Bhí tábhacht thar na bearta leis na ráitis phearsanta a rinne daoine thar ceann na marbh in ionchoisne an Stardust i mBaile Átha Cliath. Thug siad chun beochta pearsantacht agus spiorad na ndaoine óga a maraíodh san tubaiste. Chuir sinn aithne orthu breis is dhá scór bliain tar éis a loiscthe. Chinntigh na ráitis go raibh na híobartaigh agus a muintir ag croí an scéil. Bhí daonnacht agus cothroime sa phróiseas do dhaoine ar ceileadh an ceart orthu i bhfad rófhada.
Tá súil gur mar sin a bheidh ag an bhfiosrú poiblí faoi bhuamáil na hÓmaí nuair a bheidh seisiúin chuimhneacháin ar siúl i mí Eanáir agus Feabhra seo chugainn os comhair an phobail. Cúpla lá ó shin d’fhoilsigh an cathaoirleach, an t-iarBhreitheamh, an Tiarna Alan Turnbull litir oscailte ar shuíomh an fhiosraithe ag tabhairt cuireadh do dhaoine a gcuimhní a roinnt leis.
D’iarr sé ráitis phearsanta ó dhaoine ar mian leo a mairbh a chomóradh, daoine a gortaíodh, daoine a sholáthair seirbhísí éigeandála, lucht gnó agus pobal an bhaile agus fínnéithe ar beireadh orthu san uafás. Níl brú ar éinne chun ráiteas a sholáthar nó labhairt ag na seisiúin oscailte ach beidh fáilte ag an mbreitheamh roimh chuntais. Dúirt sé nuair a seoladh an binse fiosraithe gur mhian leis scéalta a chloisteáil uathu siúd ar ghoill an bhuamáil orthu agus go raibh taithí gach duine tábhachtach. Chun ráiteas a sholáthar is féidir foirm ar shuíomh idirlín an fhiosraithe a úsáid.
Sa litir, gheall an Tiarna Turnbull go léifeadh sé gach focal de na ráitis a sheolfar chuig an bhfiosrú ionas go mbeadh an t-eolas iontu mar threoir aige is é ag scrúdú an tsléachta ar an Ómaigh ar an 15 Lúnasa 1998. Maraíodh naonúr is fiche, ina measc máthair a bhí ag iompar cúpla; naonúr páistí, 14 bean agus 6 fear ar fad. Gortaíodh na céadta freisin san ionsaí a rinne an Fíor-IRA, easaontóirí poblachtánacha a bhí ag iarraidh próiseas na síochána a scrios ceithre mhí i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Sna blianta ó shin bhí cuid de ghaolta na marbh nó daoine a gortaíodh gníomhach i bhfeachtas poiblí ag éileamh fiosraithe agus freagrachta; bhí íobartaigh eile nár mhian leo labhairt go poiblí. Deir an Tiarna Turnbull nach éigean d’éinne páirt a ghlacadh ach go mbeidh fáilte roimh fhaisnéis chuile dhuine. Bunaíodh an fiosrú poiblí de dheasca rialú Ardchúirte go raibh sé dlite do na híobartaigh. Dhiúltaigh rialtas na hÉireann d’éileamh fiosrú poiblí dá gcuid féin a bhunú ach gheall go gcomhoibreodh siad le binse Turnbull agus go rithfí reachtaíocht chuige sin dá mba ghá. Bhí plé ar an gceist sin ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Hilary Benn leis an Aire Dlí is Cirt Helen McEntee i mBaile Átha Cliath i rith na seachtaine.
Sé cuspóir an fhiosraithe freagra a aimsiú ar an gceist a chothaigh conspóid le sé bliana fichead – an raibh an buamáil inchoiscthe? Is fada daoine ag maíomh gurbh fhéidir agus gur cheart stop a bheith curtha leis na buamadóirí ón Fíor-IRA roimh ré. Ar deineadh faillí ar dhá thaobh na teorann? Tugadh an buama aneas agus d’imigh an dream a bhí ciontach ar ais ó dheas tar éis an carrbhuama a fhágáil sa bhaile plódaithe tráthnóna breá samhraidh. Scrúdófar cé mar a láimhseáladh faisnéis rúnda, cén anailís a rinneadh ar ghutháin phóca, cuir i gcás, céard ab fhéidir a thuar nó a chosc.
Tá súil ag an mBreitheamh Turnbull gurb é a fhiosrú féin an ceann deiridh a mbeidh gá leis faoin uafás. Ní taise sin do na híobartaigh. Tig linn talamh slán a dhéanamh de go dtabharfaidh a muintir ómós mar is ceart dóibh sin go léir a d’fhulaing gan chúis; is maith go n-aithníonn an Tiarna Turnbull é sin. Ach an aimseoidh an fiosrú an fhaisnéis rúnda a ceileadh go dtí seo? Tá folú fianaise fite fuaite leis na conspóidí is géire faoi oidhreacht na dTrioblóidí; is beag an tairbhe a bhaineann leis.
Pádraig O'hEipicín
Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha na marbh.