Acadamh Ríoga na hÉireann chun saol, saothar agus oidhreacht Cholm Cille a chomóradh

Sraith cainteanna ar líne ag Acadamh Ríoga na hÉireann chun oidhreacht Cholm Cille a cheiliúradh 1500 bliain óna bhás 

Acadamh Ríoga na hÉireann chun saol, saothar agus oidhreacht Cholm Cille a chomóradh

1,500 bliain ó rugadh Colm Cille i nGartán i dTír Chonaill ar an 7 Nollaig 521, tá Acadamh Ríoga na hÉireann chun a shaol, a shaothar agus a oidhreacht a chomóradh an fómhar seo le sraith léachtaí.

Is beag duine eile óna ré sin sa tír seo a raibh an oiread cainte faoi sa seanchas agus bhí ómós agus dílseacht faoi leith dó mar dhuine againn féin. Coinníodh a scoláireacht, a thairngreacht, a thoibreacha agus a dhiagacht i gcuimhne agus is iomaí áit sa tír seo a bhfuil ionad ómóis do Cholm Cille.

Tá bailiúchán breá lámhscríbhinní a bhaineann leis an naomh i leabharlann an Acadaimh agus tabharfar éachtaint sna léachtaí seo ar an taighde nua atá déanta is á dhéanamh ag lucht léinn is saineolais ar an ábhar luachmhar sin.

Pléifear beathaisnéisí, litríocht, téacsanna, béaloideas, seandálaíocht, filíocht is paidreacha a bhaineann leis an naomh sa tsraith sé sheisiún seo.

Ach teacht a bheith agat ar chóras idirlín, ní chuirfidh an tíreolaíocht aon bhac ort freastal ar na cainteanna seo mar is ar an gcóras Zoom a bheidh na seisiúin ar fad á reáchtáil agus iad ar fad ar siúl ag am lóin, idir a 1-2pm.

Beidh an chéad léacht ar siúl ar an gCéadaoin, an 25 Lúnasa ag a 1.00pm nuair a labhróidh an saineolaí callagrafaíochta Timothy O’Neill faoi shaltair Cholm Cille, An Cathach, agus traidisiún na lámhscríbhinní sa tír seo. Beidh cainteoirí éagsúla ag roinnt a gcuid léinn gach seachtain, níos mó ná duine amháin go minic. Dé Céadaoin a bheidh gach seisiún ar siúl ón 25 Lúnasa go 6 Deireadh Fómhair.

I mBéarla a bheidh ceithre cinn de na seisiúin agus beidh péire acu i nGaeilge.

Is féidir le duine clárú don tsraith anseo. Seolfar nasc chugat chuig gach aon léacht lá roimh ré ach a bheith cláraithe.

Fág freagra ar 'Acadamh Ríoga na hÉireann chun saol, saothar agus oidhreacht Cholm Cille a chomóradh'

  • Seán Mag Leannáin

    Chun Colm Cille Naofa

    Beannaithe go raibh an Tríonóid Naofa gan roinn anois agus go síoraí. Amen.
    Tá mé ag coisreacan na dtrí chaol [caol na lámh, caol an choim agus caol na gcos] mar chuimhneachán ar Naomh Colm Cille.
    Tá mé ag coisreacan na dtrí chaol is gach ní atá agam i láthair Naomh Colm Cille is na Naomh Gaelach uile.
    Tá mé ag tabhairt adhradh is glóire do Dhia inniu (nó anocht). Glóir don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh. Mar a bhí ar dtús, mar atá anois agus mar a bheas go brách. Amen.

    Tá mé ag coisreacan chaol na lámh.
    A Naomh Colm Cille, guigh go grod is go baileach is go dúthrachtach; guigh aduaidh agus aneas; guigh anoir agus aniar; guigh ar ais is ar aghaidh, chugat agus uait agus go lá brátha.

    Guigh mar éiric
    Ar chosa Chríost chomh geal leis an bhainne,
    Ar ghlúine Chríost chomh láidir le carraig,
    Ar anairt bháis Chríost chomh glan le ceo,
    Ar ucht Chríost chomh suaimhneach le tonn,
    Ar ghuaille Chríost chomh fairsing leis na beanna,
    Ar bhéal Chríost chomh hiomlán leis an phlúr,
    Ar shúile Chríost chomh caoimhiúil le dealradh na gréine ‘dul faoi,
    Ar fholt Chríost chomh bachallach leis an sruth,
    Ar ghéaga Chríost chomh lúfar le lúdrach,
    Ar mhéara Chríost chomh ceannasach leis na spéartha
    Agus ar a cheann naofa.

    Ár nAthair….
    Tá mé ag coisreacan chaol mo choim.

    Guigh mar éiric
    Ar a bhéas,
    Ar a dhílseacht,
    Ar a charthanacht,
    Ar a gheanmnaíocht,
    Ar a chiúnas,
    Ar a mhánlacht,
    Ar a thréine,
    Ar a mhisneach,
    Ar a mheasarthacht,
    Ar a fhulaingt,
    Ar a uirísleacht,
    Agus ar a bhochtaineacht rónaofa.

    Sé do bheatha, a Mhuire…
    Tá mé ag coisreacan chaol na gcos.

    Guigh ar scáth
    A bhreith naofa fhíorghlan.
    A leanbhaois gan cháim,
    A bhaisteadh,
    A throscadh daichead lá agus daichead oíche agus a chathú,
    Na hocht mbiáití,
    A thogha an dáréag naofa,
    A athrú crutha ar an sliabh,
    A bhrath ag Iúdás,
    A theilgean agus a dhaoradh san éagóir,
    A bhás agus a adhlacadh,
    A aiséirí agus a dheascabáil ghlórmhar.

    In ainm Íosa Críost ár dTiarna éirím (nó téim a chodladh).
    Na seacht réalt do m’stiúradh,
    An dáréag do m’sheoladh,
    Na cúig chneá do m’dhíonadh,
    Na trí shanas i m’chluasa,
    Síoth na seacht nEaglais do m’thimpealladh,
    An tAon Dia do m’rialú,
    Sciath chreidimh os mo chionn,
    An claíomh solais ar m’aghaidh,
    Focal Dé ar mo chúltaobh,
    M’aingeal coimhdeachta láimh liom,
    An Spiorad Naomh mar aon liom
    Anois agus go síoraí. Amen.
    Triath na dtriath. Amen.

    A Íosa, beannaigh, stiúir agus cosain mé, agus tabhair chun na beatha síoraí mé. A Cholm Cille, guigh ar son na hÉireann agus na hAlban agus ar mo shonsa. Amen.

    (Ár bPaidreacha Dúchais. Diarmuid Ó Laoghaire, S.J. a chnuasaigh. Foilseacháin Ábhair Spioradálta, Baile Átha Cliath, 1982.)