Déanaim iontas nach bhfuil mo sheacht ndóthain feicthe agam d’fhoirne peile Chiarraí agus Átha Cliath ach níl

Tá cuimhní geala ag ár gcolúnaí ar na cuairteanna a thug sé ar Chill Airne agus ar Pháirc Parnell roimh chluichí ceannais na hÉireann, tráth a mbíodh teacht ar aon imreoir ar mhian leis labhairt leis na meáin

Déanaim iontas nach bhfuil mo sheacht ndóthain feicthe agam d’fhoirne peile Chiarraí agus Átha Cliath ach níl

Cúig bliana as a chéile a d’imir Ciarraí agus Áth Cliath a chéile i gcluichí ceannais nó leathcheannais na hÉireann agus mé ag cur tús le mo shaol iriseoireachta. Ar feadh 8 mbliana ina dhiaidh sin bhí ar a laghad contae amháin acu i mbabhtaí deiridh an chomórtais – i 1984 agus 1985 ba ar an lá mór a tharla sin arís.

Ba gheall leis an ngorta na 1990idí do Chiarraí, gan ach ceithre chuairt acu ar Pháirc an Chrócaigh. Orthu sin bhí teipeanna sna babhtaí leathcheannais in aghaidh an Dúin (’91), Mhaigh Eo (’96) agus Chill Dara ’98. Shábháil siad a náire i 1985 nuair a thugadar “Sam abhaile chun na Ríochta”, mar a bhí ráite ag a mbainisteoir Páidí nuair a chroch sé féin an corn.

Thug Áth Cliath craobh leo freisin san achar sin (1995), ach d’fhág buanna Dhún na nGall (’92) agus an Dúin (’94) smál orthu a bhí deacair a ghlanadh.

Idir bhabhtaí ceannais agus athimirtí tá 26 imirt déanta ar Chorn Mhig Uidhir ó theacht na Mílaoise. Bhí foireann de chuid Chiarraí nó Átha Cliath ar an bpáirc in 21 acu – in aghaidh a chéile ceithre huaire. Cé is moite den chomhscór 4 bliana ó shin, ba í foireann na príomhchathrach a thug an bua leo sna cinn eile.

Go deimhin ba í an uair ar dhúirt fear Ard an Bhóthair na focail atá luaite thuas, an uair dheiridh a bhfuair Ciarraí an ceann is fearr orthu i gcluiche ceannais.

Fiú anois ag breathnú siar ar na figiúirí atá luaite agam, déanaim iontas nach bhfuil mo sheacht ndóthain feicthe agam d’fhoirne peile na gcontaetha céanna.

Ach níl agus ní móide gur aon chúis amháin atá leis sin ach an oiread.

Beag beann ar mhianta nó ar chlaonta pearsanta, is ceart i gcónaí moladh a thabhairt san áit a bhfuil sin tuillte. Dé Domhnaigh seo caite i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann thug iománaithe Luimnigh taispeántas foirne nach bhfaca mé sáraithe in aon spórt eile, ná ar aon pháirc eile ar fud an domhain.

Bí ceanúil orthu nó ná bí (agus le fírinne ba chuma liom arbh iadsan nó Cill Chainnigh a bhuafadh) bheadh sé tútach gan aitheantas a thabhairt dá máistreacht ar an gcluiche iontach sin a imríonn siad, dá gcur chuige agus dá meon aigne.

Sin ráite, bheinn ag déanamh éithigh mura n-admhóinn go bhfuil cúiseanna eile ann nach mbraithim leimhe a bheith ag baint le cluiche ceannais eile fós a bheith fágtha faoi chontaetha a bhfuil Craobh Shinsearach Peile na hÉireann buaite níos minice acu eatarthu ná atá ag na cinn eile ar fad. (Ciarraí 38, Áth Cliath 30, Eile 67.)

Tá cuimhní geala agam ar na chuairteanna a thug mé ar champaí traenála na bhfoirne sin i gCill Airne agus ar Pháirc Parnell ag tráth a mbíodh teacht ag mo leithéid ar aon imreoir ar mhian leat labhairt leo, ach an fonn sin a bheith orthu siúd.

An cead sin a bheith imithe an gearán is mó agus is minice a chloisim sa lá atá inniu ag iriseoirí spóirt a bhíonn ag plé leis na Cluichí Gaelacha. Gan á chur ar fáil dóibh ach oiread na fríde – imreoir amháin (rogha na bainistíochta nó na n-urraithe) seachtain sula n-imreofar an cluiche mór agus an bainisteoir agus imreoir amháin freisin, nuair a bhíonn an choimhlint thart.

Is mór an trua sin. Is deacra fós a thuiscint cén fáth a gceadódh údaráis CLG ná go deimhin cén fáth a mbeadh a gcuid urraithe sásta go mbeadh bacainní á gcur idir réalta a gcuid cluichí agus an pobal atá ar bís ar thóir eolais fúthu siúd, a shantaíonn a gcuid cainte a léamh nó a gcuid glórtha a chloisteáil.

Ní raibh sé de cháil ar Kevin Heffernan go raibh oiread sin de ghean aige ar lucht na meán cumarsáide, ach ariamh níor eitigh sé agallamh do Raidió na Gaeltachta. An t-aon choinníoll a bhíodh ann go gcaithfí é a dhéanamh sa mbothán beag siúd ag ceann Pháirc Parnell, áit a raibh boladh na dtoitíní a bhíodh sé a chaitheamh chomh láidir leis an gcaint a dhéanadh sé agus é ag feannadh a chuid imreoirí ansiúd.

B’fhéidir go mbeadh ort Robbie Kelleher, Tommy Conroy nó John Kearns a thabhairt ar an gcúlráid mar go mbíodh a gcomhghleacaithe ag fonóid faoin nGaeilge, ach sheasfadh Brian Mullins ag caint leat i lár na páirce. Fear cróga a dhéanfadh magadh faoin Maolánach i dtaobh ábhair a bhí gar dá chroí.

Oilithreacht a bhíodh sna hoícheanta a d’eagraíodh Ciarraí do na meáin. Glór Mick O’Dwyer ina mhacalla le linn an tseársa beag ‘traenála’ a déantaí ag tús. Ina dhiaidh sin bhí oiread roghanna agat i gcomhar agallaimh agus go mba é an faitíos ba mhó a bhíodh ort go mbeifeá gann i dtéipeanna.

Cuma cén taobh den pháirc ar chaith tú do shúil, bhí Gaeilgeoir ann – Liam Ó hUigín nó Séamus Mac Gearailt lena mhíniú faoi na hathruithe a bhí déanta aige féin, Micko agus a gcomrádaithe, Páidí, Seán Walsh, Ogie, Bernard Dan Ó Súlleabháin, a bhfuil a mhac Barry ar phainéal an lae inniu.

Agus an dorchadas tite, thugadh idir imreoirí agus iriseoirí aghaidh ar Óstán Park Place áit a mbíodh greim le n-ithe réitithe.

Bhí oiread de chosán dearg déanta go Cill Airne faoi dheireadh ag lucht na meán agus go ndeachaigh an ócáid chun leimhe. Más fíor scéal bhí oíche ann inar thosaigh iriseoir ag ceistiú imreora a bhí curtha faoi agallamh aige ag an tráth céanna bliana le cúpla séasúr.

Agus a pheann luaidhe géaraithe aige ‘s éard a dúradh leis. “Yerra, put me down for the same thing that I told you last year.”

Fág freagra ar 'Déanaim iontas nach bhfuil mo sheacht ndóthain feicthe agam d’fhoirne peile Chiarraí agus Átha Cliath ach níl'

  • Mac na Míchomhairle

    Sén truaí nárbh iad Doire agus Muineachán a bhí sa gcluiche ceannais inné nó dhá chondae ar bith eile seachas na gléasanna céanna aríst is aríst eile, gan náire ná cuntanós i gceachtar acu. Shoraidh dhíobh.

  • Sean

    Bhí an seans sin acu ach iad a bheith maith a ndóthain. Faraor ní raibh.