Is iad mná Átha Cliath seaimpíní na hÉireann den séú huair tar éis dóibh Ciarraí a chloí i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.
Farasbarr cúig phointe a bhí ag foireann na príomhchathrach ar a gcéilí comhraic – 0-18 in aghaidh 1-10 – agus taispeántas láidir tugtha uathu chun Corn Bhreandáin Uí Mháirtín a thabhairt leo arís.
D’fhág a mbua go bhfuil craobhacha sinsir peile na bhfear agus na mban buaite ag foirne Átha Cliath den chéad uair ó 2020 agus Ciarraí sáraithe sa chluiche ceannais ag an dá fhoireann.
An díomá a bhí i ndán do mhná Chiarraí arís i gcluiche ceannais na hÉireann agus iad cloíte ar an lá mór don dara bliain as a chéile.
Ba í Hannah Tyrrell laoch na himeartha i gcluiche ceannais an lae inniu agus ocht bpointe scóráilte aici, iad uile ag teacht sa chéad 30 nóiméad. Ceithre phointe ón imirt agus ceithre phointe ó chiceanna saora a d’aimsigh Tyrrell sa chéad leath sin agus cé nár scóráil sí sa dara leath, chruthaigh sí scóranna d’imreoirí eile chun Áth Cliath a choinneáil i gceannas.
Bhí slua 45,326 i bPáirc an Chrócaigh do lá na gcluichí ceannais i bpeil na mban agus ní raibh 30 soicind caite sa chluiche idir Áth Cliath agus Ciarraí nuair a fuair Tyrrell a céad scór. Fuair Orlagh Nolan scór eile d’Áth Cliath nóiméad ina dhiaidh sin agus cé go bhfuair naoscaire Chiarraí, Louise Ní Mhuircheartaigh an chéad scór don Ríocht théis cúig nóiméad, fuair Tyrrell cúilín deas eile go gairid ina dhiaidh sin.
Bhí deis ar chúl ag Ní Mhuircheartaigh théis 12 nóiméad ach chuaigh a hiarracht thar an trasnán agus fuair Áth Cliath an chéad sé scór eile sa chluiche – cúig cinn acu ag Tyrrell – chun smacht iomlán a fháil ar an gcoimhlint.
Bhí sárjab á dhéanamh ag lánchúlaí Átha Cliath chun srian a choinneáil ar Louise Ní Mhuircheartaigh ach ba í bean Chorca Dhuibhne a fuair an chéad scór eile do Chiarraí, an chéad cheann acu le breis is ceathrú uaire. Ní raibh deireadh déanta ag Tyrrell go fóill, áfach, agus fuair sí pointe eile a d’fhág go raibh a foireann 0-11 in aghaidh 0-4 chun cinn ag leath ama.
Chuir Ciarraí tús maith leis an dara leath nuair a scóráil Niamh Carmody pointe dóibh. Bhuaigh sí cic saor a shlánaigh Ní Mhuircheartaigh do scór eile ach d’fhreagair Áth Cliath iad le dhá chúilín eile, ceann an duine ag Kate Sullivan agus captaen na foirne Carla Rowe.
Tháinig Ciarraí ar ais le dhá chic saor eile ó Ní Mhuircheartaigh ach bhí freagra i gcónaí ag Áth Cliath agus iad in ann bearna cuibheasach mór a choinneáil idir na foirne i gcónaí.
Léiríodh an brú a bhí ar Chiarraí nuair a bhí orthu Síofra O’Shea, captaen na foirne ar bhain drochghortú glúine di coicís ó shin, a thabhairt chun páirce agus 20 nóiméad fágtha.
Mhéadaigh Áth Cliath an bhearna arís le pointí ó Carla Rowe (2) agus Jennifer Dunne agus 0-17 in aghaidh 0-8 a bhí ann théis 47 nóiméad. Cé gur aimsigh Ciarraí 1-2 sna deich nóiméad deireanach – Louise Ní Mhuircheartaigh a fuair an cúl théis 55 nóiméad tar éis do Amy Harrington pas a chur trasna an chúil — bhí an iomarca fágtha le déanamh ag mná na Ríochta.
Ba í Carla Rowe a d’aimsigh an scór deireanach nuair a fuair sí cúilín leis an gcic deireanach san imirt. Rinne sí a bealach suas céimeanna Árdán Uí Ógáin go luath ina dhiaidh chun Corn Uí Mháirtín a ardú.
Fág freagra ar 'Craobh na hÉireann tugtha leo arís ag Áth Cliath agus Ciarraí sáraithe acu i bPáirc an Chrócaigh'