Conradh na Gaeilge ag iarraidh ‘soiléiriú’ maidir le tuairisc nuachta inar tugadh le fios gur iarr siad ar dhaoine gan vóta a thabhairt d’Fhine Gael

Idir an dá linn, tá iarrtha ag Conradh na Gaeilge inniu ar Fhine Gael agus páirtithe eile tacú lena n-éilimh réamhthoghcháin, mar atá déanta ag Fianna Fáil agus Sinn Féin cheana

Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.
Julian de Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go ndéanfaí soiléiriú ar thuairisc nuachta a foilsíodh ag an deireadh seachtaine inar tugadh le fios go raibh an eagraíocht ag éileamh ar dhaoine gan vóta a thabhairt d’Fhine Gael san olltoghchán.

D’fhoilsigh an Irish Times scéal ag an deireadh seachtaine leis an gceannlíne ‘Ardfheis hears Conradh na Gaeilge call not to vote Fine Gael’.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge nach raibh “aon fhírinne ar chor ar bith” sa scéal sin.

Bhí cur síos san alt ar an méid a bhí le rá faoi pholasaí teanga an Rialtais ag toscaire ó Fhine Gael ag Ard-Fheis an pháirtí.

Tuairiscíodh go ndúirt Jeff Johnson ó Bhaile Átha Cliath gur údar díomá do go leor sa pháirtí a bhí i bpolasaí teanga Fhine Gael le cúig bliana anuas. Tuairiscíodh  chomh maith gur thug an toscaire le fios don Ard-Fheis go raibh ríomhphost seolta ag Conradh na Gaeilge go dtí baill na heagraíochta sin ag cur comhairle orthu gan vótáil d’Fhine Gael san olltoghchán.

Dúradh san alt gur dheimhnigh Johnson ‘ina dhiaidh sin’ nach ó Chonradh na Gaeilge a tháinig an ríomhphost ach ó ghrúpa a raibh baint acu leis an gConradh. Athraíodh ceannlíne an ailt ar shuíomh idirlín an Irish Times tar éis do Chonradh na Gaeilge teagmháil a dhéanamh leis an nuachtán.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha, Julian de Spáinn, le Tuairisc.ie inniu go raibh teagmháil déanta arís acu leis an Irish Times ó shin agus súil acu go ndéanfaí “soiléiriú iomlán” ar an scéal.

Idir an dá linn, tá iarrtha ag Conradh na Gaeilge inniu ar Fhine Gael agus páirtithe eile tacú lena n-éilimh réamhthoghcháin: go gceapfaí Aire Sinsearach Gaeltachta, go mbunófaí comhchoiste oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, agus go gcuirfí maoiniú breise ar fáil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta.

Tá a dtacaíocht oifigiúil tugtha cheana ag Fianna Fáil agus Sinn Féin do na héilimh sin.

Tá os cionn 80 eagraíocht Ghaeilge ag tacú le trí mhóréileamh an Chonartha, ina measc Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Dar leis an gConradh gurb é seo an chéad uair riamh ag an dá eagraíocht sin éileamh mar seo a aontú le chéile.

Sa phlean infheistíochta a sheol Conradh na Gaeilge anuraidh, éilítear go gcuirfeadh an Rialtas ó thuaidh agus ó dheas €11 milliún breise sa bhliain ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, agus go gcuirfeadh an Rialtas ó dheas €7 milliún breise sa bhliain ar fáil d’Údarás na Gaeltachta.

D’fhógair Conradh na Gaeilge inniu go bhfuil fóraim ghnímh oscailte á dtionól acu “le gníomhartha a aontú chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn sna holltoghcháin a bheidh á reáchtáil i 2016”.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go raibh an eagraíocht ag iarraidh ar an bpobal éilimh na n-eagraíochtaí teanga a chur ar a súile d’iarrthóirí an toghcháin.

“Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iad siúd atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iad siúd atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iad siúd le bá ar bith don teanga – chun na héilimh seo a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh sna toghcheantair s’acu,” a dúirt Ó Cearbhaill.

 Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní neart go cur le chéile agus tabharfaidh polaiteoirí cluas éisteachta don phobal áitiúil má cheistítear gach iarrthóir a thagann chun dorais faoi cé acu an bhfuil siad sásta tacú go hoifigiúil le héilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta nó nach bhfuil.”

Fág freagra ar 'Conradh na Gaeilge ag iarraidh ‘soiléiriú’ maidir le tuairisc nuachta inar tugadh le fios gur iarr siad ar dhaoine gan vóta a thabhairt d’Fhine Gael'

  • alan

    Fine Gall nach ea? ‘God save the Queen Enda? An drong atá ag iarraidh deireadh a chur le Gaeilge éigeantach? Damhsóirí agus lúbairí boilg an phíobaire Denis O Brien (fear fíorbhocht nach bhfuil aige ach airgead)? Lámhláidir ar an stiúir a dhuine, tacaímis leo ar son na cúise.