‘Cronóidh mé an chraic agus an diabhlaíocht agus na daoine nach bhfeicim ó cheann ceann na bliana’

Ar líne amháin atá Oireachtas na Gaeilge de bharr na paindéime. Agus gan aon mhórtheacht le chéile ag na Gaeil i mbliana, sa tsraith seo labhraíonn Tuairisc.ie le daoine aitheanta faoi na rudaí is mó a bhraithfidh siad uathu

Nell Ní Chróinín, amhránaí

Braithfidh mé uaim go mór an comhluadar agus na cairde atá déanta agam thar na blianta agus mé ag freastal ar an Oireachtas. Buailim leo uair sa bhliain agus beidh mé uaigneach gan iad i mbliana. Braithfidh mé uaim na carachtair ó na ceantair Ghaeltachta éagsúla. Is cuma má táthar ar comhaois liom nó má táthar dhá scór níos sine ná mé bímid ar fad ag an Oireachtas le chéile. Bíonn gach éinne in ardghiúmar ag an Oireachtas agus cuireann sé sin leis an atmaisféar. Bíonn atmaisféar dochreidte le brath. Bíonn muid ag tnúth leis an bhféile an bhliain ar fad agus faoi dheireadh bíonn sé linn. Cuireann sé i gcuimhne duit cé chomh tábhachtach agus cé chomh saibhir is atá ár gcultúr, ár dteanga agus ár n-amhrán. Má bhíonn tú riamh in amhras faoi thodhchaí na Gaeilge, imíonn an t-amhras sin agus tú ag fágaint an Oireachtais. Braithfidh mé sin uaim go mór i mbliana.

An bhfuil aon rud speisialta beartaithe agat ag an deireadh seachtaine leis an Oireachtas a cheiliúradh?

Beidh mé ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ag an deireadh seachtaine mar tá roinnt clár beartaithe acu chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Oireachtas. Beidh mé féin páirteach sa gclár  Bladhaire, clár speisialta atá á dhéanamh ag Áine Ní Bhreasláin faoin Oireachtas tráthnóna Dé hAoine. Beidh cúpla CD á seinm agam d’amhránaithe ar an sean-nós agus déanfaidh mé iarracht gan a bheith ag gol. Cuirfidh mé scairt ar roinnt cairde a bhuailfinn leo ag an Oireachtas de ghnáth mar go mbeidh muid ar fad in ísle brí. Tá a fhios agam má labhraím leo go ndéanfaidh sin an-mhaitheas dom.

 

Tomaí Ó Conghaile, aistritheoir agus úinéir NÓS

Cad iad na rudaí is mó a bhraithfeá uait faoin Oireachtas?

Is iomaí tarraingt agus buntáiste a bhaineann leis an Oireachtas ach sílim gurb é an ghné is tábhachtaí de ná an mothú láidir pobail a bhíonn le blaiseadh ann. Ní minic a fhaigheann pobal na Gaeilge sin ar bhonn náisiúnta ó cheann ceann na bliana agus is rud é a bhfuil géarghá leis i láthair na huaire.

Tharla sé nach raibh mé ag an Oireachtas anuraidh mar sin bhí mé ag súil go mór le hathcheangal leis an fhuinneamh speisialta sin – agus le filleadh ar an spraoi ar fad – i gcathair na Gaillimhe i mbliana. Faraor, beidh ar gach duine againn fanacht tamall eile anois ach tá mé cinnte go gcuirfidh an fuireach faobhar breise ar spiorad na féile an bhliain seo chugainn!

An bhfuil aon rud speisialta beartaithe agat ag an deireadh seachtaine leis an Oireachtas a cheiliúradh?

Tá muid teoranta go leor anseo sa Bheilg – mar atá formhór na hEorpa – de bharr na dianghlasála nua ach beidh mé ag leanúint roinnt de na himeachtaí ar líne atá beartaithe ag an Oireachtas. Oíche Shamhna a bheidh ann fosta ar ndóigh mar sin beidh coinnle go leor lasta san árasán agam, agus tabharfaidh mé na sinsir agus iad sin a chuaigh romhainn chun cuimhne. Cá bhfios nach mbeidh scéal nó amhrán ann le cuid de Ghaeil eile na Bruiséile, taobh istigh de na srianta gan amhras. Beannachtaí na Samhna oraibh uile.

 

Sonia Nic Giolla Easpuig agus a mac, Deirdre Learmont agus Seán Ó Muireagáin

Deirdre Learmont, léiritheoir teilifíse

Cad iad na rudaí a bhraithfeá uait faoin Oireachtas?

Cronóidh mé an chraic agus an diabhlaíocht agus na daoine nach bhfeicim ó cheann ceann na bliana.  D’fhoilsigh an tOireachtas féilire i mbliana agus tá sé crochta ar an chuisneoir agam. Thug sé tógáil meanma dom achan am a tharraing mé doras an chuisneora le linn na dianghlasála agus ba mhinic sin. Tá leathanach iomlán eile d’aghaidheanna gealgháireacha an Oireachtais ag gabháil le gach mí nua. Ba mhór an compord é.

An bhfuil aon rud speisialta beartaithe agat ag an deireadh seachtaine leis an Oireachtas a cheiliúradh?

Beidh mé ag coimhéad na himeachtaí ar líne agus beidh muid uilig réidh don chraic in 2021 má fhágtar slán muid.

Fág freagra ar '‘Cronóidh mé an chraic agus an diabhlaíocht agus na daoine nach bhfeicim ó cheann ceann na bliana’'