Coiste Oireachtais ag moladh go dtabharfaí treoirlínte pleanála nua don Ghaeltacht isteach i mbliana

Tá breis is scór moladh don Rialtas le dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa Ghaeltacht i dtuarascáil nua de chuid Choiste Gaeilge an Oireachtais

Coiste Oireachtais ag moladh go dtabharfaí treoirlínte pleanála nua don Ghaeltacht isteach i mbliana

Tá moladh déanta ag Coiste Oireachtais go dtabharfadh an tAire Tithíochta isteach treoirlínte reachtúla do chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht roimh dheireadh na bliana seo.

Tá treoirlínte nua do na ceantair Ghaeltachta geallta ag an Aire Darragh O’Brien ach meastar nach mbeidh fáil orthu go dtí an bhliain seo chugainn. Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais ag iarraidh ar an Aire beart a dhéanamh roimhe sin chun cuidiú le muintir na Gaeltachta tithe a thógáil agus a cheannach ina gceantar féin.

Deir an Coiste gur cheart don Aire treoirlínte a thabhairt isteach faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt chun díriú go sonrach ar thithíocht agus ar pholasaí na pleanála fisiciúla sna ceantair Ghaeltachta. Faoin bpíosa reachtaíochta sin, ceadaítear don Aire Tithíochta treoirlínte a eisiúint chuig na húdaráis phleanála ag am ar bith agus bheadh dualgas ar na húdaráis phleanála iad a chur i bhfeidhm.

Molann an Coiste gur cheart a leithéid a dhéanamh agus polasaithe ábhartha a chur i bhfeidhm faoin 31 Nollaig 2022 ar a dhéanaí.

Dúirt an tAire O’Brien anuraidh go n-eiseodh a Roinn treoirlínte nua do na ceantair Ghaeltachta roimh dheireadh 2021 ach tá an chuma ar an scéal anois nach bhfoilseofar iad go dtí an bhliain seo chugainn.

Tá díomá léirithe ag polaiteoirí agus ag Conradh na Gaeilge maidir leis an easpa dul chun cinn atá déanta ar an gceist. Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly, atá ina ball de Choiste na Gaeilge, gur léir nach bhfuil an Rialtas ag plé leis an gceist “ar bhonn práinne”.

Tá grúpa oibre bunaithe ag an Roinn Tithíochta chun gnéithe éagsúla den phróiseas pleanála sa Ghaeltacht a scrúdú agus tá an Coiste ag moladh freisin go mbeadh ionadaíocht bhuan ag eagraíochtaí Gaeilge agus pobail Ghaeltachta ar an ngrúpa, mar atá éilithe ag Conradh na Gaeilge le fada.

Tá na moltaí sin mar chuid de bhreis is scór atá déanta i dtuarascáil faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht atá le cur faoi bhráid an Oireachtais ag an gCoiste.

D’eascair na moltaí ó shraith cruinnithe a bhí ag an gcoiste leis an Aire féin, le hoifigigh ina Roinn, leis na húdaráis áitiúla, Conradh na Gaeilge agus páirtithe leasmhara eile.

I measc na moltaí eile atá déanta sa tuarascáil, tá an coiste ag iarraidh go ndéanfadh an tAire Tithíochta caighdeánú ar pholasaithe na n-údarás áitiúil maidir le tithíocht sa Ghaeltacht toisc go bhfuil an oiread sin difríochtaí le sonrú sna Pleananna Forbartha mar atá siad faoi láthair.

Deirtear sa tuarascáil gur léirigh an fhianaise a tugadh ag na cruinnithe go bhfuil easpa comhordaithe agus leanúnachais ann i gcúrsaí pleanála maidir leis an gcaoi a ndéantar measúnú ar chumas Gaeilge iarratasóirí agus iad ag lorg cead pleanála sa Ghaeltacht.

Molann an coiste go dtabharfaí isteach caighdeáin agus treoirlínte náisiúnta maidir le measúnuithe tionchar teanga, cén chaoi le hiad a ullmhú, cén chaoi a ndéanfaí iad a mheas agus cén chaoi a ndéanfaí athbhreithniú orthu.

Maidir le measúnú a dhéanamh ar inniúlacht Gaeilge iarratasóra, deir an Coiste gur cheart úsáid a bhaint as an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach [TEG] agus go mbeadh inniúlacht B2 nó níos airde ar an bhfráma sin mar sprioc.

Gheall an tAire O’Brien anuraidh go raibh sé chun ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe a thabhairt isteach d’fhorbróirí a bheadh ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht, chomh maith le scrúdú líofachta nua dóibh siúd a bheadh ag iarraidh cónaí sna tithe sin.

Tá éiginnteacht ann, áfach, faoi cé air go díreach a bheadh dualgas an scrúdú a dhéanamh ó tá sé ráite ag oifigigh ón Roinn Tithíochta agus ó Roinn na Gaeltachta nach mbeadh sé praiticiúil ná réalaíoch a bheith ag súil go mbeadh ar gach duine atá ag iarraidh cónaí sa Ghaeltacht an caighdeán B2 sa Ghaeilge a bhaint amach. Dúradh go mbraithfeadh an céatadán de na daoine a mbeadh orthu an scrúdú a dhéanamh ar a láidre is atá an Ghaeilge sa cheantar áirithe sin.

Deirtear i moltaí an Choiste nach gcuirfidh coinníollacha teanga isteach ar dhaoine arb as an nGaeltacht iad agus a bhfuil iarratas pleanála á dhéanamh acu chun teach a thógáil sa toghroinn arb aisti ó dhúchas iad ach go mbeadh an gnáthshrian ar an teach sin a dhíol ar aghaidh mar a bhaineann le tithe faoin tuath.

Deir Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil súil aige go dtabharfaidh na moltaí “misneach agus dóchas do mhuintir na Gaeltachta, agus go nglacfaidh an pobal Gaeltachta leis go bhfuil iarracht éigin ar bun chun freastal ar a gcuid riachtanas, go háirithe in am an ghátair.”

Tá an tuarascáil Tithíocht agus Cúrsaí Pleanála sa Ghaeltacht agus na Treoirlínte a bhaineann leo le seoladh amárach, Déardaoin an 7 Iúil.

Fág freagra ar 'Coiste Oireachtais ag moladh go dtabharfaí treoirlínte pleanála nua don Ghaeltacht isteach i mbliana'