdú á dhéanamh ar Kamala Harris, bíodh sé cóir nó ná bíodh

Tiocfaidh súile níos géire fós ar chuile ní a bhaineann le Kamala Harris idir seo agus an chéad toghchán uachtaránachta eile

Dianscrúdú á dhéanamh ar Kamala Harris, bíodh sé cóir nó ná bíodh

“I hope you are all Republicans,” a deir an tUachtarán Ronald Reagan. An 30 Márta, 1981 in Ospidéal Cuimhneacháin George Washington i Washington D.C. Mar a tharla sé, ba Dhaonlathach Liobrálach a bhí san bPríomh-Mháinlia, Joseph Giordano. “Mr President, we are all Republicans now,” a d’fhreagair seisean.

Ní dóigh go raibh a fhios ag an Uachtarán Reagan go raibh sé féin chomh gar don bhás agus a bhí; b’fhéidir nach raibh a fhios sin ag an Máinlia Giordano ach an oiread ag an soicind sin.

Bhí piléar a chaith fear óg darbh ainm Joseph Hinckley tar éis tolladh isteach faoi ascaill an Uachtaráin. Chuaigh an piléar i bhfoisceacht orlach dá chroí.

B’éigean do Giordano agus a fhoireann a dhul i mbun oibre agus iarracht a thabhairt faoi chóir leighis de léim. Cuireadh Ronald Reagan chun suain le haghaidh obráid throm. Ón bpointe sin ar aghaidh ba é George W. Bush, an Leas-Uachtarán san am sin, a bhí i bhfeighil na hUachtaránachta. De léim freisin, bhí seisean i gceannas ar an tír is cumhachtaí ar dhroim na cruinne.

Bíonn sé ina ghéarchéim ach a mbíonn an tUachtarán básaithe nó gan a bheith ag feidhmiú.

Bhí na saineolaithe míleata i Washington ag coinneáil súil ar an áit a raibh fomhuireáin agus eitleáin chogaidh na Rúise lonnaithe; bhí George W Bush á choinneáil ar an airdeall.

Mar a tharla sé, tháinig Ronald Reagan tríd. D’fhéadfadh sé nach mar sin a bheadh dá mb’fhear níos éidreoraí a bheadh ann. Thug lucht leighis suntas don téagar a bhí ina ghuaillí agus an cruas a bhí ina cholainn nuair a bhaineadar de a chuid éadaigh – “chomh maith le fear a bheadh 30,” a deir dochtúir amháin. Bhí Reagan 71 san am.

Ach léiríonn an cúpla soicind sin nuair a scaoil Hinckley leis an Uachtarán an chontúirt atá ann i gcónaí go ndéanfaí iarracht feallmharaithe ar uachtaráin Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá rud eile ann: d’fhéadfadh tinneas tromchúiseach Uachtarán ar bith a bhualadh agus í/é a fhágáil gan a bheith in ann dualgais throma an Tí Bháin a comhlíonadh. Ansin a thagann an crú ar an tairne i gcás an Leas-Uachtaráin. Post é nach gcuireann an iomarca stró ar an té atá ina chionn go hiondúil ach, ar an taobh eile den scéal, d’fhéadfadh an post is mó cúraimí sa domhan a bheith ar na guaillí, d’aon léim amháin.

Faoi dhó le trí scór bliain a tharla na cora ba thragóidí agus ba dhrámatúla i gcúrsaí uachtaránachta i Meiriceá a d’fhág go raibh ar an leas-uachtarán a dhul sa mbearna bhaoil: feallmharú an Uachtaráin John F Kennedy i 1963 agus an ócáid inar éirigh Richard Nixon as an uachtaránacht i 1974 de bharr ghéarchéim Watergate.

Bhí taithí fhada ag an Leas-Uachtarán, Lyndon Johnson, nuair a bhí air a dhul i gcomharbacht ar an gCinnéideach. Maidir le Gerald Ford a tháinig isteach in áit Richard Nixon níorbh ionann an cás go baileach. Bhí a fhios ag Ford, agus bhí a fhios ag an saol ar feadh tamaill roimhe sin, go raibh Nixon ag siúl ar an tanaí agus gur dhóigh go dtiocfadh sé sa déanamh go mbeadh air éirí as.

Agus muid ag teannadh le réamhthoghcháin na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe anois, tá a fhios againn an méid seo: más é Donald Trump a fhaigheann ainmniúchán na bPoblachtánach (beag beann ar na conspóidí uilig atá ag baint lena bhealach) ní hé Mike Pence a bheas ina iarrthóir leas-uachtaránachta. Ach gheofar duine eile agus ní dóigh go gcuirfeadh sin tada as do Donald Trump.

Ach ní hionann an cás ag an Uachtarán Joe Biden.

Beidh Kamala Harris, an Leas-Uachtarán atá ann anois, ina hiarrthóir leas-uachtaránachta arís i dteannta an Uachtaráin Joe Biden, ar thicéad na nDaonlathach. Fiú is go gceapfadh Biden, nó go leor Daonlathach eile (agus tá cuid mhaith acu amhrasach faoi chumas polaitiúil Harris) go bhféadfaí iarrthóir leas-uachtaránachta níos feiliúnaí a bheith acu, ní bheidh deis acu – go réadúil- an t-athrú sin a dhéanamh.

D’fhéadfadh sin a bheith ina cheist mhór san iarracht a bheidh ar bun le Biden a chur de dhroim seoil. Ní spárálann Donald Trump a chéilí comhraic ar bhonn pearsanta agus níl sé ina aonar sa gcás sin.

Mar shampla, tá iriseoir agus craoltóir mór le rá i mBoston, Howie Carr, (tá cáil náisiúnta air) a bhfuil an leasainm ‘Dementia Joe’ baiste aige ar an Uachtarán Biden. Úsáidtear an téarmaíocht sin go flúirseach in iriseoireacht Howie Carr. Tá an nósmhaireacht sin as bealach, míthrócaireach go deimhin. Ach ní hin le rá nach bhfuil roinnt mhaith tuairimíochta agus sioscadh i Meiriceá go mbíonn an tUachtarán dearmadach scaití.

Tá na ceithre scór caite aige agus é ag plé le ceann de na postanna is mó cúraimí agus dualgas ar dhroim na cruinne. Ach má tá sé ciotach ina chuid foclaíochta scaití féin, is fear é a bhfuil cuimse cleachtadh aige ar a bheith ag láimhsiú cúrsaí náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ta ciall an pholaiteora aige, tá ciall cheannaithe aige agus tá ciall na mblianta aige.

Ach, tá ualach na mblianta air go fisiciúil freisin.

Dá mbeadh air éirí as post na hUachtaránachta, nó a scíth a ligean ar feadh tamaill, bheadh Kamala Harris ag feidhmiú mar uachtarán. An bhfuil sí in ann ag an gcúram sin?

Gan dabht is bean ábalta í Harris. Ach, tá cuid mhaith cainte sa bPáirtí Daonlathach féin faoina cuid scileanna iomlána, agus a pearsantacht agus a cumas caidrimh agus ceannaireachta. Tá roinnt daoine imithe as an bhfoireann ar thosaigh sí leo sa Teach Bán, ach imíonn daoine as chuile rannóg Stáit.

Is deacair do leasuachtarán a lorg féin a fhágáil ar an bpost ach is léir go bhfuil Harris níos ciúine ná mar a bhí go leor a chuaigh roimpi. Níl preas Mheiriceá an-tógtha léi.

Ar an taobh eile den scéal, tá daoine ann – iar-rúnaí stáit saothair Mheiriceá, Marty Walsh ar dhuine acu – a cheapann go bhfuil níos mó mionscrúdaithe dá dhéanamh ar Harris ná mar a tharla do dhaoine eile sa bpost sin. Sí an chéad leasuachtarán ban í agus an chéad Mheiriceánach Afracach agus an chéad Mheiriceánach Indiach a bhí ina leasuachtarán.

Tiocfaidh súile níos géire fós ar chuile ní a bhaineann le Kamala Harris idir seo agus an chéad toghchán uachtaránachta eile. Dá chumasaí í mar dhuine, is dóigh nach dtabharfaidh sí mórán vótaí eile i dtreo Joe Biden.

Sí an cheist ná an gcoinneoidh sí vótaí uaidh dá buíochas – an oiread agus a d’fhágfadh cead a chos ag Donald Trump.

Fág freagra ar 'Dianscrúdú á dhéanamh ar Kamala Harris, bíodh sé cóir nó ná bíodh'

  • Pádraig O'hEipicín

    Is uachtarán ar son na beatha agus eagal Dé air nó uirthi atá de dhith ar sam.