Tá deireadh curtha ag Rialtas na Breataine le dlí a chuir cosc ar úsáid na Gaeilge i gcúirteanna an Tuaiscirt ó aimsir na bPéindlíthe i leith.
Tá sé dearbhaithe ag Rúnaí Stáit na Breataine, Hilary Benn MP, agus ag Oifig Thuaisceart Éireann, le Conradh na Gaeilge go ndearnadh aisghairm inniu ar an bpíosa reachtaíochta atá i bhfeidhm le beagnach 300 bliain, An tAcht um Riar an Cheartais (Éire) 1737. D’fhág an dlí nach raibh cead an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna.
Rinneadh an dlí a aisghairm mar chuid den acht féiniúlachta agus teanga a tháinig isteach i dTuaisceart Éireann mí na Nollag 2022. Faoin reachtaíocht nua, bhí dualgas ar an Rúnaí Stáit feidhm a thabhairt don bhforáil a chuirfeadh an sean-acht ar ceal, dualgas a comhlíonadh faoi dheireadh inniu.
Is faoi Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann a bheidh sé an próiseas a chur i gcrích agus tá polasaí nua maidir le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna le forbairt ag an Aire Dlí agus Cirt ó thuaidh, Naomi Long.
Dúirt Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, gur dul chun cinn “stairiúil” a bhí sa scéal seo do phobal na Gaeilge ó thuaidh agus go raibh sé thar am an píosa reachtaíochta seo a chur ar ceal.
“Rinneadh aisghairm ar an reachtaíocht seo ó dheas sna 1960idí, agus aisghairm ar a chomhionann de dhlíthe i Sasana, sa Bhreatain Bheag agus in Alban breis agus 160 bliain ó shin. Mar is gnáth, fágadh Gaeil sna sé chontae ar chúl arís, agus oidhreacht bheo an pholasaí choilínigh, a dearadh chun an Ghaeilge a dhíbirt ar fad ón saol poiblí, fós i réim,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
Mhol sé an obair a bhí déanta le cearta teanga a bhaint amach do phobal na Gaeilge ó thuaidh agus dúirt sé gur faoin Fheidhmeannas atá sé anois “soláthar cothrom, ceartbhunaithe” a chinntiú do Ghaeilgeoirí sna cúirteanna as seo amach.
“Scríobh muid cheana féin chuig an Aire Dlí agus Cirt, a bheas freagrach as cur i bhfeidhm polasaí nua don Ghaeilge sna cúirteanna ón phointe seo ar aghaidh, agus muid ag éileamh uirthi riachtanais agus ionchais ár bpobail a chomhlíonadh ina cuid oibre gan mhoill.”
Dúirt Niall Murphy ó KRW Law, a bhí ag feidhmiú ar son Chonradh na Gaeilge, gur “cloch mhíle stairiúil” é an fógra seo.
An Teanga Bheo
Gaeilge teanga na tíre seo thar ama 1737 tá Bunreacht 1937 againn agus ré 1949 i réim