Cuma na maitheasa ar Lockhart agus Brady

Ina halt is déanaí faoi thoghchán Westminster na míosa seo chugainn caitheann ár gcolúnaí súil ar an mBanna Uachtair agus ar an tIúr-Ard Mhacha

Cuma na maitheasa ar Lockhart agus Brady

Beidh feisire Parlaiminte nua sa Bhanna Uachtair i ndiaidh na vótála ar an 12 Nollaig, ach níl aon athrú á thuar sa toghcheantar ó dheas de i gcontae Ard Mhacha. Tá an DUP ag cosaint an tsuíocháin sa Bhanna Uachtair ar éirigh David Simpson as agus tá Sinn Féin ag cosaint a suíocháin san Iúr agus Ard Mhacha.

An Bhanna Uachtair

In 2005 bhí bua drámatúil ag David Simpson an DUP sa Bhanna Uachtair. Ní hamháin gur bhain sé an suíochán den UUP den chéad uair ach fuair sé an ceann is fearr ar David Trimble, ceannaire an UUP agus duaisbhuaiteoir Nobel.

Chuir caithréim Simpson deireadh le ré pholaitiúil David Trimble i dTuaisceart Éireann. Choinnigh Simpson a shuíochán gan stró ina dhiaidh sin, ach anuraidh bhí sé sáite i scannal faoina shaol príobháideach a bhain le caidreamh lasmuigh den phósadh a bhí aige le bean óg sa pháirtí. Faoiseamh don DUP ab ea é nuair a d’éirigh sé as.

Roghnaíodh Carla Lockhart, Teachta Tionóil, mar iarrthóir an DUP. Fuair sí suíochán in Stormont den chéad uair in 2016 agus mhéadaigh sí a vóta an bhliain dár gcionn.

Tá cáil uirthi mar oibrí sa toghcheantar a shíneann aneas ó Dhroichead na Banna go Loch nEathach; tá lear mór den phobal in Craigavon, i bPort an Dúnáin agus An Lorgain.

Áirítear gur suíochán sábháilte de chuid an DUP é seo. Bhí 8,000 de mhóramh ag Simpson ar John O’Dowd Shinn Féin in 2017 agus bhí Doug Beattie ón UUP 6,500 níos faide siar arís. I dtoghchán Stormont an bhliain sin, bhí beirt teachtaí tionóil ag an DUP, duine amháin ag an UUP, duine ag Sinn Féin agus duine ag an SDLP.

Bhí John O’Dowd i mbéal an phobail le gairid nuair a thug sé dúshlán Michelle O’Neill mar leas-uachtarán Shinn Féin. Coinníodh an toradh faoi rún ar feadh seachtaine geall leis ach ar deireadh nochtadh go bhfuair sé aon trian de na vótaí. Ní fios cé chomh míshásta is a bhí an cheannaireacht leis ach is é iarrthóir Shinn Féin é sa Bhanna Uachtair arís.

’Sé Doug Beattie iarrthóir an UUP arís. Tá sé ar dhuine de na hionadaithe is sinsearaí sa pháirtí anois agus b’údar iontais é le déanaí nuair a chinn sé (tar éis tréimhse mhachnaimh) nach seasfadh sé do cheannaireacht an UUP: ceapadh Steve Aiken gan aon iomaíocht a bheith ann. Tá súil ag an UUP go méadóidh Beattie a vóta chun stop a chur leis an meath – le súil go mbeadh seans acu ar an suíochán amach anseo.

D’fhreastail Lockhart agus Beattie ar chruinniú a bhí ag dílseoirí i bPort an Dúnáin le gairid nuair a bhí caint ar fheachtas sráide in aghaidh “acht feille” Boris Johnson i dtaca leis an mBreatimeacht. Dúirt an bheirt nach mbeadh aon ghlacadh acu leis an lámh láidir mar thaca leis an bhfeachtas sin.

Tá Dolores Kelly an SDLP agus Eoin Tennyson an Alliance san iomaíocht freisin. Thart ar 9% nó 10% den vóta a bhíonn ag an SDLP go hiondúil agus timpeall leath de sin a bhíonn ag Alliance.

Na hIarrthóirí:

Doug Beattie, Teachta Tionóil UUP

Dolores Kelly, Teachta Tionóil SDLP

Carla Lockhart, Teachta Tionóil DUP

John O’Dowd, Teachta Tionóil Sinn Féin

Eoin Tennyson, Alliance

86,831 líon na vótóirí

An tIúr agus Ard Mhacha

Tháinig Mickey Brady as Sinn Féin i gcomharbacht ar a chomhghleacaí Conor Murphy in 2015 le 41% de na vótaí. In 2017 mhéadaigh sé a sciar go 48% nuair a bhí móramh os cionn 12,000 aige ar William Irwin an DUP a bhí 4,000 chun tosaigh ar Justin McNulty an SDLP. Tá Irwin san iomaíocht arís don DUP ach tá iarrthóir nua ag SDLP, Pete Byrne as Crois Mhic Lionnáin. Thit vóta an UUP go tubaisteach an uair dheiridh agus beidh Sam Nicholson ag súil go dtig leis vóta an pháirtí a mhéadú an babhta seo. Tá an t-iarrthóir céanna ag Alliance freisin, Jackie Coade. Tá páirtí nua sa rás, agus Martin Kelly mar iarrthóir ag Aontú. Tá Aontú ag súil le vóta frith-ghinmhillte agus vótaí a sciobadh ó Shinn Féin agus an SDLP, ach ní dhearna siad éacht ar bith sna toghcháin áitiúla i mbliana. Áirítear go bhfuil Brady slán sábháilte fiú má thiteann vóta Shinn Féin.

Tá móramh mór náisiúnach anseo – 65% sa toghcheantar ina bhfuil deisceart Ard Mhacha agus bailte an Iúir agus Ard Mhacha. Trí shuíochán tionóil atá ag Sinn Féin agus ceann ag an SDLP. Ag an DUP atá an ceann eile. Mar cheantar cois teorann ní hiontas é go bhfuil amhras agus imní faoi impleachtaí an Bhreatimeachta coitianta anseo. Tá an ghéarchéim sa chóras sláinte ag déanamh tinnis dá lán chomh maith.

Na hIarrthóirí:

*Mickey Brady Sinn Féin [feisire Parlaiminte ag cosaint a shuíocháin]

Peter Byrne, SDLP

Jackie Coade, Alliance

William Irwin, Teachta Tionóil DUP

Martin Kelly, Aontú

Sam Nicholson, UUP

83,462 líon na vótóirí

Fág freagra ar 'Cuma na maitheasa ar Lockhart agus Brady'