CLUASTUISCINT: Dhá Bhliain ó Chíréib an 6 Eanáir, Níl an Daonlathas Tagtha Chuige Féin go Fóill i SAM

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Céard a tharla dhá bhliain ó shin?
  • Cén léargas a thug próiseas ceapacháin an Cheann Comhairle dúinn?
  • Céard atá ráite ag an Uachtarán Biden faoin ionsaí ar an Capitol?
  • Céard a chreideann go leor daoine?
  • Cén fáth a luaitear an figiúr 140.
  • Cén fáth a luaitear an focal “soineantacht”?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
    • bheidh le rá ag Níl aon sonraí méid a an Uachtarán breise tugtha faoin Biden.  

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá abairt dheireanacha arís.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha agus d’ainmfhocal san iolra.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déanaigí iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
  1. an coiste go gcuirfí ceithre chúis choiriúil in aghaidh Donald Trump as lucht an fhoréigin a ghríosú.
  2. Go dtí seo níl fógartha ach ag iarrthóir amháin go mbeidh sé san iomaíocht – Donald Trump.
  3. Ar ndóigh is iarracht a chinntiú nach ndearbhófaí eisean mar Uachtarán tar éis an toghcháin in 2020 a spreag an chíréib
  4. dhá bhliain ó shin. Tá an feachtas le toradh an toghcháin sin a chur ar neamhní fós ag déanamh imní do chuid de lucht
  5. leanúna Donald Trump agus fós ina ábhar imní ag iliomad fiosrúchán coiriúil. Tá muid ag fanacht le freagra freisin ó
  6. Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe faoi mholtaí an choiste Comhdhála faoi eachtraí Eanáir 6 2020. Mhol
  7. Bliain ón am seo cuirfear tús le séasúr na réamhthoghchán don chéad toghchán uachtaránachta eile.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Dhá Bhliain ó Chíréib an 6 Eanáir, Níl an Daonlathas Tagtha Chuige Féin go Fóill i SAM'