Daoine a chuireann seoltaí i nGaeilge ar a gcuid litreacha ‘may run the risk of delay’

Tá conspóid arís ann faoi dhearcadh an Royal Mail ó thuaidh i dtaobh litreacha agus bearta a bhfuil seoltaí i nGaeilge orthu

Daoine a chuireann seoltaí i nGaeilge ar a gcuid litreacha ‘may run the risk of delay’

Tá rabhadh tugtha ag an Royal Mail ó thuaidh do dhaoine a chuireann seoltaí Gaeilge ar a gcuid litreacha go bhféadfadh go mbeadh moill lena seachadadh.

Thug an Royal Mail an méid sin le fios don ghníomhaí teanga Pádraig Ó Tiarnaigh agus ceisteanna á bhfreagairt acu faoi litir eile a raibh seoladh i nGaeilge i mBéal Feirste uirthi nár bhain ceann scríbe amach toisc, a dúradh, nárbh ann don seoladh.

Dúirt an Royal Mail go n-aithníonn siad go mbíonn daoine áirithe ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid ar chlúdaigh litreach agus go ndéanfar litreacha a bhfuil seoltaí Gaeilge nó Ultaise orthu a dháileadh de réir na gnáthsheirbhíse atá acu, fad is go bhfuil an seoladh agus an cód poist cruinn.

Dúradh áfach gur cheart go gcuirfeadh custaiméirí san áireamh nach n-aithníonn na meaisíní sórtála acu ach an Béarla.

“We also advise customers that items of mail bearing a form of address in any other language other than the official language (English), may run the risk of delay,” a dúirt urlabhraí an Royal Mail.

Dúradh freisin gur chóir i gcás nach bhféadfadh fear an phoist an seoladh a léamh go dtabharfadh sé an litir ar aghaidh chuig an bhainisteoir a leanfadh “agreed procedures to have the item translated in-house”.

Ba scéal ar Twitter faoi litir chuig an soláthraí trealamh gnó UBE i mBéal Feirste a spreag an chonspóid is déanaí faoi cheist na Gaeilge agus an Royal Mail.

Mar fhreagra ar an ghearán ar Twitter, mhol duine go mbeadh leigheas ar an scéal ach a mbeadh an obair ar thogra logainmneacha críochnaithe.

Mhaígh daoine eile nach raibh aon chúis nach bhféadfaí an litir a dháileadh bunaithe ar an seoladh agus an cód poist ar an gclúdach litreach.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Royal Mail faoin scéal seo.

Fág freagra ar 'Daoine a chuireann seoltaí i nGaeilge ar a gcuid litreacha ‘may run the risk of delay’'

  • Pádraig

    Ar chuir sibh litir sa phost chuig an Royal Mail agus sibh ag lorg ráitis? Seans go gcuirfear moill ar an fhreagra uathu.