Cothrom na Féinne in Éirinn? Níl olc i dtír nach fearrde duine eicínt…

An chlann atá i gcrúcaí géara thiarnaí talún na haimsire seo, nuair a thosóidh siad ag cur a gcosa uathu bainfear creathadh as an gcóras…

Cothrom na Féinne in Éirinn? Níl olc i dtír nach fearrde duine eicínt…

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Is mór an díth céille a bheadh ar an té a cheapfadh go bhfuil muintir na hÉireann ar son chothrom na Féinne do chách. Tá cuid acu mar sin ach tá cuid eile arb é a leas féin amach is amach atá ag déanamh imní dóibh agus cead an diabhail a bheith ag an gcomharsa.

Cuid den chogadh aicmeach é seo.

Is maith a thuig Gaeil ariamh gur mar sin a bhí an saol. Bhí leaganacha cainte acu lena léiriú: an té atá thuas óltar deoch air ach an té atá thíos buailtear cos air; mura bhfuil tine agat duit féin déan do ghoradh leis an ngréin; níl olc i dtír nach fearrde duine eicínt.

Bhí mé lá ag breathnú ar phictiúr de mhuirín á gcur as seilbh in Éirinn fadó. Ba thruamhéalach an radharc é: an teach á leagan go talamh, an bhean amuigh ar an tsráid agus páiste ina baclainn aici, beirt nó triúr páistí laga eile timpeall uirthi.

Bhí fear an tí ina sheasamh de leataobh agus an chuma air go raibh sé briste brúite.

Bhí díorma den RIC ann ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí.

Thuas ar chnocán os cionn an tí bhí roinnt de na comharsana ag comhrá le chéile.

‘Nárbh uafásach an cás é?’ arsa mise le cara liom a bhreathnaigh ar an bpictiúr é féin. ‘Meas tú,’ arsa mise ‘céard a bhí na comharsana a cheapadh?’

‘Nach bhfuil a fhios agat go diabhalta maith céard a bhí siad a rá,’ ar seisean ‘gur mhór an náire don dream sin nach raibh siad in ann an cíos a íoc ach nárbh iontas ar bith é mar nach raibh cuma ná caoi orthu féin ná ar a mbunadh ariamh.’

Tá an chaint chéanna ar bun sa lá atá inniu ann faoi dhaoine a bhfuil an chontúirt ann go gcaithfidh lucht na gcreach-chistí amach sa bhfuacht iad.

Cén fáth a mbeadh trua againne dóibh, a deirtear; cén fáth nár íoc siad na gálaí morgáiste?

Ní léir go bhfeiceann an dream atá á gcáineadh gur aisteach an ní é go ndeachaigh na cáiníocóirí go domhain i bhfiacha ag slánú bhancanna na hEorpa agus ag cosaint na sealbhóirí bannaí ach go gcreideann siad gur mór an dearmad a bheadh ann lámh chúnta a thabhairt d’úinéir tí nach mbeadh in acmhainn an morgáiste a choinneáil íoctha.

Chuaigh duine amháin chomh fada lena rá go dtitfeadh an córas iasachtaí as a chéile ar fad mura mbeadh deis ann daoine a chur as seilbh nuair nach ndéanfaidís aisíoc.

Caint den chineál sin a rinneadh nuair a bhí daoine á gcur as seilbh aimsir na dtiarnaí talún fadó freisin.

Bhí na tiarnaí thar a bheith cinnte díobh féin ag an am agus lánmhuinín acu as an gcóras. Seo mar a dúirt duine acu, John D’Arcy, an fear a bhunaigh baile an Chlocháin i gConamara: ‘I would be the last person in the world to sever the connexion between landlord and tenant; the tie is a sacred one.’

Tháinig an lá mar sin féin arbh éigean do rialtas na Breataine an córas sin a bhriseadh. Cheannaigh siad thar barr amach eastáit na dtiarnaí agus rinne siad socrú leis na tionóntaí a d’fhág seilbh a gcuid gabháltas acu.

Ní tharlódh sé go deo murach rud amháin: gur bunaíodh an Land League agus go raibh an feachtas a chuir siad ar bun chomh láidir is gurbh éigean don rialtas géilleadh.

Níl aon ghluaiseacht den chineál sin tagtha chun cinn sa tír seo fós ach tiocfaidh luath nó mall. Níor tháinig mar go bhfuil aicme cheannasach inár measc atá sásta go leor le cúrsaí mar atá siad.

Bhí mé ag caint an lá cheana le fear faoi na daoine bochta nach bhfuil teach ná áras acu ach iad ina gcodladh ar an tsráid. Ba léir dhom luath go leor sa gcomhrá gur beag trua a bhí aige dhóibh.

Fear é a bhíonn ag plé leis an stocmhalartán. Is é an chéad mhaith a dhéanann sé chuile mhaidin sula n-itheann sé a chuid calóga súil a chaitheamh ar na scaireanna atá aige go bhfeicfidh sé a dtáinig aon bhiseach orthu.

€4.40 ab fhiú scair i mBanc Aontas Éireann i mí an Mheithimh seo caite.

An tseachtain seo caite b’fhiú €5.20 scair acu.

Idir an dá linn d’ardaigh líon na ndaoine a bhí gan teach gan áras 517 eile. Thug sin an figiúr go dtí 5,837 duine fásta agus 3,267 gasúr.

Is iad Fine Gael crann cosanta na ndaoine atá ina suí go te, ar mhuin na muice. Níl Fianna Fáil i bhfad ina ndiaidh ón taobh sin de.

Ag freastal atá an dá pháirtí ar oidhrí an dreama a rinne go maith as obair an Land League. Fuair a sinsear fairsingeacht talún an uair sin agus is acu féin atá na bancanna talún agus na hárasáin sna bailte móra inniu.

Ag fágáil na talún díomhaoin atá siad le súil is go n-ardóidh a luach tuilleadh agus iad, ar an láimh eile, ag baint lán laidhre cíosa de lucht na n-árasán.

Níl aon imní orthu faoin gcóras sláinte ach an oiread; tá siad féin clúdaithe go maith ag árachas.

An t-aon chontúirt atá ar an gcóras míchothrom seo ar fad go dtiocfadh cantal uafásach ar dhaoine nach bhfuil bocht ach nach bhfuil saibhir ach an oiread.

Seo iad na daoine a bhfuil oideachas den scoth ar a mac nó ar a n-iníon ach nach bhfuil acu dá bharr ach fostaíocht chorrach ar phá suarach.

Clann iad atá i gcrúcaí géara thiarnaí talún na haimsire seo.

Nuair a thosóidh na daoine seo ag cur a gcosa uathu bainfear craitheadh as an gcóras ó bhun go barr. Nár ba fada uainn an lá.

Fág freagra ar 'Cothrom na Féinne in Éirinn? Níl olc i dtír nach fearrde duine eicínt…'

  • Sam

    Cá bhfuil an tionónta nár mhaith leis bheith ina thiarna talún?