Cruinniú ‘práinneach’ de dhíth agus é ‘soiléir’ nach mbainfear amach mórsprioc na reachtaíochta teanga

Deir iar-aire Gaeltachta go bhfuil sé ‘soiléir’ anois nach mbainfear amach an sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030

Cruinniú ‘práinneach’ de dhíth agus é ‘soiléir’ nach mbainfear amach mórsprioc na reachtaíochta teanga

Deir iar-aire Gaeltachta gur gá cruinniú práinneach a reáchtáil nuair a fhillfidh polaiteoirí ar Theach Laighean an mhí seo chun plé a dhéanamh ar “an easpa dul chun cinn” atá déanta i leith mhórsprioc na reachtaíochta teanga.

Dúirt an t-iar-aire agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, go bhfuil sé “soiléir” faoin tráth seo nach mbainfear amach an sprioc gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030, mórsprioc na reachtaíochta teanga a tugadh isteach ag deireadh 2021.

Tá Ó Cuív ag maíomh le fada go bhfuil obair i bhfad níos mó le déanamh má tá dóthain daoine oilte le bheith ar fáil chun na poist a bheidh ann do Ghaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a líonadh amach anseo. Tuilleadh cúrsaí trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal atá ag teastáil ar bhonn práinne chun freastal ar an éileamh a bheidh ann, a deir Ó Cuív.

Faoi láthair, níl ach líon beag cúrsaí bunchéime sa stát ina ndéantar an teagasc trí Ghaeilge agus cúrsaí múinteoireachta iad leath acu. Dúirt an tAire Ardoideachais Simon Harris níos luaithe i mbliana go bpléifeadh sé leis an Údarás um Ard-Oideachas conas is fearr freastal ar an éileamh breise a bheidh sa tseirbhís phoiblí ar chainteoirí líofa Gaeilge amach anseo.

Ach deir Ó Cuív go bhfuil an iomarca ama caite cheana féin agus gan dul chun cinn á dhéanamh.

“Tá an tAcht i bhfeidhm anois níos mó ná bliain go leith ach níl aon rud le feiceáil ar an talamh,” arsa an Teachta Ó Cuív.

“Tá muid anois ag tosú ar 2023-24 agus d’fhéadfadh go dtógfadh sé ceithre nó cúig bliana ar dhuine MA a bhaint amach, mar shampla. Fágann sé sin go mbeidh sé beagnach 2030 sula dtiocfaidh na céad chéimithe lán-oilte amach agus gan aon taithí oibre fós acu.”

Tá an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge bunaithe ag an rialtas le Plean Náisiúnta Earcaíochta a ullmhú chun an sprioc 20% a bhaint amach, ach deir Ó Cuív go bhfuil “an tír á marú ag an bpleanáil” agus go bhfuil sé in am gníomhú.

“An cheist atá ann, an coiste iontach seo a bunaíodh, an bhfuil aon rud tagtha as fós? Ní léir domsa go bhfuil,” ar sé.

“Tá sé in am tosú ag gníomhú. Ba cheart go mbeadh an phleanáil seo ar bun ó foilsíodh an bille, nó roimhe sin.”

“Sílim féin go mba cheart cruinniú práinneach a bheith againn anois nuair a thiocfaidh [Coiste Gaeilge an Oireachtais] ar ais sa bhfómhar leis an gceist seo a phlé. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.”

Deir Ó Cuív go bhfuil freagracht ar an rialtas anois cloí leis an sprioc 20% ach gur ar éigean a éireoidh leo “cloí leis an dlí”.

Deir sé freisin nach léir cén pionós a bheidh ar an stát mura mbainfear an sprioc amach.

“Leis na dualgais atá ann maidir le comharthaíocht, tá sé an-éasca dul go dtí an Coimisinéir [Teanga] agus a chinntiú go gcloítear leo ach mura bhfuil daoine [le Gaeilge] á bhfostú mar nach bhfuil siad ann le fostú, céard a bheidh an Coimisinéir in ann a dhéanamh?”

Dúirt an t-iar-Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, anuraidh go mbeadh sé nach mór dodhéanta sprioc earcaíochta an rialtais a bhaint amach mura dtéitear i ngleic leis an easpa soláthar oideachais lán-Ghaeilge.

Léirigh taighde a rinne Conradh na Gaeilge nach ndéanann ach thart ar 1% de mhic léinn cúrsa tríú leibhéal, nó cuid de chúrsa tríú leibhéal trí Ghaeilge. Tá an eagraíocht teanga ag iarraidh go gcuirfí tuilleadh cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge agus go n-ardófaí an céatadán sin go dtí 5% amach anseo.

Fág freagra ar 'Cruinniú ‘práinneach’ de dhíth agus é ‘soiléir’ nach mbainfear amach mórsprioc na reachtaíochta teanga'

  • Liam

    Cén t-ionadh nach mbainfear amach an sprioc! An Ghaolainn scriosta sa chóras oideachais ag lucht oifige sa Pháil nach dtuig leo a fheiscint thar a srón féinig.

  • Sibéal

    Bíonna spriocanna áifeiseacha ag FFFG a chothaíónn éadóchas mar shampla 250,000 cainteoir laethúil faoin bhliain 2030. A mhalairt atá ag tarlú. Thit líón na gcainteoirí laethúla ó 77,185 sa bhliain 2010 go 71,968 i nDaonáireamh 2022.
    Teastaíonn cúpla sprioc réadúil ag cúpla grúpa neamhspleách chun an taoide a casadh.
    Mar shampla comharchumainn tithíochta lánGhaelacha.

  • Gabriel Rosenstock

    Cén fáth nach bhfuil iontas orm?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘…mura dtéitear i ngleic leis an easpa soláthar oideachais lán-Ghaeilge.’

    An bhfuil duine nó eagraíocht ar bith ag dul isteach sna scoltacha meánleibhéal chun cuir in iúl do dhaltaí go bhfuil riachtanas múinteoirí le Gaeilge de dhith – chan amháin leis an Ghaeilg a theagasc ach fosta leis na hábhair eile a theagasc trí mheán na Gaeilge. Cad chuige, ins an tír seo, a bhfuil an oideachas sáite sa Bhéarla?? Nuair atá 3 teanga oifigiúil againn agus an Ghaeilg ar cheann acu – agus í ar chéad teanga na tíre, cad chuige nach bhfuil achan ionad oideachais ó bhun go hard leibhéal ag déanamh píosa den teagasc trí mheán na Gaeilge?? Sé sin, na hábhair eile uilig diomaite den Ghaeilg féin á theagasc trí mheán na Gaeilge ar feadh tréimhse i rith na seachtaine?

    An bhfuilthear ag spreagadh daltaí na Gaeltachta le leanúint ar aghaidh ag úsáid na Gaeilge – a dteanga dúchais – agus iad ag an tríú leibhéal – ina saoil sóisialta agus oideachais?

    Ar cheart béim níos mó bheith ar an Ghaeilg sa Ghaeltacht agus díriú ar na réigiúin sin mar réigiúin foghlama cultúrtha d’achan dalta agus mac léinn sa tír? Sé sin, deis a thabhairt d’achan dalta agus mac léinn tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht chun feabhas a chuir ar a gcuid Gaeilge agus muinín a thabhairt daofa an Ghaeilg a úsáid mar gnáth-theanga cumarsáide. Ach chaithfí oiliúint a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta fosta ionnas go labharfaí achan duine Gaeilg lena chéile nó tá go leor Béarla le cluinstean sa Ghaeltacht agus tá go leor tuismitheoirí ag tógáil a bpáistí le Béarla.

    Má táthar ag dréim le 20% den fhoireann stáitseirbhísigh an seirbhís stáit a chuir ar fáil trí mheán na Gaeilge tá níos mó a dhith ná tic i mbosca – ar fhoirm iarratais Béarla – a léiríonn go bhfuil cumas labhairt agus scríobh na Gaeilge ag an t-iarratasóir. Chaithfí sruth ceart Gaeilge bheith san eagraíocht stáit agus an Ghaeilg mar theanga cumarsáide, taobh istigh den eagraíocht sin agus fosta go hinmheánach idir eagraíochtaí stáit. Má bhíonn deacrachtaí acu siúd nach dtuigeann an Ghaeilge, bhoil, cuir ateangairí agus aistritheoirí ar fáil daofa!!