Comhpháirtíocht an SDLP agus Fianna Fáil – an fiú an tairbhe an trioblóid?

B’fhéidir go mbeidh rath ar an margadh idir Fianna Fáil agus an SDLP amach anseo ach níl ann ach b’fhéidir

Comhpháirtíocht an SDLP agus Fianna Fáil – an fiú an tairbhe an trioblóid?

Múineann gá seift deirtear. Agus gan dabht bhí gá ag an SDLP le seift chun a dhul i ngleic le meath an pháirtí. Scór bliain ó shin bhí 24 Teachta Tionóil, triúr feisirí Parlaiminte agus 120 comhairleoir acu; anois tá dháréag teachta tionóil agus 66 comhairleoir acu agus níl aon fheisire Parlaiminte acu. Ba léir le fada go raibh gá le hathnuachan. Ach an ‘comhpháirtíocht’ le Fianna Fáil an tseift chuí? An chun tairbhe Fhianna Fáil nó an SDLP an socrú neamhfhorbartha a d’fhógair Micheál Martin agus Colum Eastwood i mBéal Feirste Déardaoin? An é leas na vótóirí thuaidh agus theas é?

Ní comhpháirtíocht an margadh a bhí á thuar. Sop in áit na scuaibe a thug roinnt ar shocrú go mbunófaí grúpaí oibre chun polasaithe a ullmhú, go gcoinneoidh an dá pháirtí a n-ainmneacha féin, gan trácht ar an gcinneadh nach seasfadh iarrthóirí Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla i dtuaisceart na Bealtaine. 

Bhí na daoine ar theastaigh cumasc nó pósadh uathu míshásta. De réir tuairisc ar Raidió na Gaeltachta nocht Éamon Ó Cuív a mhíshástacht agus an nuachtócáid fós ar siúl. Smachtaigh Fianna Fáil an Teachta Ó Cuív i ngeall ar a iarracht – i gcomhar leis an Seanadóir Mark Daly – chun Sorcha McAnespy a chur chun cinn mar iarrthóir de chuid Fhianna Fáil don toghchán sa Bhealtaine. Tuigim go bhfuil amhras ar an eite sin d’Fhianna Fáil ar mhian leo leathnú go dtí an Tuaisceart faoin socrú nua ach roinnt ag súil lena thuilleadh forbartha amach anseo. Tá an port céanna ag roinnt san SDLP.

Ag an am céanna bhí daoine san SDLP gur mhór acu an nasc leis an Lucht Oibre agus sóisialaigh na hEorpa thar a bheith míshuaimhneach. Tá dháréag teachtaí tionóil ag an SDLP faoi láthair. D’fhan duine acu glan ar sheoladh an tsocraithe nua, Claire Hanna, ionadaí dheisceart Bhéal Feirste. Mhaígh sise nach chun sochair an SDLP é a bheith ag suirí le Fianna Fáil ach níor léir an raibh sí toilteanach fanacht sa pháirtí. Dúirt Colum Eastwood gur fháiltigh sé roimh dhíospóireacht agus go mbeidh deis ag baill cinneadh a dhéanamh faoin bpáirtí ag comhdháil speisialta ar an 9 Feabhra in Iúr Chinn Trá.

Chualathas binnbhriathra ó Mhicheál Martin agus Colum Eastwood, polasaithe ar mhaithe le daoine agus le haontas agus athmhuintearas i measc na ndaoine, seachas béim ar aontú na gcríocha deighilte. De réir a chéile a bhláthóidh a bpáirtnéireacht, dar leo. Sa ngearrthéarma cuirfidh siad ceann leis an obair ar pholasaithe sóisialta, eacnamaíochta, Breatimeachta agus ar pholasaí maidir le haontú na hÉireann.

I gceann deich seachtaine i dtoghcháin na gcomhairlí beidh deis ag vótóirí a mbreithiúnas a thabhairt ar iarrthóirí an SDLP i bhfianaise a gcaidreamh le Fianna Fáil. Sna seachtainí roimhe sin beidh an SDLP ag iarraidh a chur ina luí ar an bpobal go bhfuil athnuachan déanta agus gur géag iad de ghluaiseacht uile-Éireann. Cé mar a éireoidh leis an teachtaireacht sin san iomaíocht le Sinn Féin, atá ag fáil an lámh in uachtar orthu i ngach cineál toghcháin abhus le hocht mbliana déag? Údar iontais a bheadh ann mura mbeadh Sinn Fein ag spochadh astu mar gur theip ar an iarracht Fianna Fáil a thabhairt aneas. Ina theannta sin cáinfear iad as gach locht atá le fáil ar Fhianna Fáil.

Ní bhfuair Sinn Féin na vótaí go léir a chaill an SDLP le scór bliain, áfach. D’fhan vótóirí sa bhaile freisin. Is beag seans go ngríosóidh an chomhpháirtíocht seo iad chun a dhul amach ag vótáil agus tacú leis an bpáirtí arís. Ina theannta sin, thug roinnt den dream a bhíodh ag tacú leis an SDLP vótaí i dtoghchán an Tionóil d’iarrthóirí Alliance agus don Chomhaontas Glas, i mBéal Feirste go háirithe. Caolseans go meallfadh caidreamh le Fianna Fáil na vótóirí sin ar ais.

Ar éigean is gá a rá gur annamh a aistríonn vótaí aontachtacha chuig náisiúnaithe agus vice versa. Ach fuair an SDLP aistrithe ó aontachtaithe i dtoghcheantair áirithe. Tharla sin go minic chun Sinn Féin a choinneáil amach ach tharla sé mar go raibh meas ar sheasamh trasphobail an pháirtí freisin. Tá aontachtaithe ag caint cheana féin ar chiallachais an chaidrimh le Fianna Fáil agus roinnt ag rá nár mhór d’aontachtaithe aontú i gcoinne na contúirte seo.

B’fhéidir go mbeidh an margadh torthúil agus go dtiocfaidh borradh faoin gcomhpháirtíocht. B’fhéidir go gcothóidh an plé faoi pholasaithe cur chuige nua fuinniúil. B’fhéidir agus ní móide. Ar chéad amharc is deacair gan a bheith amhrasach. Neosfaidh an aimsir an fiú an tairbhe an trioblóid.

Fág freagra ar 'Comhpháirtíocht an SDLP agus Fianna Fáil – an fiú an tairbhe an trioblóid?'

  • Seán Mór

    Fianna Fáil ag léim ar chapall a bhfuil a rás rite.