Colmcille an tseanchais agus Colmcille na staire beo beathach

Inniu Pátrún Cholmcille, tá dhá shliocht againn as an úrscéal Flaitheas a scríobh Conallach eile, Proinsias Mac A' Bhaird agus atá foilsithe ag Leabhar Breac

Colmcille an tseanchais agus Colmcille na staire beo beathach

Tá Colmcille an tseanchais agus Colmcille na staire beo beathach san úrscéal ‘Flaitheas’, d’ainneoin gur bhásaigh sé cothrom an lae seo 1427 bliain ó shin

Comhairle chríonna a oide, Cruithneachán, do Chriomhthann [mac Fheidhlimidh as Doire Eithne] agus é ag tabhairt aghaidh ar an mainistir: “Dúirt mé leat go minic é. Tá an dá aigne ionatsa, a Chriomhthainn. Ainmníodh i ndiaidh an tsionnaigh thú ach tá inne an choilm ionat fosta.

Tá an sionnach agus an colm ag coraíocht ionat de shíor. Ceann amháin acu, tá sé in uachtar inniu, beidh ceann eile in uachtar amárach. Tá bealach le siúl agat a bheas achrannach ach sólásach ag an am chéanna. Is fútsa é, an chonair a aimsiú, ach tá mé cinnte, a choilm bhig, go bhfuil siúl an chosáin ionat.”

Chaith Colm Cille ocht mbliana ag staidéar i Mainistir Mhaigh Bhile le Finnian:

“Fosclaíodh domhan iomlán nua roimh Cholm [Criomhthann] agus thum sé é féin isteach ann go fonnmhar, an t-eolas á alpadh go santach aige. Tugadh a dhíograis agus an éirim nádúrtha a bhí ann faoi deara agus spreagadh é le bheith ag cur lena chuid eolais. “Is fríd na nithe seo, a chuireann muid eolas níos fearr ar ár dTiarna,” a mhínigh Cairbre, an fear léinn a bhí i gceannas ar scoil na mainistreach. Thógadh Cairbre na lámhscríbhinní a bhí crochta i málaí troma leathair thart ar bhallaí an tí screaptra amach ó am go chéile agus gheibheadh Colm seans lán a shúl a bhaint astu.

Cothrom an lae inniu 1,425 bliain ó shin a bhásaigh Naomh Colmcille…

Ba leathanaigh dhraíochta iad, leathanaigh dhiaga. Gach a raibh á fhoghlaim aige sa mhainistir, tháinig sé uilig le chéile sna scríbhinní sin, iad uilig maisithe go healaíonta amhail is go raibh siad le bronnadh ar an Tiarna Dia é féin. Bhí meas ar leith sa mhainistir ar scríobhaithe an tí screaptra, iad ina suí ag deasca arda in aice na bhfuinneog leis an chuid ab fhearr den tsolas a fháil, a gcleití agus dúch ar láimh acu, glóir Dé á léiriú ar phár acu. Don nóibhíseach óg, ba é sin an sprioc a bhí aige, a bheith áirithe i measc na bpeannairí.

Ba mhinic, agus seal beag saor aige, a d’éalaíodh sé isteach sa teach screaptra. Chaitheadh sé tamall ansin leis na scríobhaithe, á gcoimhéad. Chuir sé suntas sa chúram a thug siad don obair, an fhaichill agus an aird a bhí acu ar achan fhocal agus pictiúr a bhí á dtarraingt acu. Chuaigh a gcuid oibre go mór i bhfeidhm air. D’fhéadfadh sé a shaol a chaitheamh ansin ina measc agus muna ndéanfadh sé a dhath eile, dar leis, bheadh saol maith fiúntach caite aige.

Faigh greim ar an leabhar seo más léitheoireacht thaitneamhach i nGaeilge nádúrtha atá uait

Le himeacht aimsire agus de réir mar a fuair sé máistreacht ar theangacha agus ar an diagacht, thug Cairbre cead do Cholm cuidiú a thabhairt do na scríobhaithe. D’fhoghlaim sé an dóigh le dúch a réiteach ón armarius, bráthair cineálta darb ainm Fionnbharr. Post iomlán ann féin a bhí i réiteach an dúigh agus thosaigh Colm le dúch simplí. Thógadh sé craobhacha tirime sceiche agus mheileadh an choirt. Ansin, thumadh sé an choirt in uisce agus d’fhágadh ann í ar feadh seachtaine.

Ina dhiaidh sin, bhruitheadh sé an t-uisce le fíon go dtí go dtagadh dath dubh air. B’éigean an leacht a thriomú ansin faoin ghrian agus é a mheascadh arís le fíon agus coparás ar theas na tine leis an dúch a dhéanamh. Agus ní raibh sa mhéid sin ach cuid den phróiseas. Bhíodh clocha éagsúla le bailiú aige, sméara agus cnónna a chuirfeadh dath ar leith sa dúch nó as a dtiocfadh leis tainnin a fháil.

Fá choinne cuid de na dathanna, bhíodh mil nó blaosc uibhe de dhíth; ómra, feamainn nó planda áirithe do dhathanna eile. D’fhoghlaim sé an dóigh le peann cleite a dhéanamh agus an dóigh le craiceann gamhna a réiteach agus a ullmhú, é a ghlanadh, a thanú, a thriomú agus a theannadh le go bhféadfaí scríobh air. Bhí neart le foghlaim, agus ní go dtí go raibh inniúlacht aige sna rudaí sin ar fad a tugadh cead dó peannaireacht dá chuid féin a dhéanamh.

Ar ndóigh, bhí an pár róluachmhar don chleachtadh, agus rinne sé scríbhneoireacht ar sheanphíosaí páir ó leabhair a bhí imithe ó mhaith, uaireanta ar éadach a teannadh thar fhráma adhmaid. Ba léir do na manaigh go luath, áfach, go raibh scil ar leith ag Colm leis an pheannaireacht, agus, roimh i bhfad, bhí sé ag obair le pár ceart, ag cóipeáil agus ag maisiú leabhar.”

Fág freagra ar 'Colmcille an tseanchais agus Colmcille na staire beo beathach'