CULTÚR: Dhá dhráma le hAisteoirí an Spidéil, Comhar-rá i mBaile Bhuirne, Gaelgáirí i nGaoth Dobhair, Báite sna pictiúrlanna

Sa cholún seo tá eolas faoi na hócáidí, na féilte, na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

CULTÚR: Dhá dhráma le hAisteoirí an Spidéil, Comhar-rá i mBaile Bhuirne, Gaelgáirí i nGaoth Dobhair, Báite sna pictiúrlanna

AMHARCLANNAÍOCHT

Dhá dhráma ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéil

Cuirfidh Aisteoirí an Spidéil dhá ghearrdhráma a bhfuil dlúthbhaint acu leis an gceantar i láthair i Seanscoil Sailearna ar an 16 agus an 17 Márta ag 8.00 i.n.

Léireoidh Mike Ó Conaola leagan stáitse de ‘An tOthar’ gearrscéal as an gcnuasach Cois Caoláire le Máirtín Ó Cadhain, duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge arbh as an gCnocán Glas sa Spidéal dó.

Léireoidh Caitríona Ní Dhomhnaill leagan stáitse d’Oifig an Phoist as an gcnuasach Dúil leis an údar mór le rá Liam Ó Flaithearta. Deirtear gur bhunaigh an Flaitheartach an scéal ar Oifig an Phoist an Spidéil agus gur ar iarmháistir poist an Spidéil a bhunaigh sé Máirtín, príomhcharachtar an scéil.

Tá aithne mhór ar Mhaghnus Breathnach mar laoch ar an bpáirc pheile ach ar stáitse a fheicfear é sa dráma Oifig an Phoist. Beidh Máirtín Ó Dubhghaill, Máirín Mhic Lochlainn, Bríd Uí Choistealbha agus Máire Uí Churraoin ar stáitse leis an gcompántas den chéad uair chomh maith.  Is é Éanna Ó Conláin an t-aisteoir is óige agus beidh sé féin agus a dheaide Breandán ar an stáitse in éindí.

Seo an chéad bhabhta freisin ag an aisteoir gairmiúil Caitríona Ní Dhomhnaill, ball an-ghníomhach den chumann, a bheith i mbun léirithe.

€10 an ceann atá ar an ticéid agus beidh siad le fáil ag an doras. Beidh an dá dhráma le feiceáil ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta i gCathair na Mart ar an 19 Márta ag 7.30pm. 

CAINT

Darach Ó Scolaí

Comhar-rá i mBaile Bhuirne

Beidh an tsraith cainteanna le scríbhneoirí na Gaeilge, Comhar-Rá, ag teacht go Baile Bhuirne i gCo. Chorcaí ar an Satharn, an 21 Márta. Sraith cainteanna in ionaid éagsúla ar fud na tíre í seo agus scríbhneoirí éagsúla ag glacadh páirt i ngach eagrán. Is iad Darach Ó Scolaí agus Colm Ó Ceallacháin a bheidh ag caint i gCorcaigh agus iad sa Mhuileann i mBaile Bhuirne ag 4pm.

Foilsitheoir agus scríbhneoir é Darach Ó Scolaí, bunaitheoir an tí foilsitheoireachta Leabhar Breac. Is é an t-úrscéal Bódléar, a ghnóthaigh Gradam Uí Shúilleabháin agus Gradam Love Leabhar Gaeilge 2025, an saothar is deireanaí leis. Scríbhneoir as contae Chorcaí é Colm Ó Ceallacháin. Bhí an t-úrscéal is deireanaí leis, Fiche, ar Ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin agus ar Ghearrliosta Ghradam Love Leabhar Gaeilge anuraidh.

Níl aon táille ar na ticéid ach ní mór áit a chur in áirithe roimh ré.

GREANN

Gaelgáirí i The Social i nGaoth Dobhair

Beidh oíche ghrinn agus neart gáire is spraoi ag GaelGáirí i The Social i nGaoth Dobhair Dé Sathairn, an 14 Márta ó 8.30pm go dtí 10.30pm. Is iad na fuirseoirí a bheidh ar stáitse ná Seán T. Ó Meallaigh, Bláithín de Búrca, Cúán de Búrca, Justin Cassidy agus beidh aoi speisialta eile ann. Oícheanta grinn atá i nGaelgáire, a bhunaigh Andy Ó Faoláin agus Eoin P. Ó Murchú sa mbliain 2013. Tá oícheanta grinn curtha ar bun acu ag cuid d’fhéilte móra na tíre, an Phicnic Leictreach, Féile na Gealaí agus Oireachtas na Samhna ina measc.

€11.70 atá ar thicéid agus is féidir iad a fháil anseo.

FÉILE

Féile na mBeanna Beola

Beidh Féile na mBeanna Beola ar bun i gceantar Chonamara Láir ón 27-29 Márta agus imeachtaí leagtha amach do cheantar Charna, Chill Chiaráin agus Ros Muc. Ar an Aoine, an 27 Márta déanfar ceiliúradh in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh i Ros Muc ar shaothar filí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí. Cuirfear tús leis an ócáid ag 6.30pm. Beidh oíche damhsóirí ar an sean-nós ar bun i Halla Pobail Chill Chiaráin ar an Satharn, an 28 Márta ag tosú ag 7.30pm. Ar an Domhnach, an 29 Márta cuirfear ceolchoirm na féile ar bun in Ionad na nImirceach i gCarna, ag tosú ag 6.30pm.

Níl aon táille ar an doras agus cuirfear sólaistí ar fáil.

EALAÍN

Cathair Cois Cuain, Tionscadal Bhéal Feirste

Beidh ‘Cathair Cois Cuain: Tionscadal Bhéal Feirste’ á chur i láthair ag IMRAM in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste ar an Aoine, an 3 Aibreán ag 8pm. Seó ilmheán é ina bpléitear Béal Feirste tríd an phrós, an fhilíocht, an ghrianghrafadóireacht, an ealaín agus an ceol. Liam Carson, bunaitheoir agus stiúrthóir IMRAM, an coimeádaí.

Tá coimisiún tugtha ag IMRAM do chúigear scríbhneoirí as Béal Feirste saothar nua a chruthú a dhéanann ceiliúradh ar an gcathair. Is iad na healaíontóirí atá ag glacadh páirt sa tionscadal ná Padaí de Cléir, Art Hughes, Réaltán Ní Leannáin, Máire Burns agus Seán Ó Muireagáin.

Beidh íomhánna leis an ngrianghrafadóir Feirsteach, Colm Mac Aindreasa agus grianghraif chartlainne á dteilgean ar scáileán. An dearthóir Margaret Lonergan a bheidh i mbun an léirithe. Seinnfidh Gráinne Holland agus ceoltóirí eile amhráin a bhfuil baint acu le Béal Feirste.

Ticéid ar £15/12 ar fáil anseo.

SCANNÁIN

 

An scannán Báite sna pictiúrlanna ar fud na tíre

Tá an fadscannán Báite, léiriú de chuid Danú Media, á thaispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre faoi láthair. Ainmníodh an scannán do cheithre ghradam IFTA i mbliana, Ainmníodh Eleanor O’Brien don Bhanaisteoir is Fearr, Ruán Magan don Stiúrthóir is Fearr, agus fuair Sheena Lambert ainmniúchán don script. Ghnóthaigh Eimear Noone agus Craig Stuart Garfinkle an Gradam don Cheol Nuachumtha sna Gradaim IFTA.

Scéinséir atá ann, suite in iarthar na hÉireann sna 1970idí. Seo scéal Peggy Casey, tábhairneoir i mbaile tuaithe san iarthar. Nuair a aimsítear corp sa loch tosaítear fiosrúchán dúnmharaithe a chuireann an pobal ar fad in aer.

Tá tuilleadh eolais agus liosta na bpictiúrlann inar féidir an scannán a fheiceáil anseo.

Léigh léirmheas Tuairisc anseo.

 

 

Físeáin Amharc Éireann le Gael Linn ar fáil ar líne

Tá os cionn 250 físeáin Amharc Éireann le Gael Linn ar fáil ar líne ar mhapa idirghníomhach na hÉireann. D’fhoilsigh Institiúid Scannáin na hÉireann (IFI) bailiúcháin de na ríleanna nuachta i gcomhar le Gael Linn le seachtain anuas. Bailiúchán físeán ó na 1950idí agus na 1960idí atá anseo agus iad ar fáil le sruthlú ar fud an domhain ar sheinnteoir an IFI agus aipeanna eile. Tá na físeáin ceangailte le mapa idirghníomhach, áit gur féidir le daoine bratach a fheiceáil ar an mapa agus cliceáil air le físeáin a bhaineann leis an áit a fheiceáil.

Eisíodh na ríleanna nuachta seo ar dtús mar shraith míreanna gearra ar stíl irise agus ina dhiaidh sin mar eagrán seachtainiúil. Foilsíodh 267 eagrán ar fad thar thréimhse cúig bliana ó 1959 agus taispeántaí iad i bpictiúrlanna ar fud na tíre roimh an bpríomhscannán. Bhí trí nó ceithre scéal nó mír i ngach eagrán, idir scéalta ar nós Féile Oisrí na Gaillimhe, Leictriú Chonamara, Beannú Bliantúil Eitleáin Aer Lingus.

Is féidir breathnú ar na físeáin anseo.

CEARDLANN

Ceardlann bláthanna trí Ghaeilge

Cuirfidh Flós Farm Flowers ceardlann bláthanna ar fáil i gColáiste na Coiribe i gcomhar le Gaeilge ABC ar an gCéadaoin, an 25 Márta. Tosóidh an cheardlann ag 7pm agus mairfidh sí ar feadh dhá uair an chloig. Beidh deis ag daoine fleasc Chásca a dhéanamh iad féin an oíche sin. Cuirfear sólaistí ar fáil. Costas €40 an duine atá ar an gceardlann agus is féidir áirithint a dhéanamh anseo.

LEABHAR

Fá Bhruach an Chladaigh á sheoladh in Inis Eoghain

Seolfar an leabhar Fá Bhruach an Chladaigh: Taisce Téarmaíochta Farraige ag ócáid in Iarsmalann Mhuirí agus Pláinéadlann Inis Eoghain tráthnóna inniu, Dé hAoine an 13 Márta ag 7pm. Beidh an t-údar Cormac Mac Giolla Easpaig, arb as an tSrúibh ó dhúchas dó, i láthair. Tá fáilte á cur ag na foilsitheoirí Éabhlóid roimh chách go dtí an ócáid a dhéanfaidh ceiliúradh ar an nGaeilge agus ar an bhfarraige.

Tá suíomh na hiarsmalainne anseo.

Fág freagra ar 'CULTÚR: Dhá dhráma le hAisteoirí an Spidéil, Comhar-rá i mBaile Bhuirne, Gaelgáirí i nGaoth Dobhair, Báite sna pictiúrlanna'