Cuimhne ar thragóid Lá Fhéile Mhic Dara – 109 bliain ó shin

Déanfar comóradh inniu i gCarna ar cheann de na tragóidí ba mheasa a tharla riamh ar chósta Chonamara nuair a bádh cúigear ban óg agus triúr fear ó dheas de chladach Mhaínse

Sean Bád

Nochtfar sa Más i gCarna i gConamara inniu plaic chuimhneacháin in ómós d’ochtar as an gceantar sin a bádh go tubaisteach Lá Fhéile Mhic Dara 109 bliain ó shin.  Bhí sí ar cheann de na tragóidí ba mheasa a tharla riamh ar chósta Chonamara.   Cúigear ban óg agus triúr fear a bhásaigh ó dheas de chladach Mhaínse nuair a thóg  an púcán a rabhadar uirthi uisce ar bord agus luigh  go leataobh.  Bhíodar i bhfoisceacht  cúpla céad slat den chladach.   Fuarthas na coirp  uilig ar thránna Mhaínse ar mhaidin dár gcionn.

Seo iad na daoine a bádh Lá Fhéile Mhic Dara 109  bliain sa lá inniu i gCarna: Pádraig de Búrca (Pádraig Stiofáin Mhóir), 45, as Roisín na Mainiach agus beirt chlann iníon leis, Nóra, 14, agus Máire, 17 ; Máirtín Mac Donnchadha (Máirtín Bheartle Shéamuis), 37, as Roisín na Mainiach ó dhúchas ach a raibh cónaí air in Aill na Brún; Pádraig Ó Cualáin (Pat Cheata), 25,  as Caladh Mhaínse; Kate Tom Bhreathnaigh, 16, as Caladh Mhaínse; Maggie Ní Ghuairim, 17, as Caladh Mhaínse; agus Delia Ní Mhaoilchiaráin, 15, as Caladh Mhaínse.

I Maínis a bhí imeachtaí Fhéile Mhic Dara ar bun an bhliain sin agus bhí na daoine a chuaigh ar bord an phúcáin ag dul soir chomh fada le Cé Bhun an tSrutháin i Roisín na Mainiach.  Bheadh aicearra maith ansin ar an mbealach abhaile dóibh seachas a dhul de shiúl a gcos amach an bóthar.

Is ionmí scéal a bhí ann faoin tubaiste in imeacht na mblianta ach ceaptar nár chuidigh sé leis an scéal nach raibh ballasta a baineadh as an púcán le haghaidh rásaí níos túisce, curtha ar ais inti.

Cuireadh seachtar acu siúd a bhásaigh i mí Iúil 1907 i Maínis agus ceaptar gur i gCill Chiaráin a cuireadh Máirtín Mac Donnchadha

Bhíothas ag súil go m’bhféidir go mbeadh Méara Boston, Marty Walsh, i gCarna inniu leis an bplaic chuimhneacháin a nochtadh.  Sean-aintín leis í Kate Tom Bhreathnaigh as Caladh Mhaínse a bhásaigh sa tragóid mhara 109 bliain ó shin agus gan í ach 16 bliain d’aois.  Bhí an Méara ceaptha a bheith i gCnoc Mhuire an dá lá seo agus é ag freastal ar ócáid athchoisreacan an Basilica ag an scrín.  Tá luí ar leith ag an Méara le Cnoc Mhuire ón uair go raibh sé an-tinn leis an ailse ina ghasúr.

Labhraíonn sé ar an muinín a bhí ag a mhuintir as Cnoc Mhuire agus as na paidreacha a dúradh don Bhreathnach óg ansin.  Bhí an Méara ceaptha teacht anall i gcuideachta lucht oilithreachta as Ard-Deoise Bhoston faoi stiúir an Chairdinéil, Seán O’Malley.  Bhíothas dóchasach go bhféadfadh an Méara píosa de lá a chaitheamh i bpobail dhúchais a mháthar (Ros Muc) agus a athar (Carna) agus go dtiocfadh sé chuig nochtadh na plaice cuimhneacháin.

Nochtfar an leacht chuimhneacháin i dTeach an Bháid Tarrthála sa Más i gCarna ag 3 pm inniu.  Is cuid é an searmanas seo d’imeachtaí Fhéile Mhic Dara na bliana seo.  Tá cur síos iomlán den chéad scoth ar an tubaiste a tharla Lá Fhéile Mhic Dara 109 bliain ó shin ag Cóilín Ó hIarnáin i leabhrán Fhéile Mhic Dara na bliana seo.  Tugann Cóilín míniú ar na ceangail teaghlaigh agus na daoine muinteartha a bhí acu siúd uilig a bhásaigh agus tá tuilleadh eolais aige as nuachtáin agus foinsí eile faoin ócáid bhrónach úd.

Suaimhneas síoraí dóibh siúd uilig a d’imigh ar shlí na firinne i gCarna Lá Fhéile Mhic Dara 1907.

Fág freagra ar 'Cuimhne ar thragóid Lá Fhéile Mhic Dara – 109 bliain ó shin'