Tá Gaeilge Dhún na nGall le cloisteáil i gclár faisnéise faoin sacar a craoladh sa tSualainn an tseachtain seo.
Dhírigh an clár is déanaí sa tsraith Leriga Rötter ar chumann Cheiltigh Dhún Lúiche in iarthuaisceart Dhún na nGall. Bhí lucht déanta an chláir i láthair ag cluiche a d’imir an cumann ar a pháirc féin ag bun na hEaragaile.
Tugadh suntas dó sa chlár gur i nGaeilge a labhraíonn imreoirí na gCeilteach agus iad ag imirt agus rinneadh trácht ar an mbuntáiste a thugann an teanga do na himreoirí toisc nach féidir leis an bhfreasúra ná an réiteoir iad a thuiscint.
Díríonn Leriga Rötter, a chraoltar ar discovery+ sa tSualainn, ar chumainn bheaga sacair ar fud na hEorpa.
Långt upp i nordvästra Irland finns ett fotbollslag som är en familj på riktigt. De talar till och med ett språk som inte motståndarna förstår. På lördagseftermiddagarna spelar de match, för vad skulle de annars göra?
📲 Se första avsnittet av Leriga Rötter på discovery+ pic.twitter.com/D8bDBaHRoF
— discovery+ sport 🇸🇪 (@dplus_sportSE) October 20, 2023
jpmorley0@gmail.com
“an buntáiste a thugann an teanga do na himreoirí”…aon dul go leanfadh imreoirí rugair na hÉireann a sampla siúd? Nó imreoirí peile srl? Buntáiste is ea an Ghaeilge ar gach aon tslí. Cathain a thuigfidh tuismitheoirí an méid sin?
Sibéal
Sualannais Twitter
“Thíos in iarthuaisceart na hÉireann tá foireann peile gur fíor-theaghlach atá ann. Fiú labhraíonn siad teanga nach dtuigeann a gcéilí comhraic. Ar tráthnóna Dé Sathairn imríonn siad cluichí, mar cad eile a dhéanfaidís?”
jpmorley0@gmail.com
Sea nach in buntáiste mór in aon chluiche .i. nach dtuigfeadh do chéilí comhraic thú? Is féidir an cur chuige nó an plean foirne a cheilt orthu agus do rogha rud a rá fúthu nó faoin réiteoir (!) agus cuirfear dallamullóg orthu, na pleidhcí. Dá mbeadh Gaeilge ag foireann rugair na hÉireann, mar shampla, níor ghá aon chogar mogar bheith ar siúl ar an dtaobhlíne ná ar an bpáirc agus d’fhéadfaidís Amhrán na bhFiann a chanadh ó thalamh os comhair an domhain mhóir, rud a chuirfeadh a gcuid fola ag rás ina gcuisleanna agus cé déarfadh ná go mbeidís sa chluiche craoibhe anois agus agus agus…(is maith liom go bhfuil Sualannais líofa i gceann Sibéil leis)