Déanfar cuimhneachán ar an iriseoir agus an scríbhneoir Breandán Ó hEithir mar chuid d’Fhéile na bhFlaitheartach Dé Domhnaigh seo chugainn.
Nócha bliain ó shin a rugadh é agus tríocha bliain ó shin a cailleadh é.
Ón mbliain 2013 i leith bhí Féile na bhFlaitheartach ar Inis Mór, Árainn, le comóradh a dhéanamh ar shaothar litríochta agus polaitíochta uncaileacha Bhreandáin, Liam agus Tomás Ó Flaithearta.
Féile de chineál eile a bheas inti i mbliana mar gheall ar an víreas bradach sin. Ar líne a bheas na himeachtaí.
Iarradh ar Phóilín Ní Chiaráin príomhléacht na Féile a thabhairt ar líne faoi shaol agus faoi shaothar Bhreandáin Uí Eithir.
Cá bhfaighfeá cainteoir níos fearr? Chaith sí seal blianta ag obair in éineacht leis agus bhí ardmheas aici air i gcónaí.
Ar an leathanach Facebook a bheas Póilín le feiceáil tráthnóna Dé Domhnaigh ag 7pm.
Ar an 6 Meán Fómhair díreofar ar theach Uí Eithir ar Inis Mór. Léifear sleachta as scríbhinní Bhreandáin agus as scríbhinní Liam Uí Fhlaithearta freisin.
An lá céanna casfar ceol agus an t-amhrán magúil a chum Breandán ‘The Gentle Black and Tan’.
Tá sé tráthúil go gcasfaí an t-amhrán sin ar Inis Mór i mbliana. Sa mbliain 1920 thug caoga saighdiúir d’fhórsaí na Breataine ruathar faoi Inis Mór. Mharaigh siad fear darbh ainm Labhrás Mac Donncha.
Fear a bhí ann nach raibh páirt ar bith aige i gCogadh na Saoirse ach níor shábháil sin é.
An lá céanna thug díorma de na saighdiúirí cuairt ar an teach ar tógadh Liam agus Tomás Ó Flaithearta ann. Ar thóir fir darbh ainm Tomás Pléimeann a bhí siad.
Bhí seisean pósta le deirfiúr le Liam agus le Tomás.
Bhí máthair a mhná ag tabhairt bainne do pháiste nuair a bhuail na saighdiúirí an doras. Chuaigh sí amach agus an páiste ina baclainn aici. D’éirigh léi beagán moille a chur orthu rud a thug deis don Phléimeannach rith suas an staighre agus éalú amach trí fhuinneog na binne.
Dá mbéarfaidís air ní bhfaigheadh sé saol fata i mbéal muice mar ba é ceannaire na n-óglach in Árainn é.
Dúirt Tim Robinson ina leabhar Stones of Aran gur chreid Tomás Pléimeann gur fear as Fearann an Choirce a rinne scéala air. Fear a bhí ansiúd a bhíodh ag déanamh poitín. Thugadh sé cuairt ar Ghaillimh scaití agus tugadh faoi deara go mbíodh nótaí deich bpunt aige go minic.
D’fhág an fear seo an t-oileán agus maraíodh i dTiobraid Árann é ina dhiaidh sin.
Le Fianna Fáil a chuaigh Tomás Pléimeann. Bhí sé féin agus athair Bhreandáin Uí Eithir, Pádraig, ar an dream a bhunaigh an chéad chumann d’Fhianna Fáil in Árainn.
Níl amhras ar bith nach Poblachtaigh go smior a bhí sna Pléimeannaigh. B’as oirthear na Gaillimhe iad.
Chuir an Poblachtach as Ros Muc, Colm Ó Gaora, aithne ar dhuine acu i bpríosún Mhuinseo tar éis Éirí Amach 1916 agus aríst i bpríosún i Sasana. Seo mar a scríobh sé faoin duine sin ina leabhar Mise:
Micheál Pléimeann ab ainm dó. Fear meánaosta a bhí ann ar chuir an méid a d’fhulaing sé borradh lena dhúthracht agus a thírghrá. Ní hé amháin gur throid sé féin ina sheanaois san Éirí Amach, ach rinne a cheathrar mac aithris air…An fhad is a bhí sé i ngéibheann chum sé dhá amhrán “Convict 95” agus “O’Donovan’s Kid”.
Ba é Éamon de Valera Convict 95.
Tá ábhar amháin eile a bhaineas le Féile na bhFlaitheartach ar fiú go mór é a lua agus is é sin go seolfaidh Éamon Ó Ciosáin aistriúcháin go Gaeilge atá déanta ag Mícheál Ó Conghaile ar chuid de ghearrscéalta Liam Uí Fhlaithearta.
Fág freagra ar 'Cuimhneachán ar Bhreandán Ó hEithir nócha bliain ó rugadh é'