Cuireadh den bhóthar mé as tiomáint faoi thionchar an óil… ach níor ól mé aon bhraon riamh!

Seo scéal staonaire as Conamara a ciontaíodh as tiomáint mheisciúil i gCúirt i bPort Láirge

Cuireadh den bhóthar mé as tiomáint faoi thionchar an óil… ach níor ól mé aon bhraon riamh!

Deamhan deoir. Ag teacht gar don Nollaig féin ní bhlaiseadh mé dó. Bhuel, deoir amháin aon uair amháin. Mo mháthair, beannacht Dia léi, a thug braon poitín dom in aois mo 11 bliain, nó mar sin. Bhí sí ag iarraidh feabhas a chur orm. Chinn uirthi feabhas ná comhairle a chur orm ariamh! Ach idir mhagadh agus dáiríre sé an chaoi a raibh slaghdán orm a bhí ag dul in ainseal. Fuair mé as an slaghdán. Cé nach staonaire oifigiúil mé níor ól mé alcól ariamh ó shin.

Ach tharla rud dom nach mbeadh meabhair ag Einstein féin as, ciontaíodh mé as tiomáint mheisciúil! Mar a d’abraíodh Gay Byrne “I kid you not”.

Seo é an scéal. D’athraigh mé ó chomhlacht árachais gluaisteáin go comhlacht eile cúpla mí ó shin. Bhí ceisteanna ag an dream nua faoi mo chuid tiomána, agus faoi aon chiontú a bheadh im aghaidh roimhe seo. Bhíodar ag iarraidh cruthúnais air sin freisin. Ghlaoigh mé ar an gcóras ceadúnais tiomána – an NDLS – agus d’inis mé dóibh. Dúirt mé leo go raibh cúpla pointe pionóis ar mo cheadúnas de bharr an teorainn luais a shárú ar an N59 i gConamara ach go raibh sin go leor blianta siar. Dúirt an fear a bhí ag caint liom go raibh na pointí glanta amach le fada an lá. “Ceart go leor,” a deir mé féin. “Sin sin mar sin.” D’fhreagair fear na gceadúnas tiomána mé ar bhealach cineál stadach. “Bhuel,” arsa seisean “ar ndóigh tá cuimhne agat go raibh tú curtha den bhóthar in 2012 faoi shárú ar Alt 49?”

Ar ndóigh sé Alt 49 den Acht Um Thrácht Bóthair an ceann a bhaineann le tiomáint óltach. Bhuail racht gáirí mé. “Tá mé dháiríre faoi seo,” arsa fear oifig na gceadúnas tiomána. Tuilleadh gáirí. “Níor ól mise alcól ariamh,” arsa mé féin “tá dul amú ort.” Ní raibh dul amú air féin a deir fear na gceadúnas. Sheiceáil sé cúpla rud eile – seoladh poist, dáta breithe srl. “Sea,” arsa seisean “is tú atá agam anseo.”

D’éirigh an bheirt againn dáiríre faoin ábhar. De réir na gcáipéisí ciontaíodh mé as tiomáint mheisciúil i gcúirt i gcathair Phort Láirge ar an 28 Samhain 2012. Tugadh uimhir thagartha an cháis síos agus bhí achomharc ann. Bhí mé curtha den bhóthar idir 27 Bealtaine 2012 go dtí an 27 Bealtaine 2013. (Is léir anseo go mba é 28-11-2012 dáta an achomhairc).

As pobal Charna mé ach tá seoladh poist an Chaisil againn. Tugadh síos m’ainm agus mo sheoladh poist mar seo: Máirtín Ó Catháin, Gabhla, Caiseal, Conamara. Co na Gaillimhe. Cuireadh síos an choir ar mo cheadúnas tiomána san NDLS agus sé an seoladh sin atá mé théis a thabhairt an seoladh atá leis.

Chuaigh mé i dteagmháil leis na Gardaí faoin scéal agus dúradh liom gurbh fhearr labhairt le Ceannfort Cheantar Gardaí an Chlocháin – sin é iarthar Chonamara. Cás aisteach a bhí anseo, a dúradh liom. Mar a tharlaíonn sé is thoir ar an Órán Mór atá Ceannfort Iarthar Chonamara lonnaithe. Níor éirigh liom labhairt leis; tuigim nach bhfuil córas lán-aimseartha sa stáisiún sin. Is cinnte nach bhfuil córas lán-aimseartha teileafóin ann.

Shocraigh mé go gcuirfinn glaoch ar Sheirbhís na gCúirteanna i bPort Láirge.

Ba é an chéad toradh a bhí air sin ná iontas. Agus ní raibh aon chuntas acu orm ná ar mo ‘chiontú’ as tiomáint faoi thionchar an óil. Chuathas ag tóraíocht abhus agus thall i bPort Láirge. Ní raibh tásc ná tuairisc ar chás Mháirtín Uí Chatháin. Bhí an léamh agam ar an scéal roimhe sin freisin nach raibh an cás ar chód leictreonach (an córas Pulse) na nGardaí. Ba cheart go mbeadh cásanna a bhainfeadh le ciontú as tiomáint mheisciúil sa gcód sin agus go bhfanafidís ann.

Ceart go leor ní raibh an uimhir thagartha agam don Chúirt a tugadh dom in Oifig na gCeadúnas Tiomána nuair a ghlaoigh mé ar Phort Láirge i dtosach. Chuir mé tuairisc in Oifig na gCeadúnas Tiomána aríst. Ní raibh aon trioblóid ansin. Fuair mé an uimhir thagartha don chúirt aríst agus comhairlíodh dom go mbainfí an “ciontú” as an bhfillteán in Oifig na gCeadúnas dá bhfaighinn litir ó Sheirbhís na gCúirteanna.

Ar ais liom ar an teileafón go Port Láirge agus thug mé an uimhir thagartha a tugadh dom i gcóras na gceadúnas tiomána – an NDLS – don bhean in oifig Sheirbhís na gCúirteanna i bPort Láirge. Ghlaofaí ar ais orm, a deir sí. Tharla sin, ceart go leor. Dúradh liom go raibh cuntas faighte acu ar an gcás anois. Rinneadh achomharc ón gCúirt Dúiche go dtí an Chúirt Chuarda sa gcás a bhí i gceist ach níor dúradh liom cé a bhí ann (an duine a tugadh chun cúirte atá i gceist agam). Anois bhí cuntas acu ar an gcás i bPort Láirge.

Ach, cén chaoi a raibh mise i bhfostú sa gcás? Meascán ar ainmneacha b’fhéidir ach cén chaoi a mbeadh na sonraí pearsanta eile a bhain domsa ar an gciontú? Botún – chaithfeadh sé. Nó cén córas atá ann le ainm agus dintiúirí an té atá ciontaithe a chur chuig Oifig na gCeadúnas Tiomána, an NDLS? An iad an Garda Síochána a dhéanann é sin? Dúradh liom go raibh an Garda a bhí i mbun an cháis seo éirithe as na Gardaí ó shin (fuair mé ainm). Bhí dul amú ar dhuine éicint in áit éicint agus dul amú ciotach agus contúirteach.

Dúradh liom i bPort Láirge an iarraidh seo dá scríobhfainn chuig Seirbhís na gCúirteanna i bPort Láirge go mbeifí in ann litir a chur chugam ag deimhniú nár cúisíodh agus nár ciontaíodh mé ariamh as tiomáint mheisciúil. Tá an litir sin faighte agam.

Ach a leithéid de scéal – agus ba de thimpiste a fuair mé amach go raibh mé curtha den bhóthar! Agus an anonn agus anall a bhain le m’ainm a ghlanadh. Is beag nach gcuirfeadh sé duine ar an ól!

Fág freagra ar 'Cuireadh den bhóthar mé as tiomáint faoi thionchar an óil… ach níor ól mé aon bhraon riamh!'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Ní thiocfadh fiú amháin Kafka suas leis an scéal!

  • Ruán Ó Gliasáin

    An-alt

  • Máire ní Dhuinn

    O Mo Dhia, níl fhios ag éinne cad atá scriobhta fúinn sa comhaid oifigiúl, botún tar éis bhotún eile.
    Cad faoi do dea-chlúiteach?

    Scéal suimiúil.

  • An Sléibhteoir

    Scannalach na rudaí a tharlaíonn. Dráma ar Virgin Media ar an teilifís faoi láthair faoi dhaoine a bhí i gceannas ar chraobhacha den Oifig an Phoist i Sasana. Is cosúil go raibh botún sna bogearraí cuntasaíochta a dháil an comhlacht ar na hoifigí poist áitiúla. Nuair ná raibh na cuntais de réir a chéile sa deireadh, ciontaíodh an-chuid de máistrí poist áitiúla as gadaíocht agus as calaois!

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Scéal uafásach ar fad… ach ní haon chúis iontais é 7 an tír ina praiseach maidir le hiomaí rud! Oifigí oifigiúla ach go háirithe! An tír abhus atá i gceist agamsa… ach tá cúrsaí cosúil as achan áit.

  • Bfinn

    Dia ár sabháil. Sin scéal uafásach ar fad. Bhí obair na gcapall agat d’ainm a ghlanadh.

  • Fíreannach

    Ar thit tú anach le duine ar bith, nó le garda, nó duine éigin ‘ard’ sa saol? Féach ar na rudaí uafásacha a dúradh faoi Maurice McCabe. V sé scríofa ar chóras oifigiúil Tusla gur éagnaigh sé leanaí mar gheall gur sheas sé an fód.