Cúig lá dobróin fógartha d’uachtarán na hIaráine a maraíodh i dtuairt héileacaptair

Bhí Ebrahim Raisi ar dhuine de na ceannairí is diongbháilte san Iaráin agus bhí sé áirithe orthu siúd a mbeadh seans acu teacht i gcomharbacht ar an Ayatollah Ali Khamenei

Cúig lá dobróin fógartha d’uachtarán na hIaráine a maraíodh i dtuairt héileacaptair

Tá cúig lá dobróin fógartha ag Ard-Cheannaire na hIaráine, Ali Khamenei, d’uachtarán na tíre, Ebrahim Raisi, a maraíodh i dtimpiste héileacaptair inné.

Bhí Ebrahim Raisi ar dhuine de na ceannairí is diongbháilte san Iaráin agus bhí sé áirithe orthu siúd a mbeadh seans acu teacht i gcomharbacht ar an Ayatollah Ali Khamenei, atá 85 bliain d’aois. I gceantar sléibhtiúil gar de theorainn na hAsarbaiseáine i dtuaisceart na tíre a tharla an timpiste.

Agus síobadh sneachta ann bhí cuardach ar bun ar feadh na hoíche agus thángthas inniu ar smionagar an héileacaptair inar maraíodh Raisi agus an t-aire gnóthaí eachtracha Hossein Amir-Abdollahian agus roinnt daoine eile.

Thuairteáil an héileacaptar, a bhí i gconbhua le dhá cheann eile, i gceo trom agus Raisi ar a shlí go dtí cathair Tabriz san iarthuaisceart i ndiaidh dó freastal ar shearmanas oscailte damba ar theorainn na hAsarbaiseáine.

Cléireach fíorchoimeádach Siach ab ea Raisi a bhí an-mhór leis an Ayatollah Ali Khamenei.

Bhí lámh ag Raisi i gcuid de na heachtraí is brúidiúla inar cuireadh faoi chois daoine a síleadh a bhí naimhdeach don phoblacht Ioslamach.

In 2022 chuir Raisi agus an rialtas faoi chois go brúidiúil éirí amach na mban agus na gcailíní a bhí ag iarraidh go gcuirfí deireadh leis an bpoblacht Ioslamach.
Agus tacaíocht na gcoimeádach is diongbháilte aige, síleadh go raibh seans an-mhaith ag Raisi a bheith ar an gcéad ard-cheannaire eile.

Faoi bhunreacht na hIaráine, grúpa cléireach tofa a roghnaíonn an t-ard-cheannaire. Síltear anois gurb é mac an Ayatollah Khamenei, Mojtaba, an t-iomaitheoir is mó a bhfuil dealramh leis.

Beidh toghchán uachtaránachta ann as seo go ceann 50 lá.

Maraíodh Raisi ag tréimhse chorrach ina bhfuil an Iaráin agus Iosrael in adharca a chéile agus an t-achrann eatarthu ag dul in olcas.

Fág freagra ar 'Cúig lá dobróin fógartha d’uachtarán na hIaráine a maraíodh i dtuairt héileacaptair'