‘D’fhoghlaim mé go bhfuil sé ceart go leor gan a bheith cinnte faoi rudaí i gcónaí’

Caitheann Tuairisc súil siar ar 2023 le roinnt Gael. Inár dteannta an geábh seo, tá Ciara Cox an t-aisteoir atá sa phríomhpháirt sa tsraith drámaíochta ‘Saol Ella’ ar TG4 agus i mbun sraith saibhreas teanga ‘Gaelingo’ ar Tuairisc

‘D’fhoghlaim mé go bhfuil sé ceart go leor gan a bheith cinnte faoi rudaí i gcónaí’

Céard í an chuimhne is mó atá agat ar 2023?

An chuimhne is mó atá agam i mbliana ná seoladh Saol Ella, tá mé chomh bródúil as an tsraith agus bhí an oiread sin spraoi agam is mé ag plé léi.

Céard é an scéal is mó a chuir áthas ort in 2023?

Tharla aiséirí sna pictiúrlanna i mbliana. Thaitin na scannáin Barbie agus Oppenheimer thar cionn liom. Is aoibhinn liom an scannánaíocht agus rinne Barbenheimer éacht mór. Bhí níos mó daoine ag freastal ar an bpictiúrlann, rud nach tarlaíonn chomh minic anois nuair is féidir gach rud a fháil ar líne. Chuir sé áthas orm daoine a fheiceáil ag cur an oiread sin suime ann.

Céard é an scéal is mó a chuir brón ort in 2023?

An cogadh san Úcráin agus sa Mheánoirthear i mbliana.

Cén tír nó áit is spéisiúla ar thug tú cuairt uirthi i mbliana?

Thug mé féin agus mo chairde cuairt ar an Daingean le linn an tsamhraidh, bhí sé go hálainn, tá neart siopaí sa mbaile agus bhí an bia ar fheabhas.

Ó thaobh cúrsaí cultúir agus siamsaíochta de, cad iad na cláracha, leabhair nó podchraoltaí is mó a chuaigh i bhfeidhm ort?

Thosaigh mé ag éisteacht leis an bpodchraoladh How To Gael le déanaí, is podchraoladh dátheangach é a bhfuil dearcadh nua-aimseartha le fáil ann ar an nGaeilge. Freisin ar ndóigh an tsraith TikTok ‘Gaelingo’ ar leathanach Tuairisc a raibh mé féin páirteach ann. D’éirigh go hiontach leis an tsraith.

Céard é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó thús deireadh na bliana 2023?

Go bhfuil sé ceart go leor m’intinn a athrú, go háirithe agus mé óg. Uaireanta ceapaim go dteastaíonn rud éigin uaim ach ansin athraím m’intinn agus caithim tosú arís as an nua ach d’fhoghlaim mé go bhfuil sé ceart go leor gan a bheith cinnte faoi rudaí i gcónaí.

Ar éirigh leat déanamh de réir aon rúin a bhí agat ag tús na bliana 2023?

Theastaigh uaim go mbeinn níos eagraithe i mbliana, faraor tá an mhian sin agam go fóill agus is dóigh go mbeidh sí agam arís i mbliana agus an bhliain dár gcionn.

Fág freagra ar '‘D’fhoghlaim mé go bhfuil sé ceart go leor gan a bheith cinnte faoi rudaí i gcónaí’'