Dáta thoghchán Údarás na Gaeltachta ‘á choinneáil faoi athbhreithniú’ ag an Rialtas

Chinn an Rialtas níos túisce an mhí seo go ndréachtófaí ‘mar thosaíocht’ an reachtaíocht nua atá ag teastáil chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais ach níl aon dáta socraithe fós

Dáta thoghchán Údarás na Gaeltachta ‘á choinneáil faoi athbhreithniú’ ag an Rialtas

Tá cinneadh le déanamh fós ag an Rialtas cén uair a bheidh toghchán Údarás na Gaeltachta ar siúl.

Socraíodh ag cruinniú rialtais níos túisce an mhí seo go ndréachtófaí “mar thosaíocht” an reachtaíocht nua atá ag teastáil chun na toghcháin a thabhairt ar ais.

Cé gur cinneadh ag an gcruinniú rialtais sin ar an 5 Márta gur tosaíocht a bhí i bhfoilsiú na reachtaíochta, tá amhras mór ann go fóill an mbeidh an reachtaíocht rite in am chun na toghcháin a reáchtáil an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla, Dé hAoine an 7 Meitheamh.

Dúirt urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta le Tuairisc go bhfuil “dáta na dtoghchán á choinneáil faoi athbhreithniú de réir mar a théann an obair dhréachtaithe ar aghaidh”.

Dúirt an t-urlabhraí go bhfoilseofaí “in am trátha” An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) agus Forálacha Ilghnéitheacha 2024.

“Tá i gceist ag an Roinn anois leanúint ar aghaidh le dréachtú an Bhille le hOifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas agus é a fhoilsiú in am tráth.

“Tá dáta na dtoghchán á choinneáil faoi athbhreithniú de réir mar a théann an obair dhréachtaithe ar aghaidh. Foilseofar cóip den Scéim Ghinearálta ar shuíomh na Roinne go luath.”

Is ionann an scéim ghinearálta agus dréachtbhille. De ghnáth tógann sé roinnt míonna ar an laghad dréachtbhille a chur trí choiste Oireachtais, an Dáil agus an Seanad.

Tá ráite cheana ag Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go mbeifí sásta “aon chuidiú” a thabhairt chun foilsiú an bhille a dheifriú ionas go mbeadh an bille rite in am do mhí an Mheithimh, ach tá amhras mór le tamall ann faoina bhfuil i ndán don toghchán agus an clog ag bagairt air.

D’fhógair an Rialtas go raibh sé i gceist toghchán an Údaráis a reáchtáil in éineacht leis na toghcháin eile ar an 7 Meitheamh, ach ó tharla go bhfuil an reachtaíocht a cheadódh filleadh an toghcháin Ghaeltachta fós le foilsiú tá amhras ann an dtarlóidh é an lá sin nó an dtarlóidh sé an samhradh seo fiú.

Cé gur síleadh go raibh dréachtreachtaíocht nua réidh, cinneadh gur ghá í a leasú agus cinn nua a ullmhú chun ceisteanna áirithe a réiteach, go háirithe ceist faoi chothromaíocht inscne i measc na gcomhaltaí boird.

Thug Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, le fios mí Feabhra gur cheap sí gur ag tús an Aibreáin a bheadh an bille réidh agus go raibh sí fós ag obair ar an mbonn go mbeadh toghchán an Údaráis ar siúl an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha.

Faoin struchtúr nua atá beartaithe do Bhord an Údaráis, 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Fág freagra ar 'Dáta thoghchán Údarás na Gaeltachta ‘á choinneáil faoi athbhreithniú’ ag an Rialtas'