Gníomhaíocht 1 – Réamheolas
- Ar ball beidh tú ag éisteacht le mír faoi thuras a dhein Dara Ó Cinnéide go Meiriceá. Seo thíos an teideal agus pictiúr. Cad a bheidh ann dar leat?
- Teideal: ‘Leabhar a fuaireas i skip a thug ar thuras mé ón Daingean go dtí Oklahoma.’

Gníomhaíocht 2 – An Chéad Éisteacht

- Éist leis an mír ina hiomláine uair amháin.
- Déan iarracht príomhphointe an téacs a roinnt le do pháirtí ó bhéal.
Gníomhaíocht 3 – An Dara agus Tríú hÉisteacht

- Céard is breá le muintir Chorca Dhuibhne a dhéanamh?
- Cé chomh fada is atá an t-údar ag obair do Raidió na Gaeltachta?
- Seo an chéad líne arís: “Pé tréith í sin a bhaineann linne i gCorca Dhuibhne, is deacair dúinn éalú ónár ndúchas agus ónár n-oidhreacht agus, i ndáiríre, ní mian le scata againn a leithéid a dhéanamh ar aon nós.” Cén bhrí a bhaineann tú as sin?
- Cén fáth a luaitear Port Láirge?
- Cad is brí leis an nath “mar fhear caide”.
- Cad deirtear faoi Paddy Foley?
- Seo an líne dheireanach. An bhfuil tú in ann í scríobh amach san ord ceart?
leabhar ar mo cheantar dúchais féin i gCorca Dhuibhne.
bhí i gceist anseo, go raibh stíl aoibhinn
scríbhneoireachta aige agus níos tábhachtaí fós,
go raibh grinnchuntas á thabhairt aige sa
ar saoire dom go gairid tar éis dom é a
Ag léamh an leabhair
aimsiú agus a shábháil ón skip, tuigeadh
go paiteanta dom gur Patrick Foley eile ar fad a
Gníomhaíocht 4 – Deachtóireacht
- Éist leis na chéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. Ina mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 5 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an gcéad líne arís. Aimsigh focal baininscneach agus focal firinscneach.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 6 – Cur in ord
- Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil sé san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- fé réimeas an tSasanaigh. Níos mó
- na bailte fearainn ar a shleasa thuaidh, thoir, thiar agus theas agus bhí éachtaintí, leis,
- ná babhta amháin, mhothófá go raibh tuairimí polaitiúla
- ar stairsheanchas agus seandálaíocht na leithinse trí chéile.
- Bhí cur síos ar achrann creidimh, ar shuaitheadh polaitiúil agus ar an síorchruatan a bhí i ndán don nGael
- agus dearcadh ar leith i leith na heaglaise agus na n-údarás á nochtadh ag an údar.
- Bhí ana-éachtaint le fáil sa leabhar ar Chnoc Bréanainn agus
Gníomhaíocht 7 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan iomlán don scéal.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíocht 6.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Leabhar a fuaireas i skip a thug ar thuras mé ón Daingean go dtí Oklahoma'