Deireadh tagtha le ré Vera Pauw mar bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann

D’fhógair an FAI anocht nach bhfuil conradh nua le bronnadh ar an mbean a bhí i gceannas ar fhoireann sacair na hÉireann nuair a bhain sí áit amach ag Corn Domhanda na mBan den chéad uair riamh

Deireadh tagtha le ré Vera Pauw mar bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann

Vera Pauw. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá deireadh tagtha le ré Vera Pauw mar bhainisteoir ar fhoireann sacair ban na hÉireann agus é fógartha ag an FAI nach bhfuil conradh nua le bronnadh ar an Ísiltíreach.

Bhí Pauw i gceannas ar an bhfoireann a bhain áit amach ag Corn Domhanda na mBan den chéad uair riamh ach deimhníodh anocht go bhfuil bainisteoir nua á lorg don fhoireann tar éis do Pauw ceithre bliana a chaitheamh sa phost.

Is ag cruinniú de bhord an FAI anocht a rinneadh an cinneadh. Rinne Stiúrthóir Peile an FAI, Marc Canham, cur i láthair ag an gcruinniú faoin athbhreithniú a rinneadh ar fheachtas na hÉireann le dhá bhliain anuas, idir na cluichí cáilithe don Chorn Domhanda agus an comórtas féin san Astráil i rith an tsamhraidh. Labhair Príomhfheidhmeannach an FAI, Jonathan Hill, ag an gcruinniú chomh maith.

Cuireadh an cinneadh maidir le conradh nua a bhronnadh ar Pauw chun vóta agus chinn baill an bhoird gan ceann a thabhairt di.

Cé gur moladh Pauw go hard anuraidh tar éis d’Éirinn áit a bhaint amach ag Corn Domhanda na mBan san Astráil agus sa Nua-Shéalainn – ba ise an chéad bhean a bhuaigh an gradam do Bhainisteoir na Bliana ag RTÉ Sport – bhí amhras ann le cúpla mí anuas an bhfanfadh sí sa phost nuair a thiocfadh deireadh le tréimhse an chonartha reatha.

Bhí conspóid mhór ann roimh thús Chorn Domhanda na mBan nuair a bhí scéal, faoi líomhaintí a rinneadh in éadan Pauw maidir lena hiompar nuair a bhí sí ina bainisteoir ar fhoireann Houston Dash i Stáit Aontaithe Mheiriceá, go mór sna meáin arís. Tuigtear gur chreid roinnt imreoirí ar fhoireann na hÉireann gur chuir an scéal isteach ar a gcuid ullmhúchán don Chorn Domhanda.

Tuairiscítear nach raibh imreoirí róthógtha le cur chuige Pauw i rith an chomórtais, go háirithe maidir le stíl imeartha na foirne.

Bhí aighneas ann freisin idir Pauw agus captaen na foirne, Katie McCabe. Sa chluiche deireanach in aghaidh na Nigéire, d’iarr McCabe roinnt uaireanta ar an mbainisteoir ionadaithe a thabhairt isteach ach rinne Pauw neamhaird uirthi. Dúirt Pauw i ndiaidh an chluiche nach í McCabe a bhí i gceannas na foirne agus chuir an captaen teachtaireacht amach ar an meáin shóisialta ina dhiaidh le emoji an bhéil dhúnta.

Bhí Pauw agus an FAI i mbun cainte ar chonradh nua roimh thús an chomórtais ach cuireadh na cainteanna siar go dtí go mbeadh feachtas na hÉireann críochnaithe. Níor thapaigh na himreoirí an deis tacaíocht a léiriú don bhainisteoir le linn an chomórtais nuair a chuir na meáin ceisteanna orthu ar chóir do Pauw conradh nua a fháil. Chaill Éire an chéad dá chluiche a bhí acu san Astráil in aghaidh na hAstráile agus Cheanada agus comhscór a bhí acu sa chluiche deireanach in aghaidh na Nigéire.

Caithfear bainisteoir nua a cheapadh ar fhoireann na hÉireann gan mhoill agus cluichí rompu an mhí seo chugainn in aghaidh Thuaisceart Éireann agus i gcoinne na hUngáire.

Fág freagra ar 'Deireadh tagtha le ré Vera Pauw mar bhainisteoir ar fhoireann na hÉireann'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Cuireann sé seo uilig cinneadh an IRFU maidir le Warren Gatland na blianta fada ó shin i gcuimhne dom.