Cuid d’fhéiniúlacht na háite seo na néalta muisiriúnacha gaile agus deataigh…

AN SAOITHÍN AERÁIDE: Léirigh tuarascáil a foilsíodh an tseachtain seo caite go bhfuil seans i bhfad níos mó go dtolgfadh muintir mo cheantair dhúchais ailse scamhóg agus réimse galar eile

Cuid d’fhéiniúlacht na háite seo na néalta muisiriúnacha gaile agus deataigh…

Bhí mé ar cuairt chuig beirt chairde ón mbunscoil an lá faoi dheireadh, deartháir agus deirfiúr atá i lár na ndaichidí, cosúil leis an Saoithín Aeráide féin.
Tá máthair na beirte, bean a dháileadh tae, brioscaí agus comhairle ar chairde a clainne tar éis am scoile, ag saothrú an bháis ó ailse sna scamhóga.

Níor chaith an bhean bhocht toitín ina saol.

Ach tá cónaí uirthi i bhfoisceacht scread asail de na monarchana is truaillithí san Ísiltír.

D’fhás an Saoithín Aeráide agus a chairde aníos i gceantar an IJmond, trí bhaile mór in iarthuaisceart na hOllainne atá lonnaithe timpeall ar oibreacha cruach Tata Steel. I lámha an chomhlachta sin ón India atá na hoibreacha cruach ó bhí 2007 ann ach tá aer an cheantair á thruailliú ag na monarchana céanna le breis agus 100 bliain, ó 1918 i leith.

An tseachtain seo caite, dheimhnigh tuarascáil ón Institiúid Náisiúnta um Sláinte Phoiblí agus an Timpeallacht (RIVM) san Ísiltír rud a bhí ar eolas ag muintir na háite le fada an lá: go bhfuil seans i bhfad níos mó ag pobal an IJmond ailse sna scamhóga, galair eile sna scamhóga agus sa chroí, diaibéiteas agus réimse fadhbanna sláinte eile a tholgadh ná mar atá ag daonra na hÍsiltíre ar an meán. I gcásanna áirithe – ailse scamhóg, mar shampla – tá an seans sin 50 faoin gcéad níos airde.

Agus an Saoithín Aeráide ag ól cupán caife agus – bímis ionraic – cúpla gloine fíona lena chairde ón mbunscoil agus a máthair bhí eilifint sa seomra.

Tá post ard riaracháin in Tata Steel ag duine sa chlann, an iníon. Mar a bhí ag a hathair roimpi.

Bhí fonn ar an Saoithín Aeráide an feachtas ar-líne a lua atá ar bun ag FrisseWind.nu (‘Gaoth Úr’), eagraíocht timpeallachta áitiúil a bhfuil sé mar aidhm aici cás dlí a thógáil i gcoinne Tata Steel a bhféadfadh dúnadh roinnt de na monarchana, nó go deimhin na n-oibreacha cruach ar fad, a bheith mar thoradh air.

Ach choinnigh an Saoithín a bhéal dúnta. Dá n-éireodh leis an gcás dlí sin, a mbeidh duine de na dlíodóirí is mó cáil san Ollainn ina bhun, d’fhéadfadh a chara bunscoile a post a chailleadh.

Ar ndóigh ní hí cara bunscoile an tSaoithín amháin atá ag brath ar Tata Steel. Tá os cionn 9,000 duine ag obair sa chomhlacht agus tá na scórtha míle duine sa cheantar ag brath ar na hoibreacha cruach go hindíreach.

Go deimhin, ní bheadh an Saoithín Aeráide féin ann murach na monarchana truaillitheacha céanna. Murach fás ollmhór a bheith tagtha ar dhaonra cheantar an IJmond de bharr na n-oibreacha cruach, ní lonnófaí scoil cheoil riamh i mbaile dúchais an tSaoithín, nach raibh ann ach baile beag tuaithe roimhe sin, agus ní chuirfeadh tuismitheoirí an tSaoithín, ar mhúinteoirí ceoil iad agus arbh as áiteanna eile sa tír iad, aithne ar a chéile go brách.

Ná ní thiocfadh athair dhlúthchara de chuid an tSaoithín, an scríbhneoir agus an síceolaí, anall as an Spáinn i dteannta na scórtha míle oibrithe eile ó cheantar na Meánmhara i ndara leath an chéid seo caite, tráth a raibh obair gann sna tíortha sin ach ar fáil go flúirseach in oibreacha cruach an IJmond.

Tá oibreacha cruach Tata Steel chomh fite fuaite sin le saol mhuintir na háite nach féidir le mórán, fiú amháin leis an Saoithín Aeráide féin, a gceantar dúchais a shamhlú gan iad. Cuid d’fhéiniúlacht na háite na simléir arda, na pléascanna tolla gan choinne, na bladhmanna daichead méadar ar airde a lasann spéir na hoíche, na néalta muisiriúnacha gaile agus deataigh a dhorchaíonn an lá.

Gan dabht, tá an feachtas a bhféadfadh dúnadh na monarchana a bheith mar thoradh air conspóideach agus tá an-tóir ar fhrithfheachtas atá tosaithe ag roinnt d’oibrithe Tata Steel atá ag iarraidh todhchaí an tionscail chruach san IJmond a choinneáil slán.

Cúpla lá i ndiaidh don Saoithín Aeráide caife agus fíon a ól lena chairde bunscoile agus a máthair shínigh sé féin an chéad fheachtas, an ceann a bhfuil sé mar aidhm aige cás dlí a thógáil i gcoinne Tata Steel, agus súil aige nach dúnadh na n-oibreacha cruach ach a gcur in oiriúint do thodhchaí inbhuanaithe an toradh a bheas ar an gcás dlí sin.

Ag deireadh an lae, ní féidir muilte gaoithe ná an cuid mhór den infreastruchtúr eile a theastós chun olltubáiste aeráide a chosc a thógáil gan chruach.

Fág freagra ar 'Cuid d’fhéiniúlacht na háite seo na néalta muisiriúnacha gaile agus deataigh…'