Nochtfar sa Más i gCarna i gConamara inniu plaic chuimhneacháin in ómós d’ochtar as an gceantar sin a bádh go tubaisteach Lá Fhéile Mhic Dara 109 bliain ó shin. Bhí sí ar cheann de na tragóidí ba mheasa a tharla riamh ar chósta Chonamara. Cúigear ban óg agus triúr fear a bhásaigh ó dheas de chladach Mhaínse nuair a thóg an púcán a rabhadar uirthi uisce ar bord agus luigh go leataobh. Bhíodar i bhfoisceacht cúpla céad slat den chladach. Fuarthas na coirp uilig ar thránna Mhaínse ar mhaidin dár gcionn.
Seo iad na daoine a bádh Lá Fhéile Mhic Dara 109 bliain sa lá inniu i gCarna: Pádraig de Búrca (Pádraig Stiofáin Mhóir), 45, as Roisín na Mainiach agus beirt chlann iníon leis, Nóra, 14, agus Máire, 17 ; Máirtín Mac Donnchadha (Máirtín Bheartle Shéamuis), 37, as Roisín na Mainiach ó dhúchas ach a raibh cónaí air in Aill na Brún; Pádraig Ó Cualáin (Pat Cheata), 25, as Caladh Mhaínse; Kate Tom Bhreathnaigh, 16, as Caladh Mhaínse; Maggie Ní Ghuairim, 17, as Caladh Mhaínse; agus Delia Ní Mhaoilchiaráin, 15, as Caladh Mhaínse.
I Maínis a bhí imeachtaí Fhéile Mhic Dara ar bun an bhliain sin agus bhí na daoine a chuaigh ar bord an phúcáin ag dul soir chomh fada le Cé Bhun an tSrutháin i Roisín na Mainiach. Bheadh aicearra maith ansin ar an mbealach abhaile dóibh seachas a dhul de shiúl a gcos amach an bóthar.
Is ionmí scéal a bhí ann faoin tubaiste in imeacht na mblianta ach ceaptar nár chuidigh sé leis an scéal nach raibh ballasta a baineadh as an púcán le haghaidh rásaí níos túisce, curtha ar ais inti.
Cuireadh seachtar acu siúd a bhásaigh i mí Iúil 1907 i Maínis agus ceaptar gur i gCill Chiaráin a cuireadh Máirtín Mac Donnchadha
Bhíothas ag súil go m’bhféidir go mbeadh Méara Boston, Marty Walsh, i gCarna inniu leis an bplaic chuimhneacháin a nochtadh. Sean-aintín leis í Kate Tom Bhreathnaigh as Caladh Mhaínse a bhásaigh sa tragóid mhara 109 bliain ó shin agus gan í ach 16 bliain d’aois. Bhí an Méara ceaptha a bheith i gCnoc Mhuire an dá lá seo agus é ag freastal ar ócáid athchoisreacan an Basilica ag an scrín. Tá luí ar leith ag an Méara le Cnoc Mhuire ón uair go raibh sé an-tinn leis an ailse ina ghasúr.
Labhraíonn sé ar an muinín a bhí ag a mhuintir as Cnoc Mhuire agus as na paidreacha a dúradh don Bhreathnach óg ansin. Bhí an Méara ceaptha teacht anall i gcuideachta lucht oilithreachta as Ard-Deoise Bhoston faoi stiúir an Chairdinéil, Seán O’Malley. Bhíothas dóchasach go bhféadfadh an Méara píosa de lá a chaitheamh i bpobail dhúchais a mháthar (Ros Muc) agus a athar (Carna) agus go dtiocfadh sé chuig nochtadh na plaice cuimhneacháin.
Nochtfar an leacht chuimhneacháin i dTeach an Bháid Tarrthála sa Más i gCarna ag 3 pm inniu. Is cuid é an searmanas seo d’imeachtaí Fhéile Mhic Dara na bliana seo. Tá cur síos iomlán den chéad scoth ar an tubaiste a tharla Lá Fhéile Mhic Dara 109 bliain ó shin ag Cóilín Ó hIarnáin i leabhrán Fhéile Mhic Dara na bliana seo. Tugann Cóilín míniú ar na ceangail teaghlaigh agus na daoine muinteartha a bhí acu siúd uilig a bhásaigh agus tá tuilleadh eolais aige as nuachtáin agus foinsí eile faoin ócáid bhrónach úd.
Suaimhneas síoraí dóibh siúd uilig a d’imigh ar shlí na firinne i gCarna Lá Fhéile Mhic Dara 1907.
Fág freagra ar 'Cuimhne ar thragóid Lá Fhéile Mhic Dara – 109 bliain ó shin'