Cúig rud a rith lenár léirmheastóir teilifíse faoi chláir Ghaeilge na sceideal nua…  

Sheol TG4 a sceideal fómhair inné i gcathair na Gaillimhe, seoladh a thagann sna sála ar sceideal RTÉ. Caitheann ár gcolúnaí teilifíse a shúil ar chuid de de na féiríní a bheidh chugainn as seo go ceann roinnt míonna 

Cúig rud a rith lenár léirmheastóir teilifíse faoi chláir Ghaeilge na sceideal nua…  

1) Crá 

Is fada mé ag cáiseamh an easpa drámaíochta ar TG4. Dá fheabhas é Cine4 ní chuirtear ar fáil ach dhá shaothar sa bhliain, ar a mhéad, agus d’airigh mé uaim riamh na gearrscannáin chruthaitheacha agus mionsraitheanna amhail Corp + Anam. Táthar anois ag iarraidh an t-easnamh sin a chúiteamh. Scéinséir a atá geallta agus é bunaithe ar fhiosrúchán dúnmharaithe a chuirtear sa tsiúl nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil. Déantar seánra na gcoirscéalta fírinneacha a tharrac isteach sa chúram nuair a thugann podchraoltóir áitiúil faoi chlár ar an dúnmharú. Dónall Ó Héalaí a bheidh sa phríomhról. Sé ghála ar fad atá sa tsraith agus craolfar an chéad cheann acu ar an 11 Samhain. Meabhraítear dúinn go mbeidh saothair Cine4, Fidil Ghorm agus Fréamhacha chugainn chomh maith mar aon leis le scannán rathúil Kneecap 

2) Vótáil, Fóram agus Scannal 

I ndeireadh thiar thall tabharfaidh RTÉ clár cúrsaí reatha ar an bport. Bhí bréagmhaidneachan againn cheana ach tá an chuma ar an scéal go mbeidh clár seachtainiúil cúrsaí reatha Gaeilge againn den chéad uair le blianta fada. Craolfar beo é ar an Domhnach agus meascán de scéalta nuachta agus anailís a bheidh ann. Cloch mhíle ó thaobh na craoltóireachta Gaeilge agus dúshlán á thabhairt do TG4 agus 7Lá cur lena gcuid féin. Agus olltoghchán ar na bioráin beidh Cormac Ó hEadhra chugainn leis an tsraith ceithre chlár, Vótáil, saothar a thabharfaidh éachtaint ar olltoghcháin cháiliúla, chonspóideacha. Lena chois sin beidh Scannal againn (is breá le RTÉ cloí le focal amháin in ainmneacha na gclár Gaeilge is léir). Beidh dhá chlár speisialta ar RTÉ faoi bhás tragóideach Savita Halappanavar agus an spreagadh a thug sé don fheachtas a bhí ag iarriadh an t-ochtú leasú ar an mbunreacht a athrú.   

3) Pogrom Bhéal Feirste agus  Iománaíocht Hollywood 

Na cláir faisnéise is mó a bhronnann éagsúlacht ar TG4 i gcónaí. Tabharfaidh an clár faisnéise Pogrom Bhéal Feirste léargas dúinn ar na huafáis a tharla sna sé chontae i ndiaidh na críochdheighilte. Bhí náisiúnaithe i ngalar na gcás ag an am agus cos ar bolg á déanamh orthu de shíor.

Do bhreac an sagart Caitliceach, an tAthair Hassan, cuntas faoi na huafáis seo i mBéal Feirste. Foilsíodh na cuntais sa leabhar Facts and Figures of the Belfast Pogrom. Meastar nach bhfuil ach 18 de na leabhair sin ar marthain inniu; iad i bhfolach i gcartlanna éagsúla go dtí go bhfuarthas iad le blianta beaga anuas.  

Sa mhionsraith dhá chlár Iománaíocht Hollywood tabharfar cuntas ar an tslí a léiríodh muintir na hÉireann agus na cluichí Gaelacha ar scáileán ó thosach an chéid seo caite.   

 

Brian Tyers, Gemma Ní Chionnaith, Cuán Ó Flatharta. Pictiúr: Martina Regan

4) Tábhacht an spóirt… 

Arís eile tá an spórt, na cluichí Gaelacha go háirithe, mar mháithreacha le sceideal TG4. Beidh cluichí na Sraithe Náisiúnta acu mar aon le craobhchomórtais na gclubanna, Peil na mBan, comórtais faoi aois agus comórtais ag an dara is an tríú leibhéal. É sin ar fad agus rugbaí, rásaí capall agus sacar na mban. Beidh Laochra Gael ag filleadh do shéasúr 24 agus ochtar faoi chaibidil.  

 

Opry le Daniel

5) …agus tábhacht an cheoil 

Dá dtógfaí an spórt agus ceol ó sceideal TG4 bheadh laethanta ann go mbeimis i dtaobh le tom rothlaim. Ó thaobh an cheoil beidh Opry le Daniel ar Thuras againn, Scoil Cheoil an Earraigh, Geantraí agus Scoil Samhraidh Willie Clancy againn. Beidh clár faisnéise chugainn a dhíreoidh ar na nascanna ceoil idir Éirinn agus Ceanada (Ceol na gCoillte) agus sraith chugainn, Ceolaireacht, ina rachfar ar thuras ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban.  

Tá an ealaín chéanna ar siúl ag RTÉ le tamall agus an Ghaeilge á nascadh acu leis an gceol. Tá cuma théagartha go maith ar ar An Leabhar Nótaí ina rachaidh Imelda May ar thuras teanga agus cheoil agus déanfaidh Aistear an Amhráin scagadh arís ar na scéalta taobh thiar de chuid de mhóramhráin na hÉireann. Leanfaidh An Ghig Mhór bannaí ceoil agus iad ag prapáil dá gcéad seónna móra ina mbailte dúchais. 

Fág freagra ar 'Cúig rud a rith lenár léirmheastóir teilifíse faoi chláir Ghaeilge na sceideal nua…  '

  • Fergus na Foghraíochta

    Agus folús amháin eile ná easpa scannán agus clár faisnéise i dteangacha na hEorpa.
    Murach Fíórsceál cheapfadh éinne go raibh an tír seo ar snámh i bhfad amach san aigéin Atlantaigh agus sinn báite sa bpoll Anglamheirceánach mar atá.