Conas mar a d’éireodh le Raifteirí dá mbeadh sé istigh ar an Oireachtas?

Agus an tOireachtas ag teannadh linn, caitear súil ar cheard an tsean-nóis le cabhair cnuasach aistí faoin ábhar

Conas mar a d’éireodh le Raifteirí dá mbeadh sé istigh ar an Oireachtas?

Toisc go bhfuil an tOireachtas ag teannadh linn go dlúth, agus gurb é comórtas Chorn Uí Riada sméar mhullaigh agus barr buaice na féile (dar lena lán) is mithid súil a chaitheamh siar ar leabhar a dhéanann mionscagadh ar an sean-nós amhránaíochta agus a mbaineann leis.

Is é leabhar é Dhá Leagan Déag: léargais nua ar an sean-nós a chuir Philip Fogarty, Tiber Falzett agus Lillis Ó Laoire in eagar (Cló Iar-Chonnacht 2022, €20), toradh comhdhála a bhain leis an ábhar a tionóladh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2015, agus a bhfuil a cuid allais le léamh anseo.

Má tá spéis agat sa Ghaeilge agus sáite ina cultúr ní mór ná gur peaca é a thabhairt le fios nach músclaíonn an sean-nós aon chleite ionat. Fós féin, tá go leor arbh fhearr leo scéalta léanmhara tríchordúla country ‘n oirish á mbualadh amach le rithim rialta airm a bheadh ag máirseáil leo isteach san Sudetenland ná amhrán caolchúiseach gan tionlacan.

Déarfá go bhfuil brí thar a bheith simplí ag an téarma ‘sean-nós.’ Is é sin amhrán aonair a deirtear gan tionlacan giotáir, nó cruite, nó feadóige bige, nó lamhnán gabhair na píbe féin. Níl chomh simplí sin, áfach, mar a léiríonn cuid d’ábhar an leabhair seo.

Go bhfios dom, ní thugtaí ‘sean-nós’ air i gcomórtais tosaigh an Oireachtais ar fad ar fad, ach go díreach go bhfógraítí é mar chomórtas amhránaíochta. Is amhlaidh go gceoltaí na hamhráin dúchais le cúpla céad bliain anuas i gceantair bhochta na Gaeilge gan tionlacan uirlise go díreach toisc nach mbíodh a leithéid sa phobal.

In Albain tháinig an ‘port-a-beul’ i dtreis de dheasca gur chuir na Sasanaigh cosc ar cheol na píbe, an t-aon bheart ar fónamh a dhein siad riamh ina réimeas concais. Nó, sin é an scéal, cé gur dóigh liom féin gur fás ar leithligh a bhí ann ar scáth dúil an duine san amaidí agus sa rince araon.

Is léir go bhfuilim ar seachrán cheana féin, ach sin é an baol nuair a ghabhtar ceangailte le hábhar chomh leathan, chomh hiliolrach, chomh fada fairsing le hamhránaíocht na Gaeilge. Ar an gcuma chéanna ní féidir aon snáth ná ribe amháin a shonrú sa leabhar seo, murab é atá ann ná diancheistiú ar cad is ‘sean-nós’ ann, agus conas mar a chuirtear inár láthair é nuair atá an bhothántaíocht agus an t-airneán agus an istoícheadóireacht díbeartha ag an aibhléis agus ag airm na meán cumarsáide.

Ceithre cinn déag d’aistí (níl ach dhá leagan déag ar amhrán) atá sa leabhar, agus ní hé gach aon cheann díobh atá ag aontú le cinn eile, mar is fearr. Is í aiste Antaine Uí Fharacháin a thugann an dúshlán nuair a fhiafraíonn sé conas mar a d’éireodh lena chomhAntaine, Raifteirí, dá mbeadh sé istigh ar an Oireachtas?

Amhras atá air go mbeadh sé ‘tar éis cáiliú fiú amháin le dul chomh fada le Corn Uí Riada?’ Is cinnte nach mbeadh fáilte roimh an bhfidil agus é á thionlacan féin, agus má dhein sé steip bheadh scuabtha chun siúil isteach sa chomórtas béal dorais.

Ní fhiafraíonn Antaine an chruacheist, an amhlaidh go raibh guth ar bith nó stíl ar bith, nó teacht i láthair ar bith ag Raifteirí, agus sa chás is go raibh an mbeadh sin chomh hainnis leis na línte ba mheasa aige féin nó chomh hiontach leis na cinn ab fhearr?

Ach tá ceist seo na barántúlachta ina scáil os cionn an leabhair agus ina lasair ina lár. Teist an traidisúin versus an nuálaíocht is ea bunéirim an tsaothair arna thógaint le chéile, dar liom.

Tugann Lillis Ó Laoire le fios dúinn go raibh tionlacan go coitianta ag Comhdháil na gCruitirí i mBéal Feirste sa bhliain 1792 agus ag na báil damhsa a tionóladh sa Ghránard roimhe sin, dhá imeacht atá níos sine ná an sean-nós mar is eol dúinne é. Is fíor go raibh cuimilt ag a bhformhór díobh sin leis na huaisle, agus mar sin nárbh iad amhráin na ndaoine gan sealúchas iad. Más ea, is ag caint ar amhráin na ndaoine bochta nach raibh caoi ar uirlis cheoil chun tionlacan go háirithe sa naoú haois déag acu agus a mhaireann fós de bhuíochas na gcomórtas Oireachtais, féilte áitiúla, agus Raidió na Gaeltachta, atá i gceist againn. Agus nach iontach an méid sin féin?

Ceist eile fós is ea ceist an réigiúnachais. Áitíonn Eamonn Costello gur ealaín náisiúnta, go deimhin seod náisiúnta atá sa tsean-nós, ach gur ealaín réigiúnda í ag an am céanna. Luann sé an forlámhas a bhí ag amhránaithe Chonamara ar Chorn Uí Riada ar feadh i bhfad ionas gur dhóigh leat gurbh iad na hamhráin ba mhó a mheáigh ná na cinn a bhain le bá farraige, le croí briste ag cró na gcaorach nó le duine eile fós ag dul thar sáile.

Bíodh go bhfuil claochlú beag air sin, déarfá gur mó an seans a bheadh ag duine ó Mhuiceanach Idir Dhá Sháile nó ó Inis Treabhair ag ceol ‘Amhrán na Trá Báine’, seachas giolla mear ó Oileán Chléire ag gabháil do ‘Carraig Aonair’ ina stíl dúchais gan srónaíl, Corn Uí Riada a bhuachan.

Tá tuilleadh gan teorainn ann, gan amhras. Cuntas beacht ag Máirín Nic Eoin, mar is dual di, ar an léargas a thugann an litríocht dúinn ar ionad na hamhránaíochta sa phobal. Tá trácht aici ar Shéamus Ó Grianna agus ar Mhicheál Ó Conghaile agus ar Mháirtín Ó Cadhain go ró-áirithe. Ní gan chúis a bhfuil ‘Brighid na nAmhrán’ leis an bPiarsach i lár an phlé aici, mar is amhlaidh go nochtann aníos in scata aistí eile – agus ar léiriú é ar a ghannchúisí is a bhí an amhránaíocht mar ábhar dá thábhachtaí is mar a bhí.

Fadhb mhór a bhí riamh ann ‘na healaíona béil a chur in oiriúint don stáitse’ mar a léiríonn Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, ach bhíodh feiseanna agus tionóil riamh tábhachtach ina dhiaidh sin is uile. Is eagal le Seosamh Mac Donncha go bhfuil an sean-nós báite ag an traidisiún agus i racht breá uaidh tá sé láidir air gurb é a dhéanann an téarma ‘sean-nós’ ná íomhá a chruthú ‘go gcaithfidh gach rud atá bainteach leis an sean-nós a bheith sean: caithfidh an t-amhrán a bheith sean, caithfidh an fonn a bheith sean, caithfidh an t-amhránaí a bheith sean, agus mura bhfuil tú sean, cabhraíonn sé leat a bheith seanfhaiseanta.’

Ní bréagnú ach a mhalairt atá sa scagadh a dhein Eamonn Costello ar bhreithiúnas mholtóirí an Oireachtais inar léir orthu nach raibh fáilte roimh dhuine a d’fhoghlaim amhrán ó cheirnín, ná roimh dhuine a déarfadh amhrán lasmuigh dá cheantar Gaeltachta féin. Ina choinne sin, ba iad na ceirníní céanna sin a spreag Virginia Blankenhorn dul le hamhráin na Gaeilge agus na Gáidhlig nuair a thug Ken Nilsen scata díobh isteach don rang a bhí aige. Agus is iad na taifid agus an cur i láthair leanúnach a dhéanann Raidió na Gaeltachta an taca is mó atá ag an sean-nós ar na meáin faoi láthair mar a léiríonn Odí Ní Chéileachair.

Is í aiste Phádraig Uí Chearbhaill is mionchúrsaí ar fad sa trácht atá aige ar nósanna áirithe amhránaíochta sa Mhumhain, an ‘nóta fada’ go háirithe agus an ‘cosc anála’ a chleachtaítí i Múscraí. Is mór an chabhair an ceol a bheith i dteannta na haiste, bíodh gurbh fhearr le daoine eile iad a chlos ach teacht a bheith orthu agus a bhfuil treoir aige dóibh sa leabharliosta a ghabhann leis.

Trí aiste i nGaeilge na hAlban atá sa leabhar, agus mura bhfuil Gáidhlig agat tá go leor sleachta Béarla tríothu le meabhair a thabhairt duit cad is éirim dóibh. Is í aiste Ghriogair Labhruidh is fíochmhaire ina ligeann sé lena bhinb in aghaidh na nósanna a tháinig chun cinn ag Mód na hAlban toisc iad a bheith dulta Victeoiriánach agus ina slánchuid de chuid Impireacht na Breataine: ‘Bha a’ Gháidhealtachd a-nise ga riochdachadh leis na h-Impireachdaich Bhreatannach agus nam méinn-san, dh’fhaodfadh an dualchas bhith air athchruthachadh ann an dóigh bu fhreagarraiche dhaibh.’ Duine ar bith a bhí i láthair ag Mód riamh, tuigfidh sé a mheasúla is atá suas is anuas leis an Oireachtas seo againne.

Mar sin féin, chuir aiste Thríona Ní Shíocháin i gcuimhne dom agus í ag trácht ar Mháire Bhuí Ní Laoire gur dócha nach mbeadh fáilte rómhór roimh na véarsaí is fuilchraosaí de chuid ‘Cath Chéim an Fhia’ sa tsaol a mairimid ann anois, gan trácht ar an gcuid is fearr de ‘Táim im Chodladh’ ná na véarsaí nach gcantar riamh as ‘Mná na hÉireann’, véarsaí nach dtuigtear i gceart cad tá i gceist iontu nó a mbaintear míchiall astu.

B’fhéidir go bhfuil teorainneacha eile fós le sárú ag an sean-nós.

Fág freagra ar 'Conas mar a d’éireodh le Raifteirí dá mbeadh sé istigh ar an Oireachtas?'

  • Séamus K

    Molaim go mór an leabhar seo, tá meascán d’aistí idir cinn acadúil agus cinn níos pearsanta.

    Maidir leis an téarma ‘sean-nós’, is cosúil go raibh easaontas ann i gcónaí toisc go gcuireann an téarma sin in iúl go mbaineann an stíl amhránaíochta seo leis an am atá caite. Nuair a athbhunaíodh Oireachtas na Samhna ag deireadh na 1930idí, eagraíodh siompósium de shaghas éigin agus rinneadh plé ar an gceist seo. Ní raibh luacht an tsiompósium áirithe seo ró-shásta leis an téarma agus mholadar téarmaí eile ar nós ‘amhránaíocht dhúchasach’ amhránaíocht na ngael’ agus a leithéid. Ach ‘Amhránaíocht ar an Sean-Nós’ a bhí ar chlár an Oireachtais nuair a cuireadh tús leis arís agus is amhlaidh atá ó shin i leith!

    Gml, tá eolas níos cuimsithí le fáil ar an ‘siompósium’ úd seo i cúpla aiste atá agam féin, ach ní féidir liom breith orthu áit a bhfuil mé faoi láthair.

  • An tsean-scraith

    Ar chuala éinne riamh an focal ‘léargais’ sa Ghaeltacht? Ní dóigh liom go bhfuil sin sean-nósach, a dotie!