COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA: Na himreoirí is fearr, foireann an chomórtais, an cúl is fearr agus an eachtra is aistí!

Cérbh iad buaicphointí an deireadh seachtaine ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2017 i dTuar Mhic Éadaigh? Seo rogha Tuairisc.ie

COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA: Na himreoirí is fearr, foireann an chomórtais, an cúl is fearr agus an eachtra is aistí!

Imreoir Chraobh Shinsear na bhFear – Dara Ó Sé (An Ghaeltacht)

Saothar foirne a bhí i mbua na Gaeltachta i dTuar Mhic Éadaigh an deireadh seachtaine seo caite, agus a gcion féin déanta ag gach duine ó Thomás Mac an tSaoir sa chúl go dtí Tomás Ó Sé sa chúinne. Bheadh údar maith ag na cosantóirí le bheith ag clamhsán gurb iad na tosaithe a fhaigheann an moladh uile, ach is mór an tionchar a bhí ag beirt de thosaithe na Gaeltachta go háirithe ar a mbua i gcraobh na sinsear den chéad uair ó 1999.

Amhail comórtas na bliana seo caite, bhí Seán M Ó Conchúir ar fheabhas arís sa chluiche ceannais. D’aimsigh an tosach 0-9 in aghaidh Chill na Martra, agus ón imirt a d’aimsigh sé cúig cinn de na cúilíní sin, roinnt scóranna den scoth ina measc.

I gcomparáid leis sin, bhí Ó Conchúir sách ciúin sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Rinne, cé gurbh é a shlánaigh an cic saor chun an cluiche a bhuachan don Ghaeltacht. Ba é Dara Ó Sé laoch na Gaeltachta in aghaidh na nDéise agus an-thaispeántais tugtha uaidh aige nuair a bhí an crú ar an tairne. Ceithre phointe a d’aimsigh sé sa chluiche leathcheannais agus fuair sé 1-2 inné.

D’fhéadfaí gradam Imreoir an Chomórtais Tuairisc.ie a thabhairt do cheachtar don bheirt seo agus ní bheadh údar gearáin ag aon duine ach is é Dara Ó Sé ár rogha.

Imreoir Chraobh Shóisear na bhFear – Stuart Johnston (Naomh Náille)

D’fhéadfá triúr nó ceathrar d’fhoireann Naomh Náille a roghnú don ghradam seo. Bhí Barry Griffin ar fheabhas i lár na páirce. Bhí Stephen Grffin iontach ar fad agus ba é an dála céanna é ag Daniel Brennan sa líne lántosach, ach is ag an leathchúlaí ar dheis, Stuart Johnson, is mó atá an gradam seo tuillte.

Cé gur imir na Conallaigh ceithre chluiche in imeacht trí lá, cluiche a raibh am breise ag teastáil ann san áireamh, bhí an fuinneamh a léirigh Johnson i ngach cluiche acu sin dochreidte. Ba é a thosaigh cuid mhaith d’ionsaithe Naomh Náille agus is annamh a thug sé an liathróid uaidh. Ba é a d’aimsigh an chéad dá scór do Naomh Náille i gcluiche ceannais an lae inné chomh maith, rud a chuir ar bhóthar a leasa iad.

Imreoir Chraobh Shinsear na mBan – Andrea Trill (Baile Chláir)

An phríomhaidhm a bhíonn ag imreoir sa líne lántosach ná scóranna a fháil agus is cinnte go ndearna Andrea Trill é sin do Bhaile Chláir agus iad ag tabhairt leo Craobh na Sinsear an deireadh seachtaine seo caite. Bhí bua gan choinne ag Baile Chláir in aghaidh Ghleann Fhinne Dé Sathairn, cluiche ina raibh cúil Trill cinniúnach. Lean an cailín óg cúig bliana d’éag d’aois ar aghaidh agus scrios á dhéanamh arís ar an Domhnach aici. D’aimsigh sí trí chúl sa chéad leath agus bua ollmhór ag a foireann ar Mhaigh Cuilinn.

Imreoir Chraobh Idirmheánach na mBan – Aoife McDonnell (Naomh Conaill)

Cé gurbh í a dheirfiúr, Alanah, a d’aimsigh cuid mhaith de na scóranna sa chluiche ceannais, ba é taispeántas Aoife McDonnell i lár na páirce an spreagadh is mó a bhí ag Naomh Conaill sa chluiche a bhuaigh siad in aghaidh Naomh Pádraig, An Fhairche ar an Satharn.

Agus imreoir idirchontae dá gcuid féin ag imirt i lár na páirce don Fhairche, Mairéad Seoighe, bhí sé tábhachtach go mbeadh McDonnell, iarchaptaen Dhún na nGall, i mbarr a maitheasa agus bhí sí ar fheabhas i gcluiche a bhuaigh Naomh Conaill 3-10 in aghaidh 1-14.

Imreoir Chraobh Shóisear na mBan – Ríona Ní Fhlatharta (Naomh Anna)

Rinceoir clúiteach í Ní Fhlatharta, agus rinne an tsleaschéim atá aici an diabhal ar Ghleann Fhinne agus ar Thuar Mhic Éadaigh ag an deireadh seachtaine agus mná Leitir Móir ag tabhairt leo Craobh na Sóisear. Rinne siad slad ar na Conallaigh sa chluiche leathcheannais ar an Satharn, cluiche inar aimsigh Ní Fhlatharta 4-4 agus cé go raibh an choimhlint níos déine sa chluiche ceannais, chruthaigh luas an imreora, atá ar fhoireann mionúr an chontae, a lán fadhbanna do Thuar Mhic Éadaigh agus í ag scóráil 1-1.

Eachtra aisteach agus ‘Imreoir óg an Chomórtais’

Bhí an fhoireann baile trí phointe chun deiridh in aghaidh Naomh Náille agus cluiche ceannais na sóisear ag druidim le leath ama inné, ach ghlac leaid óg an fhreagracht air féin cúrsaí a athrú. Thosaigh sé amach ar thaobh na láimhe deise den pháirc agus rinne sé ruathar 40 slat i dtreo an chúil. Faraor, sula raibh duine d’imreoirí eile Thuar Mhic Éadaigh in ann an pheil a phasáil chuige, thóg ‘maor’ glan as an imirt é. Cé go raibh an slua ag béiceadh, fágadh cártaí an réiteora ina phóca.

Cúl an Chomórtais

Bíodh do rogha agat de chúil Thomáis Uí Shé i gcluiche ceannais an lae inné. Ba é a d’aimsigh an chéad chúl don Ghaeltacht in aghaidh Chill na Martra. Fuair Ó Sé seilbh na liathróide 45m amach ón gcúl, scinn sé tríd lucht cosanta an fhreasúra agus bháigh sé í san eangach. Ansin, cúig nóiméad roimh dheireadh an chluiche, cé go raibh an cluiche thart mar choimhlint, ní raibh deireadh déanta fós ag Ó Sé. Agus pas mór fada curtha isteach ina threo, léim Ó Sé os cionn a chéile comhraic agus chríochnaigh sé an deis go snasta.

Fág freagra ar 'COMÓRTAS PEILE NA GAELTACHTA: Na himreoirí is fearr, foireann an chomórtais, an cúl is fearr agus an eachtra is aistí!'