‘It would be preferable to send it in an internationally recognized language’ – freagra an Royal Mail faoi litir a seoladh i nGaeilge

Thóg sé breis agus dhá mhí ar litir a seoladh i mBéal Feirste a ceann scríbe a bhaint amach toisc an seoladh a bheith scríofa i nGaeilge

‘It would be preferable to send it in an internationally recognized language’ – freagra an Royal Mail faoi litir a seoladh i nGaeilge

Tá gearán oifigiúil á dhéanamh ag Conradh na Gaeilge leis an Royal Mail mar gheall ar an chaoi ar pléadh le litir a raibh an seoladh scríofa i nGaeilge uirthi.

Toisc an seoladh a bheith i nGaeilge, thóg sé breis agus dhá mhí ar litir, a sheol an Roinn Oideachais chuig Seán Ó hEacháin, múinteoir Gaeilge i gColáiste Feirste, a ceann scríbe a bhaint amach. Tá an Roinn Oideachais lonnaithe i lár chathair Bhéal Feirste agus tá cónaí ar Ó hEacháin in iarthar na cathrach.

Nuair a tháinig an litir chuige ar deireadh, chuir Ó hEacháin pictiúr den chlúdach ar na meáin shóisialta agus tharraing sé aird ar a raibh scríofa air ag lucht an Royal Mail. Bhí na focail ‘not known’ scríofa ar an seoladh i nGaeilge agus aistriúchán go Béarla déanta air.

D’ardaigh Pádraig Ó Tiarnaigh, Feidhmeannach Cumarsáide, Cosaint Teanga agus Ionadaíochta le Conradh na Gaeilge an cheist leis an Royal Mail ar Twitter ansin.

Mar fhreagra ar a ghearán, thug urlabhraí de chuid an Royal Mail le fios gur “fearr” litir a sheoladh “i dteanga na tíre ónar seoladh í nó i dteanga a aithnítear go hidirnáisiúnta”.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh nach raibh “aon leithscéal” ag an Royal Mail gan an litir a bhí i gceist a sheoladh go ceann scríbe in am réasúnta, go háirithe nuair a bhí cód poist agus uimhir an tí ar an chlúdach litreach.

“Níl a fhios agam an mbaineann sé le fear an phoist nó le cur chuige an Royal Mail ach ní raibh an litir tugtha ar aghaidh mar ba chóir,” arsa Ó Tiarnaigh.

Dheimhnigh sé do Tuairisc.ie go raibh sé i gceist ag Conradh na Gaeilge gearán oifigiúil a dhéanamh leis an Royal Mail chun léargas a fháil ar pholasaí na heagraíochta i leith na Gaeilge.

“An buaireamh atá ann go bhfeicfidh daoine nach mbaineann litreacha nó pacáistí a gceann scríbe amach má scríobhtar an seoladh i nGaeilge agus go gcaillfidh siad dóchas gur fiú é a dhéanamh agus go n-iompóidh siad ar an Bhéarla.

“Sa Bhreatain Bheag, tá dualgas ar an Royal Mail a bheith ag plé le seoltaí sa Bhreatnais faoi Acht na Breatnaise. Tá leagan den suíomh sa Bhreatnais agus cuirtear foirmeacha ar fáil sa teanga sin,” ar sé. 

Dúirt Ó Tiarnaigh gur léiriú eile atá sa chás seo ar an ghá le “treoir shoiléir ón rialtas agus reachtaíocht don Ghaeilge”.

Fág freagra ar '‘It would be preferable to send it in an internationally recognized language’ – freagra an Royal Mail faoi litir a seoladh i nGaeilge'

  • Gabriel Rosenstock

    Postúlacht!

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    Níl meon Royal Mail puinn níos measa ná meon an Aire Sláinte (agus ná rannpháirtithe rialtais) againn féin maidir le rabhadh sláinte i nGaeilge a dhiúltú ar dheochanna meisciúla. Dála an scéil, cheapas gurb í an deoch a chuirfeadh ‘mearbhall’ ort, seachas an teanga ina raibh an rabhadh!

  • Pól Réamonn

    Agus cheap mé go raibh An Post go dona.

  • Pól Réamonn

    Cúis eile ar “Acht na Gaeilge” a theastaíonn uainn.

  • An Theanga Bheo

    Nach teanga Eorpach i an Ghaeilge an ea ? Fanic an Brexit sin ag stanadh orainn go minic