Cruinniú speisialta beartaithe agus ceist na Gaeilge éigeantaí ag bagairt arís

Beidh breis is fiche ionadaí ó eagraíochtaí éagsúla teanga agus oideachais i láthair ag cruinniú atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge faoi chás na teanga sa chóras oideachais

Cruinniú speisialta beartaithe agus ceist na Gaeilge éigeantaí ag bagairt arís

Casfaidh grúpaí teanga le chéile ag cruinniú speisialta Dé hAoine agus é ina imní go bhfuil an bhagairt is mó le blianta fada do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais ar na bacáin.

Beidh breis is fiche ionadaí ó eagraíochtaí éagsúla teanga agus oideachais i láthair ag an gcruinniú atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana, tá imní mhór i measc lucht an ghaeloideachais faoi dhá athbhreithniú atá ar bun ag an Roinn Oideachais – an t-athbhreithniú ar chóras dhíolúine na Gaeilge agus athbhreithniú atá ar siúl ag an NCCA ar chóras na hArdteiste.

Cuirfidh an dá athbhreithniú seo ceist na Gaeilge éigeantaí i lár an aonaigh athuair.

Cé nach bhfuil athbhreithniú na Comhairle Náisiúnta um Churaclaim agus Measúnachta, ach ina thús go fóill, tá ceist na Gaeilge éigeantaí go mór sa treis sa phlé cheana féin agus deir daoine atá ag plé leis an oideachas Gaeilge go bhfuil trí bhagairt shoiléir i gceist do stádas na teanga.

I measc na nithe atá á bplé mar chuid den athbhreithniú ar an tsraith shinsearach, tá go laghdófaí líon na n-ábhar a chaitear a dhéanamh don Ardteist, athrú a mbeadh impleachtaí móra aige do stádas na Gaeilge sa chóras.

Anuas air sin, tá plé le déanamh faoi rogha iomlán a thabhairt do dhaltaí na hArdteiste maidir leis na hábhair a shocraíonn siad a dhéanamh sa tsraith shinsearach, moladh eile a bheadh ina chontúirt shoiléir do stádas na Gaeilge ó tharla gurb í an Ghaeilge an t-aon ábhar atá éigeantach ar chúrsa na hArdteiste faoi láthair.

Is é an tríú bagairt don Ghaeilge ná an plé atá ar siúl mar chuid den athbhreithniú faoi rogha ábhar i bhfad níos mó a thabhairt do dhaltaí na hArdteiste ar mhaithe le béim níos mó a chur ar ábhair phraiticiúla agus ar an ngairmoiliúint seachas ar ábhair acadúla amháin.

Ag deireadh na míosa seo caite, dúirt príomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin nár mhór do “gach dream atá ag plé le ceist na Gaeilge ag gach leibhéal teacht le chéile anois” chun go mbeifí ullamh chun an fód a sheasamh san athbhliain ar son stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn le Tuairisc.ie inné gur léir gur bhliain  chinniúnach do stádas na Gaeilge sa chóras oideachais a bheadh in 2019.

“Tá go leor rudaí ag tarlú ag an am céanna – an dá athbhreithniú agus na ceisteanna faoin mhíchothromaíocht do scoileanna Gaeilge a bhaineann leis an gcóras pátrúnachta freisin.

“Léiríonn sé an gá le polasaí náisíunta amháin don Ghaeilge sa chóras oideachais. Ba cheart aghaidh a thabhart ar na ceisteanna seo i bpolasaí amháin agus is easnamh mór é nach bhfuil a leithéid ann, polasaí a chuimseodh gach rud. Is soiléir go mbeidh bagairtí ann an bhliain seo chugainn, ach d’fhéadfadh gur bhliain mhaith don Ghaeilge sa chóras oideachais a bheadh inti dá dtapófaí an deis in 2019 polasaí náisíunta ceart a fhorbairt. Tá géarghá lena leithéid agus tá súil againn go dtabharfaidh an tAire Oideachais Joe McHugh faoi,” arsa Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn.

Maidir leis an athbhreithniú atá á dhéanamh ag an Roinn Oideachais ar chóras dhíolúine na Gaeilge, d’fhoilsigh siad uirbhé ar líne an tseachtain seo caite ar mhaithe le tuairimí an phobail a fháil faoin gcóras conspóideach faoina dtugtar cead do dhaltaí gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, córas a bhfuil amhras le fada ann go mbítear ag baint mí-úsáid as.

Foilsíodh chomh maith dréacht-chiorcláin nua ina leagtar amach na leasuithe ar an gcóras atá á moladh ag an Roinn.

I measc na moltaí is conspóidí sa phlécháipéis tá moladh na Roinne gur chóir an “imní” agus “an strus” a luann daoine le foghlaim na Gaeilge a thabhairt san áireamh agus an córas faoina gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge á leasú.

Tá go dtí an 11 Eanáir ag daoine leis an suirbhé ar shuíomh na Roinne faoi chóras an díolúine a líonadh isteach.

De réir phlécháipéis na Roinne féin, táthar ag glacadh leis go spreagfaidh an próiseas comhairliúcháin faoi cheist na díolúine plé níos leithne faoi stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

“Den chéad uair, osclaíonn an comhairliúchán seo maidir le díolúintí ó bheith ag déanamh staidéar ar an nGaeilge an plé ar staid na Gaeilge inár gcuraclaim náisiúnta chuig ár gcomhpháirtithe uile san oideachas,” a deirtear.

Liostaítear chomh maith sa phlécháipéis na hargóintí ar son an Ghaeilge a choinneáil mar chroí-ábhar riachtanach sa chóras. B’údar iontais d’Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go bhfuil a leithéid de liosta sa phlécháipéis.

“Baineann an t-athbhreithniú seo le ceist na díolúine; níl aon bhaint aige le stádas na Gaeilge sa chóras. Tá sé aisteach go mbeadh an Roinn á tharraingt sin isteach sa scéal,” a dúirt Julian de Spáinn.

Fág freagra ar 'Cruinniú speisialta beartaithe agus ceist na Gaeilge éigeantaí ag bagairt arís'

  • Comhdháil na nImleacán

    Drochscéal ar fad é go bhfuil Gaeilgeoirí mhóra le bheith ag caint le Gaeilgeoirí mhóra faoin Ghaeilge a choinneáil éigeantach.

    Teastaíonn cruinnithe poiblí agus díospóireachtaí sna coláistí faoin cheist chasta seo seachas plé inmheánach do bheith ar siúl ag eagraíochtaí Gaeilge?
    Níl an Ghaeilge á labhairt ag pobal uirbeach ar bith agus ní feidh praiticiúil léi sa ghnáthshaol uirbeach. Cén mhaith an Ghaeilge a bhrú síos scornaigh daoine óga nach bhfuil in acmhainn í a fhoghlaim nó go bhfuil a gcuid tuismitheoirí glan in aghaidh na teanga?
    Céard atá cearr le díolúine do bheith ar fáil má iarann tuistí a leithéid? Cuid des na scoláirí atá ag plé le hArdteist Fheidhmeach go háirithe níl léamh ná scríobh an Bhéarla acu agus cuid eile acu níl áit cónaithe, dinnéar tráthnóna, éadaí glana srl acu. Cén mhaith a bheith docht daingin faoin cheist seo?
    Dá mbeadh cúpla ceantar uirbeach ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt ag óg agus aosta bheadh ciall éigin ag buaileam sciath Chonradh na Gaeilge.

  • Mártan Ó Náraigh

    An ceart ag Comhdháil na nImleacán. Níl an Ghaeilge á labhairt ag pobal ginearálta ar bith in Éireann agus níl feidhm praiticiúil léi sa ghnáthshaol ach an oiread. Is ceart go mbeadh an Ghaeilge roghnach sa chóras oideachais mar atá sí in ár saol laethúil.

  • Liamo

    Cuireann a léihéid aineolas iontach orm ón méid a scríobh Comhdháil na nImleacan. Ar dtús tá neart Gaeilge le cluinstint in Iarthar Bhéal Feirste mar theanga uirbeach agus neart gasúir â dtógáil le Gaeilge ann.Cén mhaith an Ghaeilge faraor sampla eile de meon cóilíneach coitianta fiú i measc na nGaeil atá léirithe agat

  • Colin Ryan

    De réir mar a thuigim é, níl aon phobal uirbeach Gaeilge le fáil ach i mBéal Feirste agus pobal an-bheag é. Níl a leithéid le fáil i mBaile Átha Cliath ná in aon cathair eile sa Phoblacht. Is beag an mhaith a bheith ag caint faoi ‘mheon coilíneach’ nuair nach féidir leis na scoileanna lán-Bhéarla cainteoirí Gaeilge a sholáthar. Is beag Éireannach a bhaineann an Astráil (mo thír féin) amach, mar shampla, agus Gaeilge aige. Is fearr cumas cainte a chothú sna bunscoileanna (rud nach ndéantar faoi láthair) agus rogha a thabhairt do na daltaí ina dhiaidh sin. Murach sin, fág cúram na teanga ar na scoileanna lán-Ghaeilge.

  • Deirdre

    Theip go hiomlán ar chóras aigeadais na tíre seo, níl caint ar bith faoi díolúine ón Mata d’éinne!

  • Pádraig Ó Murchú

    Ní tír gan teanga, más mar sin atá bearthaite ag na h-oideachasóirí, tá sé chomh maith againn an t-ancaire a ardú agus chomhaontas a dhéanamh leis an Bhreatain. Nó caithfaimid a cur in iúil go neamhbhalbh len ár public representatives nach bhfuilimid mór ná sásta leis an chinneadh seo.
    Ba cheart chomh maith diriú ar labhairt na teangan seachas gradamach agus rialacha agus eisceachtaí. Beatha theangaa í a labhairt.

  • Lillis Ó Laoire

    Má chuirtear deireadh léi san Ardteist, tá sí réidh ar fad. Cá bhfuil líon na scoláirí Laidne?