Dhá bhliain ó chíréib an 6 Eanáir, níl an daonlathas tagtha chuige féin go fóill i SAM

Ceal athruithe de shaghas éigin tá corraíl go leor i ndán do Stáit Aontaithe Mheiriceá go ceann tréimhse eile

Dhá bhliain ó chíréib an 6 Eanáir, níl an daonlathas tagtha chuige féin go fóill i SAM

Dhá bhliain agus an lá inniu a tharla an chíréib ag an gCaipeatól in Washington D.C. Ní raibh saol na polaitíochta sna Stáit Aontaithe mar an gcéanna riamh ó shin agus ar chaoi éigin ní féidir a shamhlú go mbeidh. Ba léargas an gheamaireacht nua an tseachtain seo agus Ceann Comhairle le ceapadh ar thithe na Comhdhála ar an deighilt, ní hamháin idir na páirtithe, ach taobh istigh de na páirtithe féin.

Le dhá bhliain anuas, níl mórán ráite ag an Uachtarán Biden faoi imeachtaí an lae sin. Déanann sé trácht go rialta ar an mbagairt don daonlathas sna Stáit Aontaithe ach ní gnách leis an t-ionsaí ar thithe na Comhdhála a lua go sonrach ná ainm an Uachtaráin Trump a lua. Ar ndóigh creideann go leor gur ghríosaigh an tUachtarán Trump an chíréib an lá úd agus go bhfuil freagracht choiriúil air as an méid a tharla. Maraíodh cúigear, póilín ina measc, mar thoradh ar chíréib Eanáir 6. Gortaíodh 140 póilín le linn na heachtra. Rinneadh luach na milliún dollar dochair in Washington DC an lá sin. Níos measa ná sin tá soineantacht éigin a bhain le polaitíocht na Stát Aontaithe agus muinín an phobail ansin as foirfeacht an daonlathais sa tír scriosta go deo.

Dá bharr sin ar fad cuirfear suim ar leith inniu sa searmanas san East Room sa Teach Bán atá á eagrú chun labhairt faoi na heachtraí in Washington cothrom an lae seo dhá bhliain ó shin.

Níl aon sonraí breise tugtha faoin méid a bheidh le rá ag an Uachtarán Biden.

Ar ndóigh is iarracht a chinntiú nach ndearbhófaí eisean mar Uachtarán tar éis an toghcháin in 2020 a spreag an chíréib dhá bhliain ó shin. Tá an feachtas le toradh an toghcháin sin a chur ar neamhní fós ag déanamh imní do chuid de lucht leanúna Donald Trump agus fós ina ábhar imní ag iliomad fiosrúchán coiriúil. Tá muid ag fanacht le freagra freisin ó Roinn Dlí agus Cirt na Stát Aontaithe faoi mholtaí an choiste Comhdhála faoi eachtraí Eanáir 6 2020. Mhol an coiste go gcuirfí ceithre chúis choiriúil in aghaidh Donald Trump as lucht an fhoréigin a ghríosú.

Bliain ón am seo cuirfear tús le séasúr na réamhthoghchán don chéad toghchán uachtaránachta eile. Go dtí seo níl fógartha ach ag iarrthóir amháin go mbeidh sé san iomaíocht – Donald Trump. Tá muid ag fanacht le fógra ón Uachtarán Biden go fóill cé acu an mbeidh seisean ag cur a ainm chun cinn in athuair. Níl amhras ar bith ach gurbh é leas na polaitíochta, ní hamháin i Meiriceá ach sa domhan ar fad, nach mbeadh an bheirt seo ag coimhlint lena chéile arís. An bhfuil roghanna eile ag teacht chun cinn? Léiríonn na deacrachtaí sa gComhdháil an tseachtain seo tús a chur lena gcuid oibre go bhfuil fadhbanna le sárú ag an bpáirtí Poblachtach a fuair móramh sa Teach, más ar éigean féin é, mí na Samhna seo caite.

Ní le gean ar Joe Biden ná a rialtas atá cuid de phobal na Stát Aontaithe ag cúlú ó na Poblachtaigh mar a rinne siad sna toghchán lár téarma. Tá an imní faoina bhfaca siad i bpríomhchathair na tíre dhá bhliain is an lá inniu ar cheann de na cúiseanna is mó. Feictear do sciar mór den phobal nach bhfuil an bhagairt ar an gcóras daonlathach ruaigthe go fóill. An mbeidh Joe Biden ag iarraidh an pobal a chur ar a suaimhneas inniu nó an dtabharfaidh sé le fios go bhfuil tús nua i bpolaitíocht na Stát Aontaithe i ndán dúinn?

Ceal athruithe de shaghas éigin tá corraíl go leor i ndán don tír is cumhachtaí ar domhan go ceann tréimhse eile.

Fág freagra ar 'Dhá bhliain ó chíréib an 6 Eanáir, níl an daonlathas tagtha chuige féin go fóill i SAM'