Dhá bhliain ó shin a d’inis comhairleoir rialtais ráfla gránna dom faoin Sáirsint Maurice McCabe…

Tá ábhar muiníne ag teastáil go géar sa Gharda Síochána i bhfianaise scéal Maurice McCabe agus tuaiplisí TUSLA

Dhá bhliain ó shin a d’inis comhairleoir rialtais ráfla gránna dom  faoin Sáirsint Maurice McCabe…

Maurice McCabe. Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Tá gach duine neamhchiontach go dtí go gciontaítear iad, an Coimisinéir Nóirín O’Sullivan ina measc.

Sin ráite…

Is le linn comhrá le comhairleoir rialtais dhá bhliain ó shin a chuala an scríbhneoir seo ráfla gránna faoin Sáirsint Maurice McCabe.

Chuala scata iriseoirí eile leaganacha éagsúla den scéal seo thíos:

Níl an scéal seo fiosraithe i gceart agaibh in aon chor. Ar chuala tú an scéal faoi mo dhuine? Ní rud beag a bhí ann, ach ionsaí gnéasach.

Níl focal ina thaobh foilsithe in aon áit. Ba chóir go mbeadh náire oraibh. Tá sibh go léir ag moladh Maurice McCabe agus ag cur síos ar a chrógacht agus ar a uaisleacht agus mar sin de.

Gan dabht tharraing sé aird ar dhrochrudaí sna Gardaí. Ach níl an taobh eile den scéal á chlúdach agaibh. Tá sibh ag fiosrú a ndearna an Coimisinéir [O’Sullivan, a tháinig i gceannas ar na Gardaí i Márta 2014]. Ceart go leor. Ach canathaobh nach bhfuil sibh ag fiosrú an scéil eile?

Tá a fhios againn cén fáth. Is fearr le hiriseoirí a bheith ag cur síos ar scéal deas simplí, in áit obair chrua a dhéanamh chun teacht ar an bhfírinne iomlán.”

D’fhiosraigh iriseoirí áirithe an scéal. Fianaise níor aimsigh siad agus focal níor fhoilsigh siad toisc nach raibh na ráflaí fíor, mar is eol dúinn anois. Cé nach raibh aon bhaint ag an té a labhair leis an scríbhneoir seo leis na Gardaí, bhí sé ionann agus cinnte gur ó fhoinse éigin sna Gardaí a tháinig an scéal.

Is deacair tionchar na ráflaí seo a mheas. Ba léir do gach iriseoir an fáth gur scaipeadh iad. Ba léir dóibh freisin go raibh an chuid is mó den fhaisnéis a chuir an Sáirsint McCabe ar fáil faoi mhí-iompar agus faoi dhroch-chleachtais sna Gardaí fírinneach.

Is mó d’údar imní anois ná riamh meon agus aidhmeanna na ndaoine a chum na ráflaí a dtagraítear dóibh thuas. A chruthúnas sin an chontrárthacht idir leagan Nóirín O’Sullivan den scéal náireach seo agus an leagan a chreidfeadh an duine nach mbeadh claonta faoin scéal.

SCÉAL AN CHOIMISINÉARA

Níor údaraigh sí agus ní raibh baint ar bith aici, dar léi féin, le feachtas ar bith chun amhras nó drochchlú a tharraingt ar an Sáirsint McCabe. Tá ardmheas aici air. Tá polasaí fógartha aici chun gach Garda a nochtann scéal faoi mhí-iompar a chosaint.

SCÉAL ATÁ INCHREIDTE

Bhí feachtas eagraithe ar bun in aghaidh an tSáirsint. Ní fhéadfaí a leithéid d’fheachtas a reáchtáil gan Gardaí sinsearacha a bheith páirteach ann. An ndearnadh é i ngan fhios don Choimisinéir? Níl ach dhá rogha inchreidte mar fhreagra ar an gceist sin. (a) Bhí a fhios aici. (b) Mura raibh, ba chóir go mbeadh.

Bhí an ghéarchéim seo dona go leor seachtain ó shin. Is scanrúla anois é mar gheall ar na botúin, más botúin iad i bhfírinne, a rinneadh nuair a bhí na líomhaintí bréagacha maidir le hionsaí gnéis á bhfiosrú ag TUSLA.

Dála an scéil, agus an colún seo á scríobh, níl freagra tugtha ag an Rialtas ar cheist thábhachtach amháin. Cuireadh an tAire Leanaí Katherine Zappone ar an eolas faoin mbaint a bhí ag TUSLA leis an scéal seo ag deireadh mhí Eanáir. Cén fáth mar sin nár luadh TUSLA ná an t-ábhar nua imní seo i ndréacht-théarmaí tagartha an fhiosrúcháin nua a d’fhoilsigh an Rialtas Dé Céadaoin?

Is féidir na mórchúiseanna imní a achoimriú go beacht:

Tá Maurice McCabe ag cur síos, ar bhealaí éagsúla, ar dhroch-chaighdeáin sna Gardaí ó 2012.

Tá iniúchadh déanta cheana féin i gceithre fhiosrúchán: Fennelly, Guerin, O’Higgins, agus O’Neill.

Tá fiosrúchán eile, faoin mbreitheamh Peter Charleton, ar tí dul i mbun oibre.

Ní foláir ceist chrua a chur. An bhfuil sé ar chumas an stáit fiosrú iomlán a dhéanamh faoi mhí-iompar sna Gardaí, agus, ina dhiaidh sin, deireadh a chur leis an mí-iompar sin?

Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.