Faigh greim ar an leabhar seo más léitheoireacht thaitneamhach i nGaeilge nádúrtha atá uait

Mar a dhéanann dea-scannán, éiríonn leis an údar ábalta Proinsias Mac A' Bhaird muid a scuabadh linn san úrscéal is déanaí uaidh

Faigh greim ar an leabhar seo más léitheoireacht thaitneamhach i nGaeilge nádúrtha atá uait

...
Flaitheas
Proinsias Mac A’ Bhaird
Leabhar Breac €16[\infobox]

Agus lón léitheoireachta na Nollag á sholáthar agam i siopa Charlie Byrne’s i mbéal na féile ba bhlasta an chreach a d’éirigh liom, dhá leabhar Gaeilge den scoth san áireamh.

I gcead do na daoine sin a shíleann gur Dia beag é Colm Cille againn, ní Dia ná naomh atá ag Proinsias Mac A’ Bhaird dúinn sa leabhar is déanaí seo uaidh ach duine a bhfuil suáilcí agus duáilcí an daonnaí aige – an stuaic, an sotal, an uaillmhian, an t-éad, an éiginnteacht, an chomhbhá, an láchas, agus an grá dia.

Scéal Choilm atá anseo againn ó chuaigh sé ar altramas ag seacht mbliana d’aois go dtí Cath Chúl Dreimhne agus an sionad i dTailtin a tionóladh le Colm Cille a cháineadh nó a chur faoi choinnealbhá de bharr a pháirt sa gcath léanmhar sin. Bhí mise cos ar chois leis agus dearmad glan déanta agam gur úrscéal a bhí á léamh agam a bhfuil bonnchloch láidir naomhsheanchais is staire leis.

Mar a dhéanann dea-scannán, éiríonn leis an údar ábalta seo muid a scuabadh linn go Tír Chonaill sa séú haois agus muid a chur ag fiach agus ag sodar i ndiaidh Chriomhthann Mac Fheidhlimidh as Doire Eithne agus eisean ar a bhromach sa tóir ar shionnach a rinne slad ar chró na gcearc i lios a oide. Dá mhéid é stádas a athar santaíonn an stócach an caidreamh geanúil atá ag an tréadaí Cárthach lena athair féin. Más spéis leat cúrsaí bia, déarfainn gur maith molta a bheadh a bproinn sa mbuaile ag lianna an lae inniu – arán coirce, scadán goirt, uibheacha cruabhruite agus bláthach.

Ní le haon róghean ar an Dia nua a chuir Feidhlimidh a mhac ar altramas ag Críostaí ach go mbeadh an fhoghlaim agus an Laidin idirnáisiúnta áisiúil do thaoiseach.

Spéisiúil an t-amhras a bhí ar an bpobal roimh chúram na cruinne uile a chur ar aon Dia amháin, Dia a bhí ‘amscaí go maith ina bhreithiúnas’.

Más aon fhianaise an saothar seo is fánach an t-athrú a tháinig ar an gcine daonna le 1500 bliain – geis ar fhir aon fhaitíos ná samhnas a thaispeáint agus an t-ár á dhéanamh, a gcumas mná a mhealladh agus a n-éachtaí feise comhrá na bhfear óg, gearrchailí mánla modhúla tuisceanacha ag tindeáil ar fhir.

An bhean a dhiúltaíonn don ról sin ní maith a théann sé di – is fánach an chosaint é mallacht Mhuirne in aghaidh sleá agus fuath fireann. Nach amhlaidh an cás in go leor áiteanna inniu?

An chogaíocht agus an marú an réiteach ar chuile argóint sa séú haois agus in 2024: ‘Níl bealach níos fearr le naimhde a chloí ach iad a chur sa talamh.’

An gortú a bhain d’Fheidhlimidh a chuir cor i gcinniúint a mhic agus a d’fhág gur thug sé a aghaidh ar Mhaigh Bhile áit ar thaithnigh rialtacht shaol na mainistreach leis agus áit ar chuir sé barr feabhais ar a chuid peannaireachta – saothar a tharraing achrann níos déanaí.

Finnian eile a d’oirnigh é i gCluain Ioraird cois Bóinne sular thug sé faoin tír ag bunú mainistreacha. Is beag atá san úrscéal seo faoin misinéireacht sin ach gur chaith sé 25 bliain ar fad sa tír ó tháinig sé go Maigh Bhaile ar dtús.

Tá neart sa leabhar faoi thiarnais, aighnis agus saol an lae úd agus is mór i gceist an chinniúint agus an chaoi a n-athraíonn cor amháin an saol. Ní saor ó aicíd ná géarchéim aeráide a bhíodar anallód ach oiread agus tionchar dá réir acu ar a saol.

Sáraíonn dúchas oiliúint agus nuair a theastaigh cúnamh ó Chineál Chonaill an flaitheas saolta ba thréine sa sagart agus as fearg agus sotal chroch sé leis an lámhscríbhinn a rinne sé féin ina ábhar sagairt. B’amhlaidh an cás le Cath Chúl Dreimhne nuair a shíl gurbh aigesean ab fhearr scil i gcúrsaí dlí is éirice agus bás na gcéadta a raibh dá bharr.

Má léigh tú an leabhar iontach eile leis an údar seo, Tairngreacht, is mór idir an dá leabhar ó thaobh seánra agus ábhair, éacht ar leith ag údar ar bith. Neamhchosúil le Tairngreacht, tá an leabhar seo suite san aon tír amháin, Éire, agus gan le faire againn ach fear amháin, a intinn luaineach sin agus an dream a bhfuil baint aige leo, rud a chuidíonn le so-léiteacht iontach an leabhair.

Rud a chuir iontas orm féin an méid den teanga agus den fhoclóir Conallach sa leabhar atá chomh Connachtach – níor bhraitheas aon aduaine in aon chor cé gur shíleas riamh go raibh sin amhlaidh.  An bhfuil aon seans gur i gConnachta atá Árainn Mhór! Thar aon rud eile is é Criomhthann/Colm (agus a mhéit págánach Cárthach) a mheallfaidh thú agus na dúshláin chéanna le sárú agus atá inniu – dualgas v dúil, umhlaíocht v uabhar, aithreachas v aighneas, maoithneachas v misinéireacht.

Ná bíodh aon imní ort gur leabhar tur staire atá againn anseo nach mbaineann le saol an lae inniu – is léir dearcadh agus meon an fichiú haois go láidir sa leabhar, más amhlaidh gur éalaigh sin ann i ngan fhios don údar nó d’aon turas. Is fearrde an leabhar é.

Faigh greim ar an leabhar seo más léitheoireacht thaitneamhach i nGaeilge nádúrtha atá uait – ní leagfaidh tú uait í go dtí an leathanach deiridh.

Fág freagra ar 'Faigh greim ar an leabhar seo más léitheoireacht thaitneamhach i nGaeilge nádúrtha atá uait'