Roinnt le moladh faoin scannán is déanaí ó Cine4, ach urchar amú é ‘Báite’

Tá an chineamatagrafaíocht go hálainn i ‘Báite’ is tá an-taispeántais aisteoireachta ann, ach chuir laigí an phlota mearbhall ar ár léirmheastóir

Roinnt le moladh faoin scannán is déanaí ó Cine4, ach urchar amú é ‘Báite’

Tá an naoú scannán ó cheárta Cine4 chugainn sna pictiúrlanna an tseachtain seo – Báite. Ní fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh chuile scannán a thiocfadh ó inneall nua TG4 ina shárshaothar, agus go deimhin ní bheadh sé féaráilte iad ar fad a chur i gcomparáid leis an sméar mhullaigh ar a saothar An Cailín Ciúin. Mar sin féin, ní haon bhréag é a rá go bhfuil caighdeán níos ísle ag baint leis an iarraidh seo ná mar a bhain le scannáin eile a rinneadh faoin scéim.

Tráchtar go minic ar ‘dhíbirt an amhrais’ sa scannánaíocht – an dearmad atá an lucht féachana sásta a dhéanamh ar an bhfírinne nó ar an réalachas ar mhaithe leis an scéal. Is féidir roinnt mionsonraí a chur i leataobh agus an scannán a chreidiúint ach sáraítear an gheis nuair a thagann rudaí sa mhullach ar a chéile. Faraor, is amhlaidh an scéal i gcás Báite, a stiúir Ruán Magan.

Is féidir go leor faoin scannán a mholadh: tá an chineamatagrafaíocht go hálainn, tá an-taispeántais aisteoireachta tugtha ag roinnt mhaith den chliar – go háirithe an príomhcharachtar Peggy (Eleanor O’Brien), agus tá an fuaimrian go maith.

Rinneadh léiriú maith – ó thaobh prapaí, feisteas, agus fearais de – ar Éirinn mar a bhí sna 1970idí freisin. Tá an fíorbheagán amhránaíochta a chloiseann muid ó Bernadette (Juliette Crosbie) an-deas freisin agus is é an trua nár baineadh úsáid níos mó as a glór sa scannán.

Ach tá an iomarca laigeachtaí sa scannán seo le go sábhálfadh an méid is féidir a mholadh é. An cheist is mó a chloisim agus scannán nua Gaeilge á phlé ná ‘cén chaoi a raibh an Ghaeilge ann?’. Ní ghéillfinn don mhaíomh go bhfuil lucht labhartha na Gaeilge róghafa lenár dteanga féin – níl ann ach go bhfuil PTSD orainn ó leithéidí Kings (2007), Black ’47 (2018), agus An Taibhse (2025).

Lena gceart a thabhairt do chliar Báite, níl an Ghaeilge leath chomh dona is atá sí sna scannáin sin, ach mar sin féin níl sí sách maith leis an ‘amhras a dhíbirt’. Deirtear linn gur baile beag tuaithe in oirthear na Gaillimhe atá i nGleann an Phúca.

Tá sé le tuiscint gur ceantar Gaeltachta atá ann (áit éigin ar an Eachréidh, is dóigh) ach is í Gaelainn na Mumhan atá ag an bpríomhcharachtar Peggy Casey, tá blas Bhaile Átha Cliath ar chaint a deirféar Carla (Fionnuala Gygax) agus tá meascán mearaí de chanúintí ag muintir an bhaile trí chéile.

Ní bheadh aon ghlacadh ag lucht féachana leis dá mbeadh blas Chorcaí ar na príomhcharachtair in Derry Girls ná blas Luimnigh ar Nidge agus a chairde in Love/Hate RTÉ. Ná bíodh scannánóirí na Gaeilge ag súil go nglacfadh an lucht féachana le muintir baile beag tuaithe i nGaillimh ag ‘cad-áil’ agus ag ‘conas-aíocht’.

D’éirigh le Dónall Ó Héalaí agus Eoin Mac Diarmada blas maith Conallach a chur ar a gcuid cainte nuair a bhí róil acu in Crá (2025) agus Rásaí na Gaillimhe (2009) – níl údar ar bith ann nach bhféadfaí treoir a thabhairt do na haisteoirí canúint an Iarthair a chur orthu féin do Báite.

Má fhágtar an rogha aisteach canúintí i leataobh, tá laigeachtaí eile fós sa scannán – an scéal féin ina measc. Ní luíonn go leor gnéithe den phlota le ciall agus chaith mé an oiread sin ama ag iarraidh ciall a bhaint astu gur chaill mé spéis sa scéal féin.

Cén fáth a raibh saighdiúirí as Meiriceá in oirthear na Gaillimhe i 1955? Cén fáth ar gá baile beag a phléascadh sula mbáfaí é le stáisiún cumhachta a thógáil? Cén fáth a mbeadh stáisiún cumhachta in oirthear na Gaillimhe ag giniúint leictreachais do Bhaile Átha Cliath agus do Bhaile Átha Cliath amháin? Cén fáth a mbeadh an oiread sin spéise ag baile beag i nGaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann nach raibh Gaillimh ag imirt ann?

Ceist i ndiaidh ceiste, mearbhall i ndiaidh mearbhaill. Chaithfí an scéal a mhilleadh le cuid de na ceisteanna ba mhó a rith liom agus mé ag breathnú ar Báite a phlé, ach níor shásaigh réiteach na mistéire ar chor ar bith mé ag an deireadh.

Anuas ar laigí an scéil, bhí gnéithe áirithe den déantús scannáin féin lag in áiteanna. Ó thaobh an leanúnachais de, mar shampla, péinteáladh fógra i radharc amháin a bhí gan phéint i radharc a tharla ina dhiaidh sin. Tá mé ionann is cinnte gur úsáideadh an radharc céanna faoi dhó, nó bhí déjà vu mór orm nuair a chonaic mé den dara huair é.

Bhí snáitheanna ann a tugadh isteach sa scéal ach nár forbraíodh agus níor thuig mé i ndáiríre cén fáth ar luadh sa chéad áit iad. Tugadh le fios go raibh duine de na carachtair aerach, ach is ar éigean a forbraíodh an cheist agus bhraith mé ag an deireadh gur caitheadh isteach é le go mbeadh duine aerach sa scannán.

Tá taispeántais mhaithe ann ó na haisteoirí, tá an tírdhreach agus an chaoi ar léiríodh ar an scáileán é go hálainn, agus tá fréamh an scéil spéisiúil. Is é an trua nach dtagann an scannán i gceann a chéile sa deireadh. Urchar amú ó Cine4 an babhta seo.

Fág freagra ar 'Roinnt le moladh faoin scannán is déanaí ó Cine4, ach urchar amú é ‘Báite’'

  • Risteárd Ó Foghlú

    Léirmheas suimiúil ach é róghéar, dar liom. Caithfear roinnt rudaí a chur san áireamh agus canúintí neamhdhúchasacha na n-aisteoirí á bplé:

    Tá líon beag aisteoirí ann atá líofa sa Ghaeilge.

    Is lú fós an líon aisteoirí atá líofa i gcanúint ar leith.

    Is minic a bhíonn buiséad an-teoranta ag scannán den saghas seo freisin – an féidir iallach a chur ar aisteoirí na huaireanta fada a chaitheamh i mbun ceachtanna deaslabhra nuair nach bhfuil siad ach ag saothrú pinginí as an scannán i ndáiríre?

    Dá bharr sin, bíonn ar go leor stiúrthóirí aisteoirí a roghnú a d’fhoghlaim an Ghaeilge ar scoil nó a tháinig ó chúlraí canúna éagsúla; sin nó aisteoirí a roghnú nach féidir leo blas cainte dúchais a aithris go foirfe agus ar minic a mbeadh blas áiféiseach orthu dá ndéanfaidís iarracht aithris a dhéanamh ar chanúint dhúchais nó nach bhfuil na múrtha airgid acu le caitheamh ar ranganna deaslabhra.

    Má éilíonn léirmheastóirí blasanna dúchais foirfe, d’fhéadfadh sé sin caighdeán dodhéanta a chruthú agus bac a chur ar dhaoine tabhairt faoi scannáin a léiriú i nGaeilge.

    Tá ceist níos leithne le plé sa chomhthéacs seo: ar cheart do scannáin Ghaeilge tosaíocht a thabhairt do bharántúlacht teanga (blasanna dúchais agus cruinneas canúna) nó tionscal scannánaíochta níos mó a spreagadh (na haisteoirí is fearr atá ar fáil a aimsiú agus glacadh le daoine nach cainteoirí dúchais iad). Bheadh luí agam féin gan bheith chomh dian ias atá Maitiú i leith cúrsaí canúna – gach seans nach mbacfadh an stiúrthóir leis an scannán seo a chruthú dá mbeadh air na cainteoirí dúchais cearta a aimsiú do gach ról nó cóitsteáil deaslabhra a thabhairt do chuile aisteoir nach raibh an chanúint ‘cheart’ aige.

  • Concubhar

    Mar eolas, tá blas Corcaíoch ag príomh charactair Derry Girls. Is í sin Sister Michael ar ndóigh agus is í Siobhán McSweeney atá sa ról.
    Ceist suimiúil atá tógtha ag Maitiú.

  • Fear a' Ghleanna

    Spoilers im thrácht!

    Cén fáth a raibh saighdiúirí as Meiriceá in oirthear na Gaillimhe i 1955?

    Dúradh sa scannán gur thángadar síos ón tuaisceart chun an demolition a dhéanamh.

    Cén fáth ar gá baile beag a phléascadh sula mbáfaí é le stáisiún cumhachta a thógáil?

    Deineadh sráidbhaile a chlúdach le huisce áit éigin i gCúige Laighean le haghaidh stáisiúin leictreachais.

    Cén fáth a mbeadh stáisiún cumhachta in oirthear na Gaillimhe ag giniúint leictreachais do Bhaile Átha Cliath agus do Bhaile Átha Cliath amháin?
    B’fhéidir gur ró-litriúil a chaith an criticeoir leis an ráiteas san. Gan dabht sna 70idí, is i mBaile Átha Cliath a bhí an chuid is mó de na monarchana nua, agus chun go mbeadh an grid in ann freastal orthu – gá le tuilleadh cumhachta.

    Cén fáth a mbeadh an oiread sin spéise ag baile beag i nGaillimh i gcluiche ceannais na hÉireann nach raibh Gaillimh ag imirt ann?
    Ní bhíonn lucht féachana íseal riamh ag cluiche ceannais ina mbíonn an deis Áth Cliath a threascairt.

  • Ciarán

    Tá an ceart ag Maitiú caighdeán ard a éileamh sa scannánaíocht. Tá dúshláin faoi leith le sárú acu seo a bhíonn ag déanamh scannáin i nGaeilge, ach ní chiallaíonn sin gur cheart glacadh le caighdeán íseal, is cuma cén teanga atá i gceist. Bíonn caighdeán an-íseal ag cuid mhaith de na scannáin i mBéarla a déantar in Éirinn chomh maith.
    Ní gá ach breathnú ar chuid de na scannáin a déantar i dtíortha eile le tuiscint cé chomh lag is atá na hiarrachtaí a thagann as an tír seo. Taispeántar cinn d’ardchaigheán i dteangacha éagsúla go rialta ag na club scannán timpeall na tíre.

  • Oisín Gilmore

    Is é an freagra ar fhormhór do cheisteanna ná nach scannán faoin nGaeltacht fhíor é ‘Báite’.

    Is scannán é faoi “Ghlanaphuca”, áit ficseanúil nach bhfuil ann i ndáiríre. Deirtear in áit nó dhó go bhfuil sé i nGaillimh, ach mar a dúirt tú níl sé soiléir cá bhfuil sé i nGaillimh. Mar tá sé soiléir freisin go bhfuil an scéal bunaithe ar fhíor-shráidbhaile Pholl an Phúca i gCill Mhantáin, ní i nGaillimh.

    So, mar shampla, “cén fáth ar gá baile beag a phléascadh sula mbáfaí é le stáisiún cumhachta a thógáil?” Níl aon leid agam. Ach sin a rinne siad idir 1938 agus 1940 nuair a phléasc an ESB Pholl an Phúca, nuair a bhí siad ag iarraidh stáisiún cumhachta Pholl an Phúca a thógáil.

    B’fhéidir go mbeadh sé níos soiléire gan a rá go raibh an sráidbhaile i nGaillimh. Ach más é sin do ghearán is mó faoin scannán, ní gearán mór é.

  • Nuala de Paor

    Bhain mé taitneamh as an scannán. Ní cainteoir dúchasach mé is níor chuir na canúintí isteach orm ar chor ar bith.
    Seans maith nach raibh sé ag teacht leis na fíricí in áiteanna ach ficsean a bhí ann?

  • Liamo

    Bhain mé an oiread si sult as an scannánaíocht, an phlota, an aisteoireacht agus an chasadh ar an scéal.Tá na rudaí sin thar moladh beirte. Ach más scannán Gaeilge atá i gceist caithfixh muid díriú chomh.maith ar an gcinéal Gaeilge atá á labhairt. Sa scannán seo cé go.bhfuil sé.lonnaigh i nGaillimh tâ leath den phobal ag labhairt Gaelainn ne Mumhan. Tá an baile seo in oirthear na Gaillimhe dá mbeadh sé i dTuaisceart na Gaillimhe ag an am.sin ar nós an Sraith Salach nò an Fhairche bheadh sé níos inchreidte. Is dóigh ag brrathnú ar an mórphictiúr tá súil agam don chéad chéim eile go mbeidh Cillian Murphy, Brendan Gleeson , Paul Mescal srl sásta glcadh le rólanna besg nó mór i scannán Gaeilge rud iontach dearfach agud ní cháinfidh muid iac toisc nach bhfuil canúint nó an bhlas ceart acu