Cur chuige ceannródaíoch ag scannán buachaillí bó, ach ní haon saothar iontach é

Sé The Harder They Fall an chéad scannán buachaillí bó ar den chine dubh an cliar ar fad ach ar an drochuair ní haon sárshaothar é

Cur chuige ceannródaíoch ag scannán buachaillí bó, ach ní haon saothar iontach é

[inbox]The Harder They Fall
Stiúrthóir: Jeymes Samuel
Cliar: Jonathan Majors, Idris Elba, Zazie Beetz, RJ Cyler, Edi Gathegi, Regina King, LaKeith Stanfield, Delroy Lindo[/inbox]

Tá seánra scannáin na mbuachaill bó chomh críonna le Hollywood féin; d’fhéadfaí a mhaíomh gurbh é chothaigh na stiúideonna móra ar feadh i bhfad. Bhí ré órga againn sna caogaidí agus seascaidí le leithéidí John Wayne, John Ford, Howard Hawks, John Sturges, Clint Eastwood agus a lán eile nach iad i mbarr a maitheasa. Thit an tóin as an seánra ina dhiaidh sin agus sí tuairim na coitiantachta gurbh é sárshaothar Clint Eastwood, Unforgiven (1992), a chuir borradh fé chúrsaí in athuair. Ó shin i leith bíonn ceann chugainn ó am go chéile agus iad ar fad ag iarraidh craiceann nua a chur ar sheanscéal.

An cor atá sa scannán seo ná gur daoine den chine dubh iad na príomhcharachtair/príomhaisteoirí ar fad. Ní roghnú aisteoirí dall ar dhath atá anseo ach scéalaíocht dall ar dhath. Ina dhiaidh sin féin maítear ag tús an scannáin gur mhair carachtair mar iad seo in ainneoin gur scéal ficsin atá anseo. Ní hé fírinne an scéil an rud is tábhachtaí b’fhéidir ach go bhfuil daoine de chine daite tar éis guailleáil isteach i seánra an chine ghil.

Forbairt thábhachtach í sin ach ainneoin gur cloch mhíle atá sa scannán seo ní haon sárshaothar atá anseo againn.

Tá an iliomad carachtar ann agus gan scóip ag éinne acu forbairt nó a scéal féin a insint chun ár sástachta. Is iad Nat Love (Majors) agus Rufus Buck (Elba) na príomhcharachtair. Ag tús an scannáin chímid tuismitheoir Nat á lámhach go míthrócaireach ag Rufus agus a bhuíon. Blianta ina dhiaidh sin tá Nat sna fir, a bhuíon féin aige is é ar thóir díoltais. Tá blianta caite ag Rufus i ngéibheann ach chímid a bhuíon féin á shaoradh go foréigneach. Seo linn ansin agus an bheirt acu in adharca a chéile.

Meascán mearaí de théamaí á gcíoradh as sin go ceann scríbe; díoltas, dílseacht, coiriúlacht, grá, naimhdeas agus déine shaol an iarthair fhiáin. Tá san ar fad á chniotáil le chéile le greann, foréigean, ceol sainiúil agus íomhánna áiféiseacha cosúil le baile teorann dathannach nach bhfuil aon oidhre air ach áit atá fé lasracha ag soilse neoin. Tá an saothar sollúnta ach tá an teanga sa leathphluic ag an am céanna. Dar liom ní fhreagraíonn siad dá chéile mar is ceart. Go deimhin ní bhfuaireas aon bhlas ach an oiread ar na míreanna aicsin. Bhí troid go bás le gunnaí fada ag deireadh an tsaothair ach gach cuid di seanchaite agus feicthe go minic cheana againn. É sin ar fad agus casadh gan dealramh ag an gcríoch.

Saothar ceannródaíoch ach is deis é nár tapaíodh.

Fág freagra ar 'Cur chuige ceannródaíoch ag scannán buachaillí bó, ach ní haon saothar iontach é'