Corn an Domhain ag filleadh ar Mheiriceá Thuaidh in 2026

Bhí Meiriceá Thuaidh san iomaíocht le Maracó chun Corn an Domhain 2026 a fháil

Corn an Domhain ag filleadh ar Mheiriceá Thuaidh in 2026

Reáchtálfar Corn an Domhain 2026 i Meiriceá, Ceanada agus Meicsiceo. Fógraíodh an cinneadh tráthnóna tar éis do thoscairí FIFA a vótaí a chaitheamh i Moscó inniu.

Maracó a bhí san iomaíocht le Meiriceá, Ceanada agus Meicsiceo ach bhí bua ollmhór ag iarratas na dtíortha ó Mheiriceá Thuaidh nuair a comhaireadh na vótaí. Caitheadh níos mó ná a dhá oiread vótaí ar son iarratas Mheiriceá Thuaidh, 134 i gcoinne 65.

Is é seo an dara huair a mbeidh Corn an Domhain á reáchtáil ag níos mó ná tír amháin. Reáchtáladh comórtas 2002 sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas. Reáchtálfar Corn an Domhain 2022 i gCatar.

Tá méadú le teacht ar líon na bhfoirne a bheidh san iomaíocht do Chorn an Domhain in 2026 nuair a ghlacfaidh 48 foireann páirt sa chomórtas agus ba iad tíortha Mheiriceá Thuaidh rogha na n-údar roimh an vóta. Tá 23 staid tógtha nó á dtógáil cheana féin acu. 14 staid a bhí fós le tógáil nó le hathchóiriú i Maracó.

Níos tábhachtaí fós, meastar go ndéanfaidh an comórtas i Meiriceá Thuaidh brabús $11 billiún do FIFA, breis agus sé bhilliún dollar níos ná iarratas Mharacó ($5.7 billiún).

Tiocfaidh méadú ollmhór ar chostas na dticéad don chomórtas chun an brabús sin a dhéanamh. Luadh go mbeidh meánphraghas $431 (€367) ar thicéad, ardú mór ar chostas na dticéad ó Chorn an Domhain 2018 agus comórtas 2014.

I ndiaidh na conspóide a bhain leis na cinntí Corn an Domhain a bhronnadh ar an Rúis agus ar Chatar, den chéad uair tugadh le fios inniu go poiblí cén chaoi ar vótáil gach toscaire.

Chaith an FAI agus an IFA vótaí ar son iarratas Mheiriceá Thuaidh, mar a rinne toscairí Shasana, na hAlban agus na Breataine Bige.

Fág freagra ar 'Corn an Domhain ag filleadh ar Mheiriceá Thuaidh in 2026'