Creathadh bainte as ‘plátaí teicteonacha’ na polaitíochta ó thuaidh – an Taoiseach

Tar éis ollbhua na dTóraithe in olltoghchán Westminster, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go raibh ‘an-fhonn’ air dul ag obair le Boris Johnson chun an feidhmeannas a thabhairt ar ais i Stormont

Creathadh bainte as ‘plátaí teicteonacha’ na polaitíochta ó thuaidh – an Taoiseach

Deir an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil creathadh bainte as “plátaí teicteonacha” na polaitíochta ó thuaidh ach nár cheart do dhaoine “a bheith ag rith le brothall” maidir le hathaontú na hÉireann.

“Bhí údar suntais ag baint leis na torthaí i dTuaisceart Éireann. Má tá cur amach agat ar phlátaí teicteonacha is eol duit gur go mall a bhíonn rudaí ag bogadh agus ansin go n-athraíonn rudaí go tobann. Go mall a d’athraigh rudaí [sa Tuaisceart] de bharr cúrsaí deimeagrafacha ach d’athraigh siad níos tobainne mar gheall ar an dearcadh a bhí ag daoine i dTuaisceart Éireann ar an mBreatimeacht.”

Maidir leis an gcaint gur giorra dúinn Éire Aontaithe de bharr an Bhreatimeachta agus athrú meoin i measc an phobail, dúirt an Taoiseach nár cheart do dhaoine “a bheith ag rith le brothall le pleananna eile”.

Ba chóir do na páirtithe go léir a ndícheall a dhéanamh feidhmeannas Stormont a athbhunú roimh an sprioc, an 13 Eanáir.

Rinne Leo Varadkar comhghairdeachas le Boris Johnson as ollbhua na dTóraithe in olltoghchán Westminster an lae inné agus dúirt Varadkar go raibh “an-fhonn” air dul ag obair leis chun an feidhmeannas a thabhairt ar ais.



Tháinig laghdú ar vóta an DUP agus Sinn Féin sa toghchán agus mhéadaigh an céatadán den vóta a fuair Alliance agus an SDLP, ar éirigh leo dhá shuíochán a fháil ar ais, ceann ag a gceannaire Colum Eastwood sa bhFeabhal agus ceann ag Claire Hanna i mBéal Feirste Theas.

Ba é an chéad duine a toghadh ó thuaidh ná Stephen Farry a thug leis an suíochán sa Dún Thuaidh d’Alliance, páirtí ar tháinig borradh suntasach faoina vóta i gceantair éagsúla. Chaill an DUP dhá shuíochán agus ocht gcinn a bheidh acu agus iad ag filleadh ar Westminster áit nach mbeidh an chumhacht chéanna acu is a bhí nuair a bhí a dtacaíocht ag teastáil ón rialtas deireanach. Cé gur tháinig laghdú thart ar 6% ar a vóta, seacht suíochán a bheidh i gcónaí ag Sinn Féin.

I dtoghchán an Tuaiscirt ba é an scéal mór ná go bhfuair John Finucane ó Shinn Féin an ceann is fearr ar leascheannaire an DUP Nigel Dodds i mBéal Feirste Thuaidh. Buille tubaisteach é seo don DUP agus suíochán parlaiminte nach raibh i seilbh éinne riamh ach aontachtach caillte ag a gceannaire in Westminster. Ar an láimh eile, údar mór caithréime a bhí ann do Shinn Féin.

Tá ráite ag Boris Johnson go gcúiteoidh sé a “muinín” leis an bpobal an Breatimeacht a chur i gcrích.

Dúirt sé gur bua “stairiúil” a bhí ag na Tóraithe i dtoghchán an lae inné agus móramh mór 78 suíochán acu agus gan ach suíochán amháin le líonadh.

Tá cuairt tugtha ag Johnson ar bhanríon Shasana agus a beannacht lorgtha aige chun rialtas nua a bhunú.

Ba é seo an bua is mó ag na Tóraithe ó bhíodar faoi stiúir Margret Thatcher in 1987 agus tá mandáid láidir anois ag Johnson an Breatimeacht a chur i gcrích roimh dheireadh mhí Eanáir.



Toghchán tubaisteach a bhí ann do pháirtí an Lucht Oibre agus Jeremy Corbyn a dúirt nach mbeadh sé ina cheannaire ar an bpáirtí don chéad olltoghchán eile. Chaill ceannaire eile, Jo Swinson na nDaonlathach Liobrálach, a suíochán.

Cuirfidh a mhóramh ar chumas Boris Johnson fuascailt a fháil ar an tsáinn Breatimeachta in Westminster agus a margadh imeachta a chur tríd an bparlaimint.

Ní bheadh ansin ach tús aistir ar bhóthar casta crosta, áfach.

Tá geallta ag Johnson nach mairfidh an tréimhse eatramhach idirbheartaíochta níos faide ná deireadh na bliana 2020, ach measann mórán gur ar éigean go n-éireoidh leis an dá thaobh teacht ar mhargadh faoi chúrsaí trádála faoin am sin.

Ón uair a fógraíodh toradh na pobalbhreithe iarvótála aréir ba léir gur bua mór a bhí i ndán do na Tóraithe agus go raibh drochlá amach is amach ag páirtí an Lucht Oibre. De réir na pobalbhreithe, bheadh an móramh is mó ag na Tóraithe ó bhuaigh Margaret Thatcher a tríú holltoghchán i 1987 agus bheadh níos lú suíochán ag páirtí an Lucht Oibre ná mar a bhí i ndiaidh aon toghchán ó 1935.

Nuair a tháinig na torthaí féin isteach ba léir go raibh smidiríní déanta ag na Tóraithe de ‘bhalla dearg’ pháirtí an Lucht Oibre i dtuaisceart Shasana agus go raibh ag éirí leo daoine ar béas leo vótáil do pháirtí an Lucht Oibre a mhealladh i gceantair sa Bhreatain Bheag agus i lár Shasana a bhí ar son an Bhreatimeachta.

Ba é an chéad bhua mór a bhí ag na Tóraithe aréir ná suíochán Blyth Valley, baile in Northumberland a bhí ina bhaile mianadóireachta tráth agus ina raibh an suíochán parlaiminte ag páirtí an Lucht Oibre ó 1950.

In Albain bhí ollbhua ag an SNP a bhuaigh formhór na suíochán, toradh a fhágann go dtreiseoidh ar an gcaint faoin dara reifreann faoi neamhspleáchas na tíre sin.

Ba iontach an bua é do Boris Johnson a mbíodh daoine ina pháirtí féin fiú ag déanamh beag is fiú dó tamall de bhlianta ó shin agus mórán den tuairim gur ghaige ábhairín gamalach a bhí ann nach raibh aon ní cóir i ndán dó.

 

Fág freagra ar 'Creathadh bainte as ‘plátaí teicteonacha’ na polaitíochta ó thuaidh – an Taoiseach'