Coimhlint fhíochmhar san ardchathair don dá shuíochán deireanach

Sa tsraith seo caitear súil chun cinn ar thoghcháin Eorpacha na seachtaine seo. Toghlach Bhaile Átha Cliath atá faoi chaibidil inniu againn…

Coimhlint fhíochmhar san ardchathair don dá shuíochán deireanach

Toghcheantar: Baile Átha Cliath

Tá go leor iarrthóirí iomráiteacha ag seasamh san ardchathair, áit a bhfuil suíochán breise ar fáil i mbliana (ar an gcoinníoll go n-imeoidh an Ríocht Aontaithe as Aontas na hEorpa). Ina measc, tá beirt iarAirí Rialtais, iarAire Stáit agus iarcheannaire ar an SDLP. Níl ach duine amháin de na feisirí reatha ag seasamh arís – Lynn Boylan ó Shinn Féin. Naoi gcloigeann déag san iomlán a bheas ag seasamh i mBaile Átha Cliath. 

Tá an dea-scéal agus an drochscéal d’Fhine Gael sna pobalbhreitheanna. Tá gach cosúlacht ar an scéal go sáróidh an t-iarAire Dlí is Cirt, Frances Fitzgerald, an cuóta sa chéad chomhaireamh ach níl ag éirí go rómhaith lena comhghleacaí Mark Durkan, iarcheannaire an SDLP. Cé go gcuirfidh scaipeadh fharasbarr Fitzgerald borradh faoi, drochsheans go mbeidh sé ag tarraingt ar an mBruiséil san Fhómhar. Ní dócha gur ciallmhar an beart é iarrthóir a chur chun cinn a mhaíonn go hoscailte go mbeidh sé ag déanamh ionadaíochta ar thoghcheantar eile – tuaisceart na hÉireann – má thoghtar é.

Níl ach iarrthóir amháin ag Fianna Fáil an iarraidh seo – comhartha ar a laige is atá tacaíocht an pháirtí sa phríomhchathair. Iar-aire stáit leanaí agus iar-phríomhfheidhmeannach ar an gcarthanacht GOAL é Barry Andrews agus tá gach cosúlacht air go bhfaighidh sé an dara suíochán sa toghcheantar seo.

Fágann sé sin go mbeidh dianiomaíocht ann don dá shuíochán deireanach. Tá liosta le háireamh d’iarrthóirí ón aos liobrálach agus go deimhin ón eite i bhfad ar chlé in iomaíocht don vóta céanna agus beidh cuid acu gob ar ghob an bealach ar fad go ceann sprice. 

Ba í Lynn Boylan ó Shinn Féin ba mhó a tharraing caint an uair dheireanach nuair a fuair sí 23% den vóta céad rogha. Ba bheag iomrá a bhí uirthi roimhe sin agus ní bhfuair sí ach cúpla céad vóta nuair a sheas sí sna toghcháin áitiúla i gCiarraí. Tá obair mhór déanta aici ó shin san Eoraip agus in Éirinn agus thuill a cuid oibre ar son Ibrahim Halawa, go háirithe, moladh mór. Ach fearacht gach feisire eile de chuid Shinn Féin beidh laghdú ar a cuid vótaí céad rogha agus ní dócha go mbeidh sé chomh furasta céanna aici a suíochán a choinneáil an iarraidh seo.

Is í an Teachta Dála Clare Daly (Independents4Change) an bhagairt is mó do Boylan. Tá aithne fhorleathan uirthi agus tá tacaíocht láidir aici i dtuaisceart na cathrach go háirithe. Beidh le feiceáil, áfach, an mbeidh vóta na heite fíorchlé chomh tréan is a bhí cúig bliana ó shin, ó tharla deireadh a bheith tagtha leis na beartais déine agus gan agóidí ar nós na dtáillí uisce mar cause célèbre acu a thuilleadh. I ndeireadh ama, is beag a bheas idir an bheirt. Beidh ar Shinn Féin a bheith iontach eagraithe agus a chinntiú go ngríosófar a lucht leanta chun vóta a chaitheamh.

Tá an eite liobrálach plódaithe go maith fosta.

Is mar iarrthóir neamhspleách a bheas iníon Uachtarán na hÉireann, an Seanadóir Alice Mary Higgins, ag seasamh agus bheifeá ag súil go mbainfeadh sí buntáiste as an gclaonadh i dtreo an liobrálachais atá le sonrú sa tír le dornán blianta anuas. Is cuidiú mór é leis go bhfuil an oiread sin gean ag pobal na hardchathrach ar a hathair. Ní dócha, áfach, go mbeidh a dóthain vótaí aici chun suíochán a ghnóthú.

Is cinnte, áfach, go ndéanfaidh sí go leor damáiste do sheansanna Alex White (Páirtí an Lucht Oibre). Is iarrthóir láidir é an t-iar-aire cumarsáide agus léiríonn na pobalbhreitheanna go bhfuil tacaíocht láidir aige. Gheobhaidh sé neart aistriúchán fosta ach seans go mbeidh sé rófhada ón gcuóta tar éis an chéad chomhairimh chun suíochán a fháil.

Tá deis ag iarrthóir Chomhaontas Glas, Ciarán Cuffe, buntáiste a bhaint as an tranglam iarrthóirí ón eite chlé. Ba dhóbair gur bhuaigh ceannaire an pháirtí, Éamon Ryan, suíochán an uair dheireanach agus is minic dea-theist ar na Glasaigh i dtoghcháin na hEorpa.

Cé go mbeidh Cuffe ag tarraingt cuid mhór ón bpota céanna le hiarrthóirí na heite clé, beidh sé ag súil go gcuideoidh an fócas atá ar cheist an athraithe aeráide faoi láthair leis vótaí breise a ghnóthú. Ní mór dó vóta ard céad rogha a fháil agus a chaincín a choinneáil chun cinn ar Alex White agus ar Alice Mary Higgins.

Cé gur iarrthóir láidir é Gary Gannon ó na Daonlathaigh Shóisialacha beidh sé rófhada ar chúl na n-iarrthóirí eile tar éis an chéad chuntais. Beirt iarrthóirí atá ag Solidarity- People Before Profit – Gillian Brien agus Rita Harrold – agus beidh an páirtí sásta go leor a bheith á n-ullmhú don olltoghchán. Níl seans faoin spéir ag Hermann Kelly, bunaitheoir Irexit agus cara le Nigel Farage, ag an ngníomhaire frithdhíbeartha tionóntaí, Ben Gilroy, ná ag an iriseoir Gemma O’Doherty (Neamhspleách) suíochán a bhaint.

Is dócha ná a mhalairt mar sin go mbeidh coimhlint fhíochmhar sa toghcheantar seo don dá shuíochán deireanach.

Tuar: Frances Fitzgerald (Fine Gael), Barry Andrews (Fianna Fáil), Lynn Boylan (Sinn Féin) agus Ciarán Cuffe (Comhaontas Glas)

Fág freagra ar 'Coimhlint fhíochmhar san ardchathair don dá shuíochán deireanach'

  • Gabriel Rosenstock

    Ciallaíonn athrú aeráide go dtiocfaidh ardú ar leibhéal an tsáile, rud a chuirfidh go leor ceantar Gaeltachta – agus an Ghaeltacht is mó sa tír, Baile Átha Cliath, san áireamh – ag snámh in aghaidh easa! Feictear domsa nach bhfuil rogha ar bith againn, thoir, thiar, theas is thuaidh, ach vóta a thabhairt do na Glasaigh agus ár mbeatha féin a chur chun tosaigh ar threibheachas an babhta seo. Ár gceann a choinneáil os cionn an uisce an chéad riachtanas, nach ea? Is féidir tabhairt faoi fhadhbanna eile ina dhiadh sin, cúrsaí tithíochta agus sláinte, an síneadh fada agus mar sin de.

  • Seán Mag Leannáin

    N’fheadar an fíor é go bhfuil muid faoi bhagairt ag an athrú aeráide agus an téamh domhanda dá bharr (más fíor). Tá tréithe an reiligiúin (reiligiún na ré tuata seo ina mairimid) ag baint leis an gcreideamh seo in athrú aeráide. Daoine nach gcreideann ann cuirtear ina leith gur séantóirí, nó eiriceacha de shaghas éicint, iad. Tá gnéithe den mhílaoiseachas (millenarianism) ag baint leis freisin. Níl dabht ar bith ná go bhfuil fadhb ollmhór sa domhan a bhaineann le truailliú agus salachar a ghineann an cine daonna sa saol nua-aimseartha. Is fíor freisin go bhfuil fadhb ollmhór a bhaineann le mícothromaíocht acmhainní idir an taobh seo den domhan a bhuil muidne ann agus an Triú Domhan. Go minic measctar suas na fadhbanna seo le chéile faoin gcoincheap athrú aeráide agus b’fhéidir gur lipéad áisiúil é chun áiteamh ar dhaoine a ndrochnósanna a athrú (beag seans). Níl na heolaithe ar fad ar aon tuairim faoin athrú aeráide. Tá aithne phearsanta agam ar eolaí amháin (réaltfhisiceoir céimiúil) agus deir seisean gur mó seans go mbeidh muid faoi bhagairt ag an gcéad oighearaois eile ná an téamh domhanda! Agus gur mó i bhfad go mbeidh muid faoi bhagairt ag an gcéad ollchogadh eile idir na cumhachtaí móra domhanda.