Deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta nár chaith Foras na Gaeilge €700,000 dá mbuiséad

Níor éirigh leis an bhForas Teanga nach mór €1.2 milliún dá mbuiséad a chaitheamh idir 2017 agus 2018

Deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta nár chaith Foras na Gaeilge €700,000 dá mbuiséad

Tá sé deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne nár chaith Foras na Gaeilge €700,000 den bhuiséad a ceadaíodh dóibh anuraidh.

Ar Nuacht a hAon ar RTÉ RnaG a shoiléirigh an tAire Stáit an méid sin i ndiaidh gur theip ar Roinn na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge déanamh amhlaidh.

Ach dúirt Phríomhfheidhmeannach an Fhorais tráthnóna go raibh an scéal anois á phlé ag an eagraíocht le hoifigigh shinsearacha sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus go rabhthas “ag súil le ráiteas soiléirithe” eile faoin scéal ón Roinn “go luath an tseachtain seo chugainn”.

Mar a tuairiscíodh anseo ar dtús, níor chaith an Foras Teanga €13.325 milliún den €14.028 milliún a cheadaigh Roinn na Gaeltachta dóibh do 2018.

Tugtar le fios i dtuarascáil de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nár chaith an Foras Teanga €703,000 in 2018 mar gheall ar gan oiread dul chun cinn a bheith déanta ar thograí áirithe is a bhíothas ag súil leis.

Chomh maith leis sin, luaitear go raibh rátaí malairte airgid ‘buntáisteach’ anuraidh ann agus nár tháinig íocaíocht cnapshuimeanna pinsin a rabhthas ag súil leo i gceist.

Tá sé tagtha chun solais anois chomh maith nár chaith an Foras Teanga €481,000 den mhaoiniú a cuireadh ar leataobh dóibh in 2017, rud a fhágann nár éirigh leis an bhForas nach mór €1.2 milliún dá mbuiséad a chaitheamh idir 2017 agus 2018.

Ní raibh Roinn na Gaeltachta sásta a rá le Tuairisc.ie cé mhéid den €703,000 nár caitheadh in 2018 a bhain le Foras na Gaeilge agus cé mhéid de a bhain le Gníomhaireacht na hUltaise, an dá eagraíocht a dtugtar an Foras Teanga orthu.

Thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc.ie nárbh eol dóibhsean ar bhain an t-airgead nár caitheadh leosan.

Ach dheimhnigh Seán Kyne inniu gur le Foras na Gaeilge a bhain an t-airgead nár caitheadh, deimhniú a fhágann go bhfuil brú á chur anois ar an eagraíocht trasteorann ceisteanna a fhreagairt faoin easpa caiteachais.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn ar Nuacht a hAon go raibh “díomá” air faoin scéal agus go raibh sé “níos deacra” cás a dhéanamh d’airgead breise don Ghaeilge nuair atá airgead “ag dul ar ais”.

Bheadh sé ag súil go míneofaí an scéal, a dúirt de Spáinn.

Fág freagra ar 'Deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta nár chaith Foras na Gaeilge €700,000 dá mbuiséad'