D’fhéadfadh gur crua a luífidh bróg an Bhreatimeachta ar an DUP fós

Is cosúil gach a bhfuil á rá ag an DUP faoin mBreatimeacht a bheith ag teacht salach ar an bhfianaise

D’fhéadfadh gur crua a luífidh bróg an Bhreatimeachta ar an DUP fós

Tháinig Príomh-Aire nua na Breataine Boris Johnson go Béal Feirste. Níl an pobal a dhath níos eolaí i ndiaidh na cuairte. D’fhan an fear cainteach i bhfad ó na meáin, i bhfad ó chruinnithe poiblí; ní fhacamar é le sicín ná scadán leasaithe. Gan dabht beidh a chlaonbholscairí sásta nár chuir sé a chos ann.

Ní hé sin le rá go raibh an turas saor ó amscaíocht ná botúin. Ó tharla go ndúirt sé gur chun fuinneamh a chur sna cainteanna ollpháirtí in Stormont agus a neamhchlaontacht sa phróiseas a gheallúint a tháinig sé, ba thútach an mhaise dó dinnéar príobháideach a bheith aige leis an DUP an oíche sula raibh seisiúin ghearra aige leis na páirtithe eile.

Bhí a theachtaireacht soiléir – má bhí. Dúirt sé go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ar an 31 Deireadh Fómhair bíodh margadh acu leis an mBruiséil nó ná bíodh. Ní léir go fóill cén straitéis atá ag Johnson. An bhfuil rún aige i ndáiríre imeacht gan aon mhargadh? Conas a gheobhaidh sé tacaíocht na Parlaiminte dó sin? An gcreideann sé gur féidir leis imeaglú a dhéanamh ar an AE chun a leagan amach a athrú? Nó an olltoghchán atá uaidh faoi choinníollacha a chuideodh leis vótaí a bhaint ar ais ó pháirtí Farage? Chuige sin chaithfeadh sé a bheith in ann an milleán a chur ar dhaoine eile faoi nár tharla an Breatimeacht.

Tá cluiche an mhilleáin sin faoi lán seoil ag cairde Johnson sna meáin i Sasana. Agus ag an DUP. Ag fógairt leagan amach Boris Johnson amhail is gurb í a urlabhraí í, níor spáráil ceannaire an DUP, Arlene Foster an cáineadh. Níl sé ag smaoineamh ar chor ar bith ar reifreann faoin teorainn mar ní bheidh sé neodrach choíche faoin Aontas (Ríocht Aontaithe), a dúirt sí lasmuigh de Stormont Dé Céadaoin. Is iad an tAE agus rialtas na hÉireann faoi ndear an chaint ar Bhreatimeacht gan mhargadh, dar léi. Chuir sí i leith an Taoisigh, Leo Varadkar go raibh a reitric thar fóir. Bhí lucht Bhaile Átha Cliath agus lucht na Bruiséile trodach, ar sí. I bhfianaise chur chuige traidisiúnta an DUP, ní áirím caint Foster féin faoi chrogaill, rógairí agus fealltóirí, ní hiontas gur ábhar do chartúnaithe agus lucht grinn eile an ráiteas sin.

Leag Arlene Foster agus Nigel Dodds béim air gur féidir margadh a dhéanamh ach a bheith réidh leis an gcúlstad. Is féidir é sin a bhaint amach má bhíonn daoine (eile) ciallmhar a deir siad. Ní theastaíonn Breatimeacht gan mhargadh ón DUP a deir siad arís agus arís – cé is moite de chorr-racht ó Sammy Wilson agus Nelson McCausland a thugann tosaíocht d’imeacht as an AE ar gach ní ach amháin an Ríocht Aontaithe.

Is furasta a thuiscint go mbeadh an DUP ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh lorg a láimhe ar imeacht gan mhargadh i bhfianaise imní agus naimhdeas an phobail abhus faoi bheart chomh contúirteach sin. Ach an fíor nach bhfuil Breatimeacht gan mhargadh uathu? Mór idir a mbriathra agus a ngníomhartha go dtí seo.

Ba iad an DUP a chuir iachall ar Theresa May an cúlstad nach mbainfeadh ach le Tuaisceart Éireann amháin a chaitheamh i dtraipisí agus é a leathnú amach chun an Ríocht Aontaithe ar fad a chlúdach. Is iad a d’áitigh ar Chaomhaigh san ERG – an grúpa is antoiscí sa tóir ar Bhreatimeacht –diúltú don mhargadh a rinne an Príomh-Aire Theresa May leis an mBruiséil. Fiú nuair a vótáil Jacob Rees-Mogg agus Boris Johnson don mhargadh sin d’éirigh leis an DUP cuid den ERG a choinneáil ina gcampa ionas gur theip ar May.

Ach ní hiadsan atá freagrach, más fíor, ar dhaoine eile an milleán. Díol suntais ab ea agallamh raidió a rinne aoire an pháirtí in Westminster, Jeffrey Donaldson, fear a bhfuil cáil na measarthachta air i mbólaí áirithe. Ceistíodh é faoi conas a d’fhéadfadh sé glacadh leis an dochar a dhéanfadh an Breatimeacht do gheilleagar an tuaiscirt. Tagairt ab ea an cheist don anailís a d’fhoilsigh roinn eacnamaíochta Stormont a dúirt go gcaillfí 40,000 post abhus dá mbeadh Breatimeacht gan mhargadh ann. Ba é freagra Jeffrey Donaldson gur mhair sé le linn na dTrioblóidí nuair a cailleadh na mílte post de bharr foréigin. ‘Vótáil mé ar son an Bhreatimeachta agus sin é a theastaíonn uaim,’ ar sé.

Is baolach go mbeidh an reicneáil dian ar an bpobal, ach d’fhéadfadh sí freisin a bheith an-dian ar an DUP.

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh gur crua a luífidh bróg an Bhreatimeachta ar an DUP fós'