Cúiseanna coiriúla á gcur i leith Donald Trump mar gheall ar íocaíocht le Stormy Daniels

Seo an chéad uair riamh go bhfuil cúiseanna coiriúla á dtabhairt in aghaidh uachtaráin nó iar-uachtaráin i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Cúiseanna coiriúla á gcur i leith Donald Trump mar gheall ar íocaíocht le Stormy Daniels

Cuirfear cúiseanna coiriúla i leith Donald Trump as baint a bheith aige le hairgead a íoc le haisteoir ionas nach sceithfeadh sí scéal faoi chaidreamh collaí.

Seo an chéad uair riamh go bhfuil cúiseanna coiriúla á dtabhairt in aghaidh uachtaráin nó iar-uachtaráin i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Vótáil Ard-Ghiúiré i Nua-Eabhrac chun Trump a dhíotáil faoi íocaíocht $130,000 a rinneadh le Stormy Daniels, aisteoir i scannáin do dhaoine fásta, chun go bhfanfadh sí ina tost faoin gcaidreamh a líomhnaítear a bhí aici le Trump.

Tuairiscítear ar The New York Times go ndéanfar an t-iar-uachtarán a ghabháil sna laethanta amach romhainn, ach ní fios go fóill an leanfar an gnáthnós agus glais lámh a chur ar an bhfear atá ag seasamh don uachtaránacht den tríú huair.

D’fhéadfadh go dtógfar méarlorg Trump agus pictiúr dá aghaidh mar a dhéantar le gach cosantóir i gcás coiriúil.

Tuairiscítear go bhfuil sé ag i gceist ag Trump leas a bhaint as scéal a dhíotála chun a lucht tacaíochta a ghríosú.

Deir Trump nach bhfuil aon rud mícheart déanta aige agus gurb amhlaidh go bhfuil géarleanúint á déanamh air ar mhaithe le cur as don toghchán.

Ionchúisitheoir Dúiche Manhattan Alvin Bragg a chuirfidh Trump agus a lucht dlí ar an eolas faoin díotáil agus is cosúil go mbeidh ar an iar-uachtarán taisteal óna theach cónaithe in Florida chun dul go dtí Nua-Eabhrac, áit a ndéanfar é a ghabháil agus a reáchtálfar an chéad éisteacht chúirte.

 

Fág freagra ar 'Cúiseanna coiriúla á gcur i leith Donald Trump mar gheall ar íocaíocht le Stormy Daniels'