Bím ag ceannach éadaí do mhná.
Bhuel, do bhean áirithe amháin, dáiríre. Do mo mháthair, a bhfuil cónaí uirthi in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu.
Cheana féin, sular bhog sí isteach san ionad sin, má bhí brístí nua ag teastáil uaithi nó ball éadaigh éigin a d’oir don séasúr, is mise a théadh léi. Théadh muid chuig an siopa céanna i lár an bhaile i gcónaí, siopa éadaí do mhná a mbíonn foighne ag an bhfoireann ann le custaiméirí a mbeadh galar Alzheimer orthu, agus cleachtadh ag lucht an tsiopa ar mhic fhásta a mbíonn orthu dul isteach sa seomra gléasta lena gcuid máithreacha.
Ach tháinig dhá athrú suntasacha ar mo mháthair ó bhog sí isteach san ionad cúraim bliain go leith ó shin.
Tháinig ardú meáchain uirthi, agus tá ardú meáchain ag teacht uirthi i gcónaí. Ní hé go bhfuil sí ag titim i bhfeoil; bhí sí tanaí a dóthain sular bhog sí isteach san ionad. Ach toisc go mbítear flaithiúil leis na brioscaí ann agus toisc nach bhfaigheann sí mórán cleachtadh coirp, ní tomhas ‘M’ atá inti a thuilleadh ach tomhas ‘L’.
Lena chois sin, ó bhog sí isteach san ionad, ní maith léi é a fhágáil. Ní miste léi dul ar shiúlóidín sa ghairdín nó timpeall an bhloic, ach éiríonn sí neirbhíseach nuair nach féidir léi an foirgneamh a fheiceáil, rud a fhágann go bhfuil cuairt ar shiopa éadaí as an áireamh.
Agus fágann sé sin go mbíonn orm éadaí a cheannach di i m’aonar.
Sciuird sciobtha ar shraithshiopa éadaí a bhfuil cuntar amach féinfhreastail acu an chéad rud a rith liom ach – maithigí dom é, a léitheoirí liobrálacha – d’éirigh mé thar a bheith míshuaimhneach i rannóg na mban. (Agus bhí cúis mhaith agam: bhí beirt chailíní sna déaga ag féachaint go haisteach orm dáiríre.)
Bhuel, a shíl mé liom féin, má bhíonn orm seó bóthair a dhéanamh díom féin, déanfaidh mé seó bóthair ceart díom féin. Amach as an sraithshiopa liom agus isteach i siopa eile béal dorais, siopa éadaí do mhná atá ann le blianta fada, de réir dealraimh, ach nach raibh tugtha faoi deara agam riamh roimhe sin toisc nach mbíodh aon ghnó agam ann.
Aghaidh a thabhairt ar an mbean ar léi an siopa agus an scéal ar fad a mhíniú di an chéad rud a rinne mé, agus rud níb fhearr ní dhearna mé riamh. Thug sí an-aire agus lascaine dom agus dúirt go bhféadfainn an dá bhríste a bhí ceannaithe agam a thabhairt ar ais dá bhfaighinn amach, san ionad cúraim, nach dtaitneodh siad le mo mham nó go raibh siad rómhór nó róbheag di.
Lena chois sin, bhí comhrá sách pearsanta againn faoi thuismitheoirí a bheith ag dul in aois – imní ar bhean an tsiopa faoina máthair féin atá sna hochtóidí agus atá ina cónaí, go hiomlán ina haonar, sa Tuirc. Nuair a d’fhág mé an siopa, mhothaigh mé go raibh aithne curtha agam ar dhuine éigin.
Sin cúiteamh beag amháin ar an gcrá croí a bhaineann le haire a thabhairt do ghaol gairid a bhfuil galar Alzheimer air nó uirthi. Bíonn spéis dháiríre ag daoine i do scéal.
Eoghan Ó Néill
Nuair a bhí muid óg thug siad aire dúinn agus anois agus iad sean tugann muidne aire dóibhsan, rotha mór an tsaoil ar bhealach agus tá’n ceart agat, bíonn comhthuiscint agus ‘Mitgefühl’ ag daoine nuair insítear an scéal dóibh.